Gníoṁarṫa 6

6
CAIBIDIOL VI.
An mórṡeisear deoċon dá n-óirdniú. Díoġras Stioṗáin.
1Agus ins na laeṫiḃ sin, nuair a ḃí uiṁir na ndeisgiobul ag dul i méid, d’eiriġ ceisnioṁ do sna Gréagaiġ i n-aġaid na n-Eaḃraċ, ’ġá ráḋ go dtugtí failliġe ’n-a mḃaintreaċaiḃ féin sa ḃḟriṫalaṁ laeṫaṁail.#6:1 Ver. 1. sna Gréagaiġ Gréagaiġ a tugtí ar h-Eaḃraiġa rugaḋ agus do tógaḋ sa Ġréig. 2Ansan do ġlaoiḋ an dáréag na deisgioḃuil go léir i gceann a ċéile agus duḃradar: Ní cuíḃe ḋúinne briaṫar Dé d’ḟágaint agus friṫálaṁ ḃórd a ḋéanaṁ. 3Cuardaiġiḋ d’a ḃriġ sin, a ḃráiṫre, ar ḃúr measg féin, mórṡeisear d’ḟearaiḃ creideaṁnaċa, agus iad lán de’n Spioraid Naoṁ agus d’eagna, go gcuiream i mbun na h-oibre seo iad. 4agus beimíd féin coitċianta ag déanaṁ úrnuiġṫe agus ag friṫálaṁ an ḃréiṫir. 5Agus do ṫaiṫn an ċainnt leis an bpobul go léir. Agus do ṫoġadar Stioṗan, fear a ḃí lán de ċreideaṁ agus de’n Spioraid Naoṁ; agus Pilib, agus Proċor, agus Nicánór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nicolás, fear a ṫáinig cúca ó Antioċ. 6Ṫugadar na fir sin i láṫair na n-Aspol, agus ḋein na n-Aspoil úrnuiġṫe ḋċiḃ agus ċuireadar a láṁa orṫa.
7Agus ḃí briaṫar an Tiġearna ag fás agus uiṁir na ndeisgiobul ag dul i líonṁaire go mór i n-Ierúsalem, agus ḃí cuallaċt ṁór de sna sagairt féin tar éis géille do’n ċreideaṁ.
8Agus ḃí Stioṗán lán de ġrásta agus de neart agus é ag déanaṁ mírḃúiltí agus soluídí móra ameasg na ndaoine. 9Ansan d’eiriġ daoine áiriṫe as an sinagóig an a dtugtar sinagóg na libertíneaċ agus na gCurénéaċ agus na n-Alecsandríneaċ agus na ndaoine a ṫáinig ó Ċilicla agus ó Ásia, agus ḃíodar ag aragóint le Stioṗan. 10Agus ní raḃdar áḃalta ar ṡeasaṁ i n-aġaiḋ na h-eagna agus i n-aġaiḋ na spioraide le n-a laḃrad sé. 11Ansan ċuireadar suas daoine áiriṫe ċun teaċt agus a ráḋ gur airíġdar féin focail ṁasluiġṫeaċa uaiḋ i n-aġaiḋ Ṁaoise agus i n-aġaiḋ Dé. 12Do ġníosadar ar an gcuma san an poḃul agus na seanóirí agus na sgríḃneóirí agus do riṫeadar i gceann a ċéile agus do rugadar air agus do ṫugadar i láṫair na cóṁairle é. 13Agus ċuireadar suas fínniṫe ḃréagaċa ċun a ráḋ: Ní stadann an duine sin aċ ag laḃairt cainnteana masluiġṫeaċa i n-aġaiḋ na h-áite naoṁṫa agus i n-agaiḋ na dlíġe. 14Óir d’airiġmair é ’ġá ráḋ so: Déanfaiḋ Íosa so Nasareit léirsgrios ar an áit seo agus cuirfiḋ sé aṫarú ar na nósa a ṫug Maois dúinn. 15Agus ḃí luċt na cóṁairle ag féaċaint go dlúṫ air agus ċonnacadar go raiḃ a ġnúis mar a ḃeaḋ gnúis aingil.

اکنون انتخاب شده:

Gníoṁarṫa 6: ABNPOLG

های‌لایت

به اشتراک گذاشتن

مقایسه

کپی

None

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید