Logo YouVersion
Ikona vyhledávání

Na Sailm 51

51
Salm 51.
Miserere mei, Deus.
1Bí trócaireaċ dom, a Ḋia, de réir do ṁórṁaiṫeasa: de réir méid do ṫrócaire, scrios amaċ mo ċionta.
2Niġ mé ar fad óm urċóid: agus glan mo ṗeaca díom.
3Óir adṁaím mo loċta: agus bíonn mo ṗeaca de ṡíor os mo ċoinne.
4Is i dʼaġaiḋse aṁáin a ṗeacaiġ mé, agus a rinne mé an ní is olc i do ṡúile: ar ṁoḋ go mbʼḟíréanta do ḃriaṫar, agus naċ mbeaḋ smúid ar do ḃreiṫiúnas.
5Féaċ, is in urċóid a dealḃaíoḋ mé: is i bpeaca a ġaḃ mo ṁáṫair ina broinn mé.
6Aċ naċ n‑iarrann tú an ḟírinne sa ċroí istiġ: agus naċ múinfiḋ tú eagna dom os íseal!
7Sciúrfaiḋ tú le niosóp mé, agus is glan a ḃeas mé: nífiḋ tú mé, agus beiḋ mé níos gile ná an sneaċta.
8Cuirfiḋ tú dea‑scéal áṫais agus lúċáire ċugam: ionas go mbeiḋ gairdeas ar na cnáṁa atá briste agat.
9Tiontaiġ do ġnúis ó mo ṗeacaí: agus scrios amaċ mo ṁíġníoṁarṫa uile.
10Cruṫaiġ croí glan ionam, a Ḋia: agus cuir sprid ċeart ionam as an nua.
11Ná díbir ó do láṫair mé: agus ná tóg do naoṁspiorad uaim.
12Taḃair do ċaḃair arís mar ṡólás dom: agus neartaiġ le do spiorad saor mé.
13Múinfiḋ mé do ṡlite do luċt an oilc agus iompófar na peacaiġ ċugat.
14Fuascail mé ó ċoir na fola, a Ḋia, ós tú Dia mo ṡlánaiṫe: agus canfaiḋ mo ṫeanga dʼḟíréantaċt.
15Osclóiḋ tú mo ḃeola, a Ṫiarna: agus foilseoiḋ mo ḃéal do ṁolaḋsa.
16Óir ní iarrann tú aon tsaicrifís, dá n‑iarrtá ṫaḃarfainn duit í: aċ ní ḃíonn dúil agat in íobairtí loiscṫe.
17Sprid ḃuarṫa is ea íobairt Dé: croí briste coṁḃrúite, a Ḋia, ní beag do ḃeann air.
18Bí caradaċ fialṁar le Síón déan ballaí Iarúsalem a ṫógáil.
19Is san uair sin a ġlacfaiḋ tú go fonnṁar le híobairtí na fíréantaċta, idir íobairtí loiscṫe agus toirḃirtí: agus san uair sin beiḋ na daiṁ óga á n‑ofráil ar dʼaltóir.

Právě zvoleno:

Na Sailm 51: OC1965G

Zvýraznění

Kopírovat

Porovnat

Sdílet

None

Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas