Agus nuair a ġní siḃ troscaḋ, ná bígiḋ gruamḋa ar nós na mbréagċráiḃṫeaċ: óir dorċuiġeann siad-san a n-aiġṫe, ċun go mba léir do ḋaoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ troscaiḋ. Amén adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáiġte acu.
Aċt nuair a ġní tusa troscaḋ, cuir ola ar do ċionn, agus niġ d’aġaiḋ:
Ċun naċ ḃfeicṫear do ḋaoine, aċt do d’Aṫair atá i ḃfolaċ, ṫú a ḃeiṫ ag déanaṁ troscaiḋ; agus d’Aṫair, atċí a ḃfuil i ḃfolaċ, cúiteoċaiḋ sé leat é.