Marcus 1
1
Caibidil I
Seanmóireaċt Eoin Baiste. Críost dá ḃaisteaḋ ag Eoin. Goireann Íosa a ḋeisciobail ċuige, agus ġní sé mórán míorḃailte.
1Toiseaċ Ṡoiscéal Íosa Críost, Mac Dé.
2Mar atá scríoḃṫa i n-Isaias, fáiḋ:#Mal. 3, 1. Féaċ, cuirim mʼaingeal róṁat le do ṡliġe dʼullṁuġaḋ róṁat.
3Guṫ duine ag glaoḋaċ san ḟásaċ:#Isaias 40, 3; Mait. 3, 2; Lúc. 3, 4; Eoin 1, 23. Ullṁuiġigiḋ sliġe an Tiġearna; déanaigiḋ díreaċ a ċasáin.
4Ḃí Eoin san ḟásaċ ag baisteaḋ agus ag fuagraḋ baisteaḋ aiṫriġe ċun maiṫeaṁnas peacaiḋe.
5Agus ċuaiḋ ceanntar Iudaia go h-uile agus muinntir Ierusalem go h-uile amaċ ċuige, agus baisteaḋ leis iad i n-aḃainn na n-lordáine,#Mait. 3, 5. agus iad ag adṁáil a bpeacaiḋe.
6Agus fionnaḋ camaill a ḃí mar éadaċ ar Eoin, agus crios leaṫair fá n-a ċoim;#Mait. 3, 4. agus dʼiṫeaḋ sé lócuistí agus mil ḟiaḋain;#Leiḃ. 11, 22. agus ġníoḋ sé seanmóireaċt, ag ráḋ:
7Tá neaċ níos treise ná mise#Mait. 3, 11; Lúc. 3, 16; Eoin 1, 27. ag teaċt mo ḋiaiḋ, naċ fiú mé go gcromfainn agus iall a ḃróg a scaoileaḋ.
8Ḃaist mise siḃ le h-uisce, aċt baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ.#Gníoṁ. 1, 5; Gníoṁ. 2, 4; Gníoṁ. 11, 16; Gníoṁ. 19, 4.
9Agus ṫárla, ins na laeṫe sin, go dtáinic Íosa ó Nasair na Gailile, agus ḃaist Eoin é san Iordáin.
10Agus ar ḋul suas ar an ḃall dó as an uisce, ċonnaic sé na flaiṫis foscailte, agus an Spiorad ag tuirling mar ċolmán#Lúc. 3, 22; Eoin 1, 32. agus ag cóṁnuġaḋ air.
11Agus ṫárla guṫ as na flaiṫis: Is tú mo Ṁac múirneaċ; is ionnat atá mo ṁór-ṫaitneaṁ.
12Agus ar an ḃall ṫiomáin an Spiorad amaċ san ḟásaċ é.#Mait. 4, 1; Lúc. 4, 1.
13Agus ḃí sé ḋá ḟiċid lá agus ḋá ḟiċid oiḋċe san ḟásaċ, agus ḃí Satan ag cur caṫuiġṫe air, agus ḃí sé imeasc na mbeiṫiḋeaċ allta, agus ḃí na h-aingle ag ḟreastal air.
14Agus i ndiaiḋ Eoin a ḃeiṫ curṫa i bpríosún,#Mait. 4, 12; Lúc. 4, 14; Eoin 4, 43. ṫáinic Íosa ċun na Gailile ag fuagraḋ soiscéal ríoġaċt Dé,
15Agus ag ráḋ: Tá an aimsir cóiṁlíonta, agus ṫáinic ríoġaċt Dé dár gcóṁair; déanaigiḋ aiṫriġe, agus creidigiḋ san tsoiscéal.
16Agus ag dul ṫart cois ṁuir na Gailile dó, ċonnaic sé Síomon agus Aindrias, a ḋearḃráṫair,#Mait. 4, 18; Lúc. 5, 2. ag cur eangaċ san ḟairrge (óir ba iascairí iad),
17Agus duḃairt Íosa leo: leanaigiḋ mise, agus ḋéanfaiḋ mé lascairí ar ḋaoine díḃ.
18Agus ar an ḃomaite dʼḟág siad a n-eangaċa agus lean siad é.
19Agus ar ḋul giota beag as sin dó, ċonnaic sé Séamus, mac Ṡebede, agus Eoin, a ḋearḃráṫair, agus iad ag cóiriuġaḋ a n-eangaċ san luing.
20Agus ġoir sé orṫa láiṫreaċ, agus ar ḟágáil a n-aṫar, Sebede, dóiḃ san luing leis an luċt fostóiḋ, lean siad é.
21Agus téiġeann siad isteaċ go Caṗarnaum:#Mait. 4, 13; Lúc. 4, 31. agus gan ṁoill ag dul isteaċ san tsineagóig laeṫe na sabóide dó, ḃeireaḋ sé teagasc dóiḃ.
22Agus ḃíoḋ iongantas orṫa fá n-a ṫeagasc, óir ḃí sé ġá dteagasc mar neaċ a mbéaḋ uġdarás aige, agus níorḃ ionann agus na Scríoḃaiḋṫe.#Mait. 7, 28; Lúc. 4, 32.
23Agus ḃí ina sineagóig duine a raiḃ spiorad neaṁġlan#Lúc. 4, 33. ann, agus ḃéic sé,
24Ag ráḋ: Caḋ é an ḃaint atá againne agus agat-sa le ċéile, a Íosa as Nasair? An dtáinic tú le sinn a ṁilleaḋ? Tá a ḟios againn cé ṫú, Neaċ Naoṁṫa Dé.
25Agus ḃagair Íosa air, ag ráḋ: Bí do ṫost, agus amaċ leat as an duine.
26Agus réab an Spiorad neaṁġlan é, agus ag aiṫḃéiciġ dó de ġuṫ árd, ċuaiḋ sé amaċ as.
27Agus ġaḃ iongantas an t-iomlán, ionnas gur ṫoisiġ siad a ḟiafruiġe eatorṫa féin, ag ráḋ: Cad é seo? Cad é an teagasc nua é seo? Óir smaċtann sé na spioraid neaṁġlana féin le cuṁaċt, agus géilleann siad dó.
28Agus ċuaiḋ a iomráḋ láiṫreaċ fríd ċeanntar na Gailile go h-iomlán.
29Agus ar ṫeaċt amaċ gan ṁoill dóiḃ as an tsineagóig, ṫáinic siad go tiġ Síomoin agus Aindriais i n-aoinḟeaċt le Séamus agus Eoin.#Mait. 8, 14; Lúc. 4, 38.
30Aċt ḃí máṫair ċéile Ṡíomoin ina luiġe le fiaḃras, agus ar an ḃall innseann siad dó ḟá dtaoiḃ dí.
31Agus ṫáinic sé gur ṫóg sé suas í ag breiṫ greim láiṁe uirṫí, agus scar an fiaḋras léi ar an ḃomaite, agus rinne sí freastal orṫa.
32Agus nuair a ḃí sé ina ṫráṫnóna i ndiaiḋ luiġe gréine, ṫug siad ċuige gaċ aon dá raiḃ easlán agus dá raiḃ deaṁan ann,
33Agus ḃí an ċaṫair uilig bailiġṫe ag an doras.
34Agus leiġeas sé mórán a raiḃ galair deʼn uile ċinéal ag goillstin orṫa, agus ṫeilg sé amaċ mórán deaṁan,#Lúc. 4, 41. agus níor ċeaduiġ sé dóiḃ laḃairt, mar gur aiṫin siad é.
35Agus ag éirġe go h-an-luaṫ ar maidin dó, dʼimṫiġ sé amaċ, agus ċuaiḋ sé go h-áit uaigniġ, agus rinne sé urnaiġe annsin.
36Agus lean Síomon, agus an méid a ḃí ina ċuideaċta, é.
37Agus nuair a fuair siad é, duḃairt siad leis: Tá an uile ḋuine do ċuartuġaḋ.
38Agus deir seisean leo: Téiġimís isteaċ i mbailte agus i gcaṫraċa na cóṁarsanaċta go ndéanaiḋ mé seanmóireaċt annsin fosta: óir is fá n-a ċoinne sin a ṫáinic mé.
39Agus ḃí sé ag seanmóireaċt ina sineagóga agus ar fud na Gailile go léir, agus ag teilgean amaċ deaṁan.
40Agus tig loḃar#Mait. 8, 2; Lúc. 5, 12. ċuigé ġá ġuiḋe, agus ag cromaḋ aġlúine dó, duḃairt sé leis: Máʼs toil leat, tig leat mé a ḋéanaṁ glan.
41Ḃí truaiġe ag Íosa dó agus ṡín sé a láṁ gur leig air í, agus deir sé leis: Is toil; déantar glan ṫú.
42Agus nuair a ḃí sin ráiḋte aige, dʼimṫiġ an loḃra uaiḋ ar an ḃall, agus rinneaḋ glan é.
43Agus laḃair sé go dian leis, agus ċuir ar ṡiuḃal láiṫreaċ é,
44Agus deir sé leis: Taḃair aire, agus ná h-innis do ḋuine ar biṫ; aċt imṫiġ, taisbeán ṫú féin do uaċtarán na sagart, agus ofráil ar son do ġlanta na neiṫe a dʼórduiġ Maoise#Leiḃ. 14, 2. mar ḟiaḋnaise dóiḃ.
45Aċt ar ḋul amaċ dó-san, ṫoisiġ sé ar innse agus ar ċraoḃ-scaoileaḋ an scéil, ionnas nár ḟéad Íosa dul isteaċ go puibliḋe i gcaṫair feasta, aċt dʼḟanaḋ sé amuiġ i n-áiteaċa uaigneaċa, agus ḃíṫí ag triall air as gaċ áird.
Zur Zeit ausgewählt:
Marcus 1: ASN1943G
Markierung
Kopieren
Vergleichen
Teilen
Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland