Maitiú 6

6
Caibidil VI
An tseanmóir ar an tsliaḃ ar leanaṁaint.
1Taḃairigiḋ aire gan ḃur ḃfíréantaċt#6, 1 Ḃur ḃfíréantaċt. Oibreaċa na fíréantaċta, i.e. troscaḋ, urnaiġe, agus déirc: agus ba ċóir iad sin a ḋéanaṁ ní ċun go ḃfeicṫí iad, nó ċun daoine a ṡásaṁ, aċt ċun Dia a ṡásaṁ. a ḋéanaṁ ós cóṁair daoine d’ḟonn go ḃfeiceaḋ siad siḃ: nó ní ḃéiḋ luaċ saoṫair agaiḃ ó ḃur n-Aṫair atá ar neaṁ.
2Ar an aḋḃar sin, nuair a ġní tú déirc, ná cuir aḋarc a séideaḋ róṁat, mar ġní na bréagċráiḃṫiġ ins na sineagóga agus ar na sráideaċa, ċun go ḃfaġaḋ siad onóir ó ḋaoine. Amén adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáiġte acu.
3Aċt nuair a ġní tusa déirc, ná bíoḋ a ḟios ag do láiṁ ċlí cad é ḃíos dá ḋéanaṁ ag do láiṁ ḋeis:
4Ionnas go raiḃ do ḋéirc i ḃfolaċ, agus d’Aṫair atċí a ḃfuil i ḃfolaċ, cúiteoċaiḋ sé leat í.
5Agus nuair a ġní siḃ urnaiġe, ná bígiḋ mar na bréagċráiḃṫiġ, ar maiṫ, leo urnaiġe a ḋéanaṁ ina seasaṁ ins na sineagóga agus ag coirnéil na sráid ċun go ḃfeiceaḋ daoine iad. Amén adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáiġte acu.
6Aċt nuair a ḋéanfas tusa urnaiġe, gab isteaċ i do ṡeomra, druid an doras, agus i ḃfolaċ guiḋ ḋ’Aṫair, agus d’Aṫair atċí a ḃfuil i ḃfolaċ, cúiteoċaiḋ sé leat í.
7Agus ag guiḋe díḃ, ná déanaigiḋ mórán cainnte, mar ġní na págánaiġ: óir síleann siad-san gur as méid a gcuid cainnte a éistfear leo.
8Dá ḃríġ sin, ná bígiḋ cosaṁail leoḃṫa-san. Óir tá a ḟios ag bur n-Aṫair cad é ḃíos do ḋíṫ oraiḃ, sul a n-iarraiḋ siḃ air é.
9Is mar seo, dá ḃríġ sin, a ḋéanfas siḃ urnaiġe:#Lúc. 11, 2. Ár n-Aṫair, atá ar neaṁ, go naoṁṫar d’ainm.
10Go dtigiḋ do ríoġaċt. Go ndéantar do ṫoil ar an talaṁ mar ġníṫear ar neaṁ.
11Ár n-arán sár-ṡubstainteaċ#6, 11 Arán sár-ṡubstainteaċ. Arán laeṫeaṁail atá ag N. Lúcas. Tuigtear go gcialluiġeann sé arán na beaṫa a ġeiḃmíd san tSacramaint Ró-Naoṁṫa. taḃair dúinn indiu.
12Agus maiṫ dúinn ár ḃfiaċa, mar a ṁaiṫimíd-inne dár ḃfiaċaṁnaiḃ féin.
13Agus ná leig sinn i gcaṫuġaḋ#6, 13 Ná leig sinn i gcaṫuġaḋ. Is é sin le ráḋ, ná leig do’n ċaṫuġaḋ buaiḋ d’ḟaġáil orainn., aċt saor sinn ó ole. Amén.
14Óir má ṁaiṫeann siḃ-se a gcionntaí do ḋaoine,#Eccl. 28, 3-5; Marc. 11, 25. maiṫfiḋ ḃur n-Aṫair neaṁḋa ḃur gcionntaí díḃ-se fosta.
15Aċt muna maiṫiḋ siḃ-se do ḋaoine, ní ṁaiṫfiḋ ḃur n-Aṫair ḃur bpeacaiḋe díḃ-se.
16Agus nuair a ġní siḃ troscaḋ, ná bígiḋ gruamḋa ar nós na mbréagċráiḃṫeaċ: óir dorċuiġeann siad-san a n-aiġṫe, ċun go mba léir do ḋaoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ troscaiḋ. Amén adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáiġte acu.
17Aċt nuair a ġní tusa troscaḋ, cuir ola ar do ċionn, agus niġ d’aġaiḋ:
18Ċun naċ ḃfeicṫear do ḋaoine, aċt do d’Aṫair atá i ḃfolaċ, ṫú a ḃeiṫ ag déanaṁ troscaiḋ; agus d’Aṫair, atċí a ḃfuil i ḃfolaċ, cúiteoċaiḋ sé leat é.
19Ná taiscigiḋ sṫór díḃ ḟéin ar an talaṁ, mar a n-iṫeann an ṁeirg agus an léaḋmán, agus mar a dtoċlann agus a ngoideann gadaiḋṫe.
20Aċt taiscigiḋ stór díḃ féin ar neaṁ,#Lúc. 12, 33; 1 Tim. 6, 19. mar naċ n-iṫeann an ṁeirg ná an léaḋmán, agus mar naċ dtoċlann aguṡ naċ ngoideann gadaiḋṫe.
21Óir mar a mbíonn do stór, is ann a ḃíos do ċroiḋe fosta.
22Is i do ṡúil solus do ċuirp.#Lúc. 11, 24. Má ḃíonn do ṡúil glan, béiḋ do ċorp uilig soillseaċ.
23Aċt má ḃíonn do ṡúil olc, béiḋ do ċorp uilig dorċa. Dá ḃríġ sin, má’s dorċadas an solus a ḃíos ionnat, cad é méid an dorċadais féin?
24Ní ṫig le h-aoinneaċ seirḃís a ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir:#Lúc. 16, 13. óir béiḋ ḟuaṫ aige ar duine acu, agus gráḋ aige do’n duine eile: nó cuirfiḋ sé suas le duine acu, agus béiḋ díṁeas aige ar an duine eile. Ní ṫig liḃ seirḃís a ḋéanaṁ do Ḋia agus do Ṁammon#6, 24 Ṁammon. Saiḋḃreas, nó suim i neiṫe saoġalta..
25Ar an aḋḃar sin, deirim liḃ, ná bíoḋ cúram oraiḃ#Sailm 54, 23; Lúc. 12, 22; Pilip. 4, 6; 1 Tim. 6, 7; 1 Pead. 5, 7. fá ḃur mbeaṫa, cad é a íosas siḃ, ná fá ḃur gcorp, cad é a ċuirfeas siḃ oraiḃ. Naċ mó an t-anam ná an biaḋ, agus an corp ná an t-éadaċ?
26Dearcaigiḋ ar éanaċa an aeir, óir ní ċuireann siad, ná ní ḃameann siad, ná ní ċruinniġeann siad isteaċ i sciobóil: agus beaṫuiġeann ḃur n-Aṫair neaṁḋa iad. Naċ mó go mór is fiú siḃ-se ná iad-san?
27Agus cé agaiḃ, le meaḃruġaḋ, a dtig leis aon ḃannláṁ aṁáin a ċur le n-a áirde?
28Agus cad ċuige a mbíonn éadaċ ag déanaṁ cúraim díḃ? Taḃairigiḋ fá dear mar a ḟásas lilí na míne: ní ṡaoṫruġeann siad, ná ní ṡníoṁann siad.
29Aċt deirim liḃ naċ raiḃ Salomon féin i n-iomlán a ġlóire cóiriġṫe mar ċionn acu sin.
30Agus má ċóiriġeann Dia mar seo féar an ġuirt atá ann indiu, agus a ċaiṫfear isteaċ san oiġeann i mbáraċ: naċ mó ná sin a ḋéanfas sé díḃ-se, a luċt an ċreroiṁ ḃig?
31Dá ḃríġ sin, ná bíoḋ cúram oraiḃ, agus siḃ ag ráḋ: Cad é íosas sinn, nó cad é ólḟas sinn, nó cad é ċuirfeas sinn orainn?
32Óir is iad seo uilig na neiṫe a iarras na págánaiġ. Óir tá a ḟios ag ḃur n-Aṫair go ḃḟuil na neiṫe sin uilig do ḋíṫ oraiḃ.
33Ar an aḋḃar sin, iarraigiḋ ar dtús ríoġaċt Dé, agus a ḟíréanaċt: agus ḃéarḟar díḃ, le n-a ċois sin, na neiṫe seo uilig.
34Ná bíoḋ cúram oraiḃ, dá ḃríġ sin, fá’n lá i mbáraċ: óir béiḋ a ċúram féin ar an lá i mbáraċ: Ní beag do’n lá a ċuid féin de’n olc.

Zur Zeit ausgewählt:

Maitiú 6: ASN1943G

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.