Logo YouVersion
Eicon Chwilio

Maitiú 9

9
CAIBIDIOL IX.
Duine gan lúṫ a ġéag dá leiġeas ag Críost. Maitiú d’á ġlaoḋaċ ċuige. An galar fola dá leiġeas. Inġean Iaíruis á tógaint ón mbás aige. Raḋarc á ṫaḃairt aige do ḃeirt dall. Agus duine balḃ, go raiḃ deaṁan ann, d’á leiġeas aige.
1Agus ċuaiḋ sé ar bórd na luinge bige, agus ṫáinig sé ṫar uisge isteaċ ’n-a ċaṫair féin. 2Agus féaċ, do ṫugadar ag triall air, sínte ar ṫoċt, fear a ḃí gan lúṫ. Agus nuair a ċonaic Íosa an creideaṁ a ḃí acu duḃairt sé leis an ḃfear gan lúṫ: Glac misneaċ, a ṁic, táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit. 3Agus féaċ, duḃairt cuid des na sgríḃneóiríḃ, ’n-a n-aigne féin: Tá diaṁaslaḋ ag an ḃfear so d’á ḋéanaṁ. 4Agus ó ċonaic Íosa na smuínte a ḃí acu, duḃairt sé: Cad ċuige ḋaoiḃ na droċ-smuínte ḃeiṫ i nḃúr gcroiḋṫiḃ agaiḃ? 5Cé ’cu is usa a ráḋ, Tá do ṗeacaí maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Eiriġ agus siúḃluiġ? 6Aċ ionus go mbeaḋ ḟios agaiḃ go ḃfuil ag Mac an Duine cóṁaċt ar an dtalaṁ so ċun peacaí a ṁaiṫeaṁ (duḃairt sé leis an ḃfear a ḃí gan lúṫ) Eiriġ-se, agus tóg suas do leabaiḋ, agus imṫiġ ċun do ṫiġe féin. 7Agus d’eiriġ sé, agus d’imṫiġ sé ċun a ṫiġe féin. 8Agus ṫáinig eagla ar an sluaġ nuair a ċonacadar an níḋ sin, agus do ṁoladar Dia a ṫug a leiṫéid sin de ċóṁaċt do ḋaoiniḃ.
9 # Marc. 2:14; Lúc. 5:27. Agus nuair a ḋ’imṫiġ Íosa ó’n áit sin ċonaic sé duine dár ḃ’ainim Maitiú ’n-a ṡuiḋe i n-áit an ċusduim, agus duḃairt sé leis: Lean mise. Agus d’eiriġ sé agus do lean sé é.
10Agus do ṫárla, agus é ag suiḋe ċun bíḋ sa tiġ, go dtáinig a lán puibliocánaċ agus a lán peacaċ agus gur ṡuiḋeadar i ḃfoċair Íosa agus a ḋeisgiobul. 11Nuair a ċonaic na Fairisíniġ an níḋ sin duḃradar le na ḋeisgiobuil: Cad ċuige go n-iṫeann ḃúr máiġistir bia i ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ? 12Aċ d’airiġ Íosa an focal, agus duḃairt sé: Ní h-ag daoine slána atá gáḋ le liaiġ aċ ag daoine breóite. 13Imṫiġiḋ agus foġlumuiġiḋ a ḃríġ siúd: #Ósee 6:6.Trócaire is toil liom, agus ní h-íḋbirt. Óir ní ċun na ḃfíoraon do ġlaoḋaċ a ṫánag, aċ ċun na bpeacaċ do ġlaoḋaċ.
14Ansan do ṫáinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus duḃradar: Cad ċuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisíniġ trosgaḋ go minic agus ná deinid do ḋeisgiobuil-se trosgaḋ? 15Agus duḃairt Íosa leó: An féidir do ċlainn an Ċéile ḃeiṫ duairc an ḟaid atá an Céile ’n-a ḃfoċair? Aċ tiocfaiḋ an t-am i n-a dtógfar uaṫa an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgaḋ.#9:15 Ver. 15. An féidir do ċlainn an Ċéile — Nós cainte Eaḃraċ é sin, agus cialluíġeann sé “cáirde an Ċéile,” nú “luċt aiṫne an Ċéile.” 16Ní ċuireann aoinne preabán d’éadaċ nua ar ṡeana-ḃalcais éadaiġ; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaiġ, agus bíonn an stracaḋ níosa ṁeasa. 17Ná ní curtar fíon nua i sean’-árṫaíḃ leaṫair; nó má deintear bristear na h-árṫaí agus doirtear an fíon, agus imṫiġid na h-árṫaí gan tairḃe. Aċ curtar an fíon nua i n-árṫaíḃ nua agus coimeádtar iad araon.
18An ḟaid a ḃí sé ag ráḋ na cainte sin leó, féaċ ṫáinig priúnsa áiriġṫe ċuige, agus do ṡléaċt sé ḋó, agus duḃairt sé: A Ṫiġearna, do fuair m’inġean bás anois; aċ tar agus cuir do láṁ uirṫi, agus beiḋ sí beó. 19Agus d’eiriġ Íosa agus do lean sé é, mar aon le n-a ḋeisgiobulaiḃ.
20Agus féaċ, ṫáinig lastiar dé bean a ḃí ag taḃairt a cod’ fola ar feaḋ ḋá ḃliain déag, agus ċuir sí a lám ar ḟaḃra a ḃrait. 21Mar, duḃairt sí ’n-a h-aigne féin, Mura ndeinead aċ baint le n-a ḃrat beiḋ mé slán. 22D’iompuiġ Íosa, áṁṫaċ, agus ċonaic sé í, agus duḃairt sé: Glac misneaċ, a ’ġnín ó; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu. Agus ḃí an ḃean leiġiste ó’n uair sin amaċ.
23Agus nuair a ṫáinig Íosa ċun tiġe an ṗriúnsa, agus nuair a ċonaic sé na ceóltóirí agus #9:23 B’é sin nós na tíre sin.an tsluaġ ag déanaṁ foṫraim, 24Duḃairt sé leó: Druidiḋ siar; ní marḃ atá an cailín, aċ ’n-a codlaḋ. Agus ḃíodar ag fonaṁaid uime. 25Agus nuair a cuireaḋ na daoine amaċ, do ċuaiḋ sé isteaċ, agus do rug sé ar láiṁ uirṫi. Agus d’eiriġ an cailín. 26Agus do leaṫ an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir.
27Agus nuair a ḃí Íosa ag imṫeaċt as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúiriġ, agus deiridís, Dein trócaire orainne a #9:27 Ṁic Dáiḃid .i. ainim na n-Iúdaċ ar an Slánuiġṫeóir a ḃí le teaċt.Ṁic Dáiḃid. 28Agus nuair a ṫáinig sé ċun an tiġe ṫáinig na daill ċuige. Agus duḃairt Íosa leó: An gcreideann siḃ gur féidir dom an níḋ seo a ḋéanaṁ daoiḃ? Duḃradar leis: Creidimíd, a Ṫiġearna. 29Ansan do ċuir sé a láṁ ar a súiliḃ, agus duḃairt sé: Deintear liḃ do réir ḃúr gcreidiṁ. 30Agus do h-osgalaḋ a súile, agus ṫug Íosa foláraṁ dóiḃ: Tugaiḋ aire, ar seisean, ná beiḋ a ḟios san ag aoinne. 31Aċ nuair a ċuadar-san amaċ, do leaṫadar a ċlú ar fuid na tíre sin go léir.
32Agus tar éis dul amaċ dóiḃ, do tugaḋ ċuige duine a ḃí balḃ, agus ḃí deaṁan ann. 33Agus nuair a cuireaḋ amaċ an deaṁan do laḃair an duine balḃ; agus ḃí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacaṫas a leiṫéid sin riaṁ i n-Israél. 34Aċ deireaḋ na Fairisíniġ: Is le cóṁaċt rí na ndeaṁan a ċuireann sé amaċ na deaṁain.
35Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal, ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta. 36Agus ċonaic sé na sluaiġte daoine agus ṫáinig truaġ aige ḋóiḃ, mar go raḃadar go mí-áḋḃaraċ, caiṫte mar ḃeaḋ caoire gan aoḋaire. 37Ansan duḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ: Tá an fóġṁar mór aċ tá an luċt oibre suaraċ. 38Iarraiḋ, d’á ḃríġ sin, ar an dTiġearna gur leis an fóġṁar, luċt oibre do ċur ag baint an ḟóġṁair dó.

Dewis Presennol:

Maitiú 9: ABNPOLG

Uwcholeuo

Rhanna

Copi

None

Eisiau i'th uchafbwyntiau gael eu cadw ar draws dy holl ddyfeisiau? Cofrestra neu mewngofnoda