Marcus 16
16
CAIBIDIOL XVI.
Aiseiríġe Ċríost agus a ḋeasgaḃáil.
1Agus nuair a ḃí an tsabbóid imṫiġṫe ċeannuiġ Máire Ṁagdalén agus Máire, máṫair Ṡéamuis, agus Salómé, spíosra cúṁrṫa ċun go dtiocfaidis agus go n-ungfaidís Íosa. 2Agus ṫanadar go h-ana-ṁoċ, ar maidin an ċéad lae de’n tseaċtṁain, go dtí an tuama, agus ḃí an ġrian ’n-a suiḋe;#16:2 Ver. 2. agus ḃí an ġrian ’n-a suiḋe; — Do ġluaiseadar sar a dtáinig an solus ag dul ċun na h-uaġa, aċ ḃí an ġrian ’n-a suiḋe um an dtaca ’nar ṡroiseadar an áit. Nú, i ḃfigiúir, tráċtṫar anso ar ġréin an ċirt, .i., ar Íosa Críost, ár dTiġearna, a ḃí eiriġṫe sar a dtánadar. 3Agus ḃíodar ’ġá ráḋ le n-a ċéile: Cé ḋ’iompóċaiḋ siar an ċloċ dúinn ó ḃéal an tuama? 4Agus nuair ḟéaċadar ċonacadar an ċloċ iompuiġṫe siar. Agus cloċ ana-ṁór ab eaḋ í. 5Agus ċuadar isteaċ sa tuama agus ċonacadar an fear óg ’n-a ṡuiḋe ar ṫaoḃ na láṁa deire agus éide ġeal uime, agus ṫáinig eagal orṫa. 6Agus duḃairt sé leó: Ná glacaiḋ aon sgannra. Íosa Nasareit a céasaḋ isé atá uaiḃ. D’eiriġ sé; ní’l sé anso; féaċ an áit ’n-ar ċuireadar é. 7Aċ imṫiġiḋ, agus innsiḋ d’a ḋeisgiobulaiḃ agus do Ṗeadar, go ḃfuil sé ag dul róṁaiḃ go Gaililí; ċífiḋ siḃ sa n-áit sin é, mar aduḃairt sé liḃ.
8Aċ do riṫeadar amaċ as an uaiġ, mar do ṫáinig sgannra agus criṫeagla orṫa, agus ní duḃradar focal le h-aoinne, mar ḃí an t-eagal orṫa.
9Aċ nuair aiseiriġ sé ar maidin an ċéad lae de’n tseaċtṁain, ṫaisbeáin sé é féin ar dtúis do Ṁáire Ṁagdalén, an ḃean as ar ḋíbir sé na seaċt ndeaṁain. 10Agus d’imṫiġ sí sin agus d’innis sí é do’n ṁuintir a ḃíoḋ i n-a ḟoċair, agus do ḃí ag gol agus ag caoi. 11Agus nuair airiġeadar é ḃeiṫ beó, agus go ḃfeacaiḋ sí é, níor ċreideadar an sgéal. 12#Lúc. 24:13.Agus ’n-a ḋiaiḋ san do ṫaisbeáin sé é féin i gcruṫ eile do ḃeirt acu agus iad ag siuḃal, ag dul fá’n dtuaṫ. 13Agus ṫánadar san agus d’innseadar do’n ċuid eile é; agus níor ċreideadar iad aċ ċóṁ beag.
14Fé ḋeire, ḃí an t-aoinne déag acu ’n-a suiḋe i ḃfoċair a ċéile, agus ṫaisbeáin sé é féin dóiḃ; agus do ċas sé leó a ndíṫċreideaṁ agus a ndúrċroiḋe, toisg nár ċreideadar an ṁuintir a ċonaic go raiḃ sé tar éis aiseiriġe.
15Agus duḃairt sé leó: Gluaisiḋ tríd an ndoṁan go léir agus deiniḋ an soisgéal do ċraoḃsgaoileaḋ do’n uile ċréatúir. 16An té a ċreidḟiḋ agus a baistfar saorfar é: an té, áṁ, ná creidfiḋ, daorfar é. 17Agus leanfaid na cóṁarṫaí seo an ṁuintir a ċreidfiḋ: #Gníoṁ. 16:18.Cuirfid siad deaṁain a’ seilḃ am’ ainim-se: #Gníoṁ. 2:4; 10:46.Laḃarfaid siad i dteangṫaċaiḃ nua. 18#Gníoṁ. 28:5.Tógfaid siad aiṫreaċa niṁe, agus má ólaid siad deoċ marḃuiġṫeaċ ní ġortóċaiḋ sé iad: #Gníoṁ. 28:8.Cuirfid siad a láṁa ar daoine breóite agus beid siad go maiṫ. 19Agus an Tiġearna Íosa, tar éis laḃarṫa leó ḋó, #Lúc. 24:51.do tógaḋ suas ar neaṁ é, agus tá sé ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ Dé. 20Agus do ġluaiseadar-san agus do ċraoḃsgaoileadar ins gaċ áit; agus do ċaḃruiġ an Tiġearna leó ag neartú a gcainte le mírḃúiltíḃ ’ġá leanṁaint.
Currently Selected:
Marcus 16: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.