Geineasas 13
13
Scaradh le Lót
1Tháinig Abrám ón Éigipt isteach sa Neigib lena bhean agus a raibh aige agus Lót fairis. 2Bhí Abrám an-saibhir le heallach, le hairgead agus le hór. 3Ar aghaidh leis de réir a chéile ón Neigib go Béitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth ar dtús idir Béitéil agus Háí 4mar ar thóg sé altóir roimhe sin. Ghair Abrám ar ainm an Tiarna ansiúd. 5Agus Lót a bhí ag taisteal fara Abrám, bhí tréada agus eallach agus bothanna leis féin aige 6i dtreo nár fhéad an talamh iad araon le chéile a chothú mar bhí an iomad maoine acu chun cónaí le chéile. 7Tharla aighneas dá bhrí sin idir aoirí thréad Abrám agus aoirí thréad Lót (bhí na Canánaigh agus na Pirizigh ina gcónaí sa tír an uair sin). 8Dúirt Abrám más ea le Lót: “Ná bíodh aon aighneas idir m'aoirí-sé agus d'aoirí-sé, mar is bráithre sinn. 9Má ghabhann tusa deiseal, rachadsa tuathal; má ghabhann tusa tuathal rachadsa deiseal.” 10D'ardaigh Lót a shúile agus chonaic go raibh gleann na hIordáine arna uisciú go fónta i ngach treo baill chomh fada le Zoar agus é amhail gairdín an Tiarna nó tír na hÉigipte - ba sular scrios an Tiarna Sodom agus Gomorá é sin. 11Roghnaigh Lót gleann na hIordáine dó féin; ghluais Lót soir agus scaradar le chéile ar an gcuma sin. 12Chuir Abrám faoi i dtír Chanán; chuir Lót faoi i measc cathracha an ghleanna agus d'aistrigh sé a bhoth i gcóngar Shodom. 13Drochdhaoine a ba ea muintir Shodom agus peacaigh mhóra in aghaidh an Tiarna. 14Dúirt an Tiarna le hAbrám tar éis do Lót scaradh leis: “Féach uait ón áit ina bhfuil tú ó thuaidh, ó dheas, soir agus siar. 15An talamh go léir a fheiceann tú tabharfaidh mé duit é agus do do shíol go brách. 16Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh! 17Éirigh agus siúil an tír ó cheann ceann agus ó thaobh taobh, mar tabharfaidh mé duit é.” 18D'aistrigh Abrám a bhoth dá bhrí sin agus tháinig chun cónaí taobh le Dair Mhamrae, ag Heabrón agus thóg sé altóir don Tiarna ann.
Trenutno odabrano:
Geineasas 13: ABN
Istaknuto
Podijeli
Kopiraj
Želiš li svoje istaknute stihove spremiti na sve svoje uređaje? Prijavi se ili registriraj
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.