Geinis 16

16
Póstar Ábram ar Agar, agus beireann sí Ismael.
1Is amhlaidh, ní rabh aon chlann ag Saraí, bean Ábraim, acht bhí cumhal aicí, Éighphteach darbh ainm Agar. 2Ars ise le n-a fear: “Féach, do chosc an Tíghearna orm bheith torrthach. Gabh isteach chuig mo chumhal, b'fhéadtaidhe go mbeadh clann agam thríthe-se ar aon chuma.” Agus nuair rinne seisean mar d'iarr sí air. 3Thug sí (láithe) a cumhal, Agar, an Éighphteach, deich mbliadhna tar éis cead-chómhnaidhe dóibh i ndúithche Chanaáin, agus thug d'á fear í mar bhean chéile dó féin. 4Agus chuaidh seisean isteach chuicí. Acht an uair chonnacthas dí-se go raibh sí torrthach (ag iomchur) bhuail tarcuisne d'á maighistreas í.
5Agus ars Saraí le Ábram: “Tá éagcóir 'á dheanamh agat orm-sa: Thug mé cumhal duit in d'ucht, agus anois nuair tchí sí go bhfuil sí torrthach, bheir sí tarcuisne dom.” 6D'fhreagair Ábram í agus dubhairt: “Féach, is faoi do chúram féin 'tá sí, dean do 'rógha rud léithe.” Agus nuair thug Saraí droch-íde, théich sí léithe.
7Agus fuair aingeal an Tíghearna í ar bhruach tobair (fuarán) san bhfásach, atá ar an bhealach go dtí Súr—(i bhfásach eile.) 8Labhair sé léithe: “A Agar, a chumhal Sharaí, cá h-as a dtáinig tú? Agus cá bhfuil do thriall? Agus dfhreagair sise: “Tá mé a' téicheadh as radharc mhaighistreasa Saraí.” 9Agus arsa aingeal an Tíghearna léithe: “Pill ar eis chuige do mhaighistreas, agus úmhluigh tú féin dí.” 10Agus arís labhair sé: “Méadóchaidh mé do shíol go mór agus beidh sé dó-áirimhthe.” 11Agus arís: “Féach, ars é, tá tú torrthach (Ag iomchar) agus beirfidh tú mac agus bhearfaidh tú Ismael mar ainm air, óir tá éistighthe ag an Tíghearna le do bhuaradh. 12Beidh sé in a fhear fhiadháin. Beidh a lámh i n-éadhán cháich, agus beidh lámh gach duine in a éadán-sa agus dheanfaidh sé a iomshuidhe uile i n-aghaid a bhrathaire.”
13Agus ghlaoidh sise ar ainm an Tíghearna a labhair léithe: “A Dia, tusa a tchí mé,” agus dubhairt: “Go fírinneach, tchím anois an té a tchídeann mé.” 14Uime sin, thug sí mar ainm ar an tobar sin, “Tobar an Té a mhaireas agus a tchídeann mé.” Tá an tobar céadna idir Cades agus Barad. 15Agus rug Agar mac d'Ábram, agus thug sé Ismael mar ainm air. 16Bhí Ábram ceithre scór agus sé bliadna d'aois an uair rug Agar Ismael dó.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Geinis 16: ABNPOD

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល