Agus in-a dhéidh sin toisigheadh ar mhéadú na ndaoine ar éadan na talmhan: agus rugadh níngheanna dhóbhtha. Chonnaicthas do mhic Dé go rabh níngheacha na ndaoine sgiamhach agus ghlacadar chuca féin mná (chéile) d'á raogha féin. Agus 'deir Dia: “Ní fhanfaidh mo spiorad san duine i gcó mhnaidhe, de bhrigh gur feóil eisean. Agus bhus laethe dó—céad agus fiche blian.”
Anois, do bhí fathaigh an an talamh san am úd. Óir an uair chuaidh mic Dé isteach chuig níngeacha na ndaoine, agus gheineadar clann dóbhtha, b'iad sin fathaigh agus fir chliumhala na sean-aimsire.