YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 15

15
CAIBIDIOL XV.
Tuairisg na páise ar leanṁaint.
1Agus ar maidin lár n-a ṁáireaċ go luaṫ ċuaiḋ uaċtaráin na sagart i gcóṁairle leis na seanóiríḃ agus leis na Sgríḃneóiríḃ, agus leis an gcóṁairle ċoitċian, agus ṫugadar suas Íosa, gaḃṫa, do Ṗílát. 2Agus d’ḟiafraiġ Pílát de: An tusa rí na n-Iúdaċ? Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: #15:2 .i. Is fíor an níḋ a deirir.Deirir-se é. 3Agus do ċuir uaċtaráin na sagart a lán neiṫe ’n-a leiṫ. 4Agus ċeistiġ Pílát airís é, agus duḃairt: Náċ ḃfuil aon ḟreagra agat le taḃairt? Féaċ a ḃfuil acu ’á ċur ad’ leiṫ. 5Agus níor ḟreagair Íosa focal eile, i dtreó go raiḃ iongna ar Pílát.
6I gcaiṫeaṁ lae na féile, áṁṫaċ, ba ġnáṫ leis aon ṗríosúnaċ aṁáin do leigint saor ċúċa, aon ṗríosúnaċ a iarrfidís. 7Agus ḃí aon ṗríosúnaċ aṁáin ann gur ḃ’ainim dó Barabbas, agus ḃí sé gaḃṫa ameasg an luċt ceannairce, agus ṁairḃ sé duine i gceannairc. 8Agus ṫáinig an pobul agus ċromadar ar iarraiḋ, mar ba ġnáṫ leis a ḋéanaṁ dóiḃ. 9Agus d’ḟreagair Pílát iad agus duḃairt sé: An toil liḃ go leigfinn saor ċúġaiḃ rí na n-Iúdaċ? 10Mar ḃí ḟios aige gur le mioscais a ḋein uaċtaráin na sagart é ṫaḃairt ċun láṁa. 11Agus ċuir na sagairt suas an pobul ċun a ráḋ gur ḃ’é Barabbas a leigfeaḋ sé saos ċúċa. 12Agus d’ḟreagair Pílát airís iad agus duḃairt: Agus cad is toil liḃ a ḋéanfad le rí na n-Iúdaċ? 13Agus do liúġadar airís: Céas é. 14Agus duḃairt Pílát leó: Sdó, cad é an t-olc atá déanta aige? Aċ sin mar ab’ aoirde do liúġadar: Céas é. 15Agus ċun an ṗobuil do ṡásaṁ do leig Pílát Barabbas saos ċúċa, agus ṫug sé Íosa le céasad, tar éis a sgiúrsála.
16Agus do rug na saiġdiúirí leó é isteaċ i halla na cúirte, agus ċruinniġeadar an ḃuiḋean go léir, 17Agus ċuireadar brat corcra uime agus d’ḟíġeadar coróinn ḋeilgneaċ, agus ċuireadar ar a ċeann í; 18Agus ċromadar ar ḃeannú ḋó: Go mbeannuiġṫear duit, a rí na n-Iúdaċ. 19Agus ansan do ḃuailidís sa ċeann é le cleiṫ, agus ċaiṫidís seile air, agus do ċromaidís a nglúine ’ġá onórú. 20Agus nuair a ḃí an magaḋ déanta acu faoi do ḃaineadar de an brat corcra, agus ċuireadar a ċuid éadaiġ féin airís uime, agus do rugadar leó é ċun é céasad.
21Agus ḃí duine ag gaḃáil an ḃóṫair, n-ar ḃ’ ainim dó Símón Círénéaċ, ag teaċt ó’n dtuaṫ, aṫair Alecsandair agus Rúifis, agus do stadadar é, agus ċuireadar ḟéaċaint air an ċros a ḋ’iompar dó. 22Agus do rugadar leó é go dtí an áit Golgota, le n-a gcialluiġṫear áit an ċloiginn. 23Agus ṫugadar deoċ dó, fíon agus mirr tríd, agus níor ġlac sé é. 24Agus do ċéasadar é, agus do roinneadar a ċuid éadaiġ, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ féaċaint cé ḃéarfaḋ gaċ ball díoḃ. 25Agus ḃí an tríṁaḋ tráṫ ann, agus ċéasadar é.#15:25 Ver. 25. an tríṁaḋ tráṫ — Do rainn an seana-ċúntas an lá ’n-a ċeiṫre tráṫanaiḃ agus do h-ainimniġeaḋ gaċ tráṫ o’n uair ar ar ṫusnuiġ sé, .i. an ċéad tráṫ, an tríṁaḋ tráṫ, an séṁaḋ tráṫ, agus an naoṁaḋ tráṫ. Do ceasaḋ ár dTiġearna beagán roim ṁeaḋan lae san ar ċríoċnuiġ an tríṁaḋ tráṫ, agus nuair a ḃí an séṁaḋ tráṫ díreaċ ag teaċt. 26Agus ḃí teidiol a ċúise sgríoḃṫa: RÍ NA N-IÚDAĊ. 27Agus do ċéasadar i n-aonḟeaċt leis beirt ḃiṫeaṁnaċ, duine acu ar a ḋeis agus an duine eile ar a ċlí. 28Agus do cóṁlíonaḋ an sgriptiúir adeir: #Isáias 53:12.Agus do luaḋaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ. 29Agus na daoine ġaḃaḋ ṫairis ṫugaidís masla ḋó, agus ċroṫaidís a gceann agus deiridís: Ḃáṫ! do leagfá teampal Dé agus ċurfá suas airís é i gceann trí lá: 30Saor ṫu féin anois, agus tar anuas de’n ċrois. 31Mar an gcéadna uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí, ag caint le ċéile ag déanaṁ magaiḋ: Ṡáḃail sé daoine eile, adeiridís; ní’l ar a ċumas é féin do ṡáḃail. 32Tagaḋ Críost, rí Israéil, anuas de’n ċrois anois go ḃfeiceam agus go gcreideam. Agus an ḃeirt a ḃí céasda i n-a aice ṫugadar masla ḋó.
33Agus nuair a ṫáinig an séṁaḋ tráṫ do luiġ doirċeaċt ar an ndoṁan go léir go dtí an naoṁaḋ tráṫ. 34Agus sa naoṁaḋ tráṫ do ġlaoiḋ Íosa do ġuṫ árd: #Salm 21:2.Elóí, Elóí, lamá sabactání? níḋ a míníġṫear mar seo: A Ḋia, a Ḋia, cad uime gur ṫréigis mé? 35Agus duḃairt cuid d’á raiḃ láiṫreaċ: Féaċ, tá sé ag glaoḋaċ ar Elias. 36Agus do riṫ duine acu agus do líon sé spúinse d’ ḟínéigir agus ċuir sé ar ḃata é, agus ṫug sé ḋó é le n-ól, agus duḃairt sé: Fanaiḋ go ḃfeiceam an dtiocfaiḋ Elias ċun é ṫógaint anuas.
37Agus do ġlaoiḋ Íosa do ġuṫ árd, agus d’éag sé.
38Agus do stracaḋ brat an teampail ’n-a ḋá ċuid ó ḃarr go bun. 39Agus nuair a ċonaic an taoiseaċ céad a ḃí ’n-a seasaṁ ar a aġaiḋ amaċ go ḃfuair sé ḃás agus an guṫ árd san aige d’á ċur as duḃairt sé: Gan aṁras dob’ é Mac Dé an duine sin. 40Agus ḃí mná ann aḃfad uaiḋ agus iad ag féaċaint air, ar a raiḃ Máire Magdalén, agus Máire máṫair Ṡéamuis ḃig agus Ióseiṗ, agus Salómé; 41Agus siniad a ḃíoḋ ’ġá leanṁaint agus ag frioṫálaṁ air nuair a ḃíoḋ sé i nGaililí; agus a lán ban eile a ṫáinig i n-aonḟeaċt leis ainíos go Ierúsalem.
42Agus nuair a ḃí an déanaíġe ann, (óir b’ é lá an ollaṁuiġṫe é, a ṫagann roimis an sabbóid), 43Ṫáinig Ióseṗ ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a ḃí ag súil le ríġeaċt Dé ċóṁ maiṫ le cáċ, agus ċuaiḋ sé isteaċ go dána i láṫair Ṗíláit, agus d’iarr se corp Íosa air. 44Agus ḃí iongna ar Ṗílát a ráḋ go mbeaḋ sé tar éis ḃáis ċeana féin. Agus ċuir sé fios ar an dtaoiseaċ céad agus d’ḟiafraiġ sé ḋe an raiḃ sé tar éis ḃáis. 45Agus nuair a fuair sé amaċ ó’n dtaoiseaċ céad go raiḃ, d’órduiġ sé an corp do ṫaḃairt do Ióseṗ. 46Agus do ċeannuiġ Ióseṗ línéadaċ agus ṫóg sé anuas ó’n gcrois é, agus d’ḟill sé sa línéadaċ é, agus ċuir sé isteaċ é i dtuama a ḃí gearrṫa a’ caraig, agus d’iompuiġ sé leac ċun doruis an tuama. 47Agus ḃi Máire Ṁagdalén agus Máire [máṫair] Ióseiṗ ag féaċaint ar an áit ’n-ar cuireaḋ é.

Currently Selected:

Marcus 15: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in