Lúcás 20

20
Ceist faoi Údarás Chríost
1Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí, 2agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t-údarás sin duit?” 3Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Tá ceist agam-sa le cur oraibhse freisin: insígí dom: 4An ó neamh nó ó dhaoine a tháinig baisteadh Eoin?” 5Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, dá rá: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’ 6Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.” 7Agus ba é freagra a thug siad, nach raibh a fhios acu cárbh as dó. 8Dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach a oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
Máistir an Fhíonghoirt
agus na Curadóirí Mallaithe
9Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíon-ghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch go cionn mórán aimsire. 10Nuair a tháinig an t-am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh. 11Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é. 12Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é a ghoint agus é a thiomáint amach. 13Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: ‘Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; bʼfhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.’ 14Ach nuair a chonaic na curadóirí eisean, bhí siad ag plé an scéil le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre,’ ar siad, ‘maraímis é, chun go mba linn féin an oidhreacht.’ 15Agus tar éis dóibh é a thiomáint amach as an bhfíon-ghort, mharaigh siad é. Dá bhrí sin, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt leo? 16Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíon-ghort do dhaoine eile.” Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: “Nárab ea!” 17Ach bhreathnaigh sé orthu agus dúirt: “Murab ea, cad is ciall leis an rud úd atá scríofa:
‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne di ceann an chúinne’?
18“Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.” 19Agus bʼfhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.
Cion Chaesair agus Cion Dé
20Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu a bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus dʼúdarás an ghobharnóra. 21Chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh shlí Dé de réir na fírinne. 22An dleathach dúinn cíos a íoc le Caesar nó an mídhleathach?” 23Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo: 24“Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuil a íomhá air agus a inscríbhinn?” Dúirt siad: “Caesar.” 25Dúirt sé leo: “Íocaigí le Caesar, mar sin, na nithe ar le Caesar iad agus le Dia na nithe ar le Dia iad.” 26Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó bʼionadh leo a fhreagra, dʼfhan siad ina dtost.
Aiséirí na Colainne
27Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh–iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann– 28agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a dʼordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’ 29Is ea: bhí seachtar deartháireacha ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann. 30An dara duine ansin, 31agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás. 32Sa deireadh, fuair an bhean féin bás. 33San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.” 34Dúirt Íosa leo: “Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile, 35ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an t-aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile; 36óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is cuid de chlann Dé iad ós cuid de chlann an aiséirí iad. 37Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacób. 38Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo; óir is dó is beo cách.” 39Dúirt cuid de na scríobhaithe dá fhreagairt: “A Mháistir, is maith a dúirt tú é!” 40Óir níor leomh siad as sin amach ceist ar bith a chur air.
Conas is Mac do Dháiví an Críost?
41Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost? 42Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm:
‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:
Suigh ar mo dheis,
43nó go gcuirfead do naimhde mar stól faoi do chosa.’
44“Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?”
Na Scríobhaithe dá gCáineadh
45Agus i gcomh-chlos don phobal uile dúirt sé lena dheisceabail: 46“Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna; 47an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”

اکنون انتخاب شده:

Lúcás 20: ABN2012

های‌لایت

به اشتراک گذاشتن

کپی

None

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید