Geinis 15

15
Gealltanas Dé do shíol Ábraim. A chreideamh, a íodhbhairt agus a thuigsint.
1An uair bhí an méad sin deanta, tháinig briathar an Tíghearna chuig Abram, tré aisling dó, a dubhairt (leis): “Ná bíodh eagla ort, a Ábraimn. Is mise do chosantóir, agus beidh luach-saothair mór agat.” 2Agus arsa Ábram: “A Thíghearna Dé, caidé bhearfas tú domh? Beidh mé gan chloinn, agus is é an Damascus Élieser seo mac an mhaoir i mo thoigh-se.” 3Agus arsa Abram, fosta: “Acht ní thug tú aon t-síol domh, agus féach! Is é mo sheirbhíseach a rugadh i mo thoigh a bhéas mar oighire orm.” 4Agus ar a bpoinnte sin tháinig briathar an Tíghearna chuige, a rádh: “Ní bhéidh sé 'n-a oighire ort: acht is é an té a thiocfas amach as d'inníbh (putógaí) féin a bhéas mar oighire ort.”
5Agus thug sé amach é, agus dubhairt leis: “Amharc suas ins na flaithis agus cuimhrigh na réaltaí, má's féidir leat.” Agus deir sé leis: “Mar (iad) siud 'bhéas do shíol.” 6Chreid Ábram in Dia, agus do measadh mar an fhírinne dó é. 7Agus deir sé leis: “Is mise an Tíghearna, a thug amach as dúithche Úir-na-gCaldeach thú leis an talamh seo a thabhairt duit, agus go mbéadh sé idh sheilbh.” 8Acht ars eisean: “A Tíghearna Dhia, cé chaoi bhéas 'fhios agam gur liom-sa é?” 9Agus d'fhreagair an Tíghearna agus dubhairt: “Beir chugam bó trí mblian, agus gabhar baininne trí mblian, agus uascán trí mblian, agus colúr freisin agus colm.” 10Agus thóg sé iad seo uilig agus roinn iad n-a dhá leath, agus leag sé an dá chuid de gach ceann aca taobh le taobh, acht níor roinn sé na h-éin. 11Agus tháinig na h-éanlaith anuas ar na conablacha, agus ruaig Ábram iad.
12Agus le linn do'n ghréin dul faoi tháinig (thuit) codladh trom ar Abram, agus do ghabh scrom dubh-uathbhasach é. 13Agus dubhradh le Ábram: “Bíodh 'fhios agat roimh-ré go mbéidh do shíol-sa mar strainseóirí i dtír leo féin í, agus go gcuirfidh siad faoi dhaoirse agus faoi smacht iad go cionn ceithre céad blian. 14Acht bhearfaidh mise breitheamhnas ar an náisiun d'á dtugaidís seirbhís, agus in a dhéibh seo tiocfaidh siad seor agus maoin mhór aca. 15Agus rachaidh tusa i síothcháin chuig d'atharacha; agus adhlacóchar thú i do shean-aois mhaith. 16Acht ins an cheathramha glún (geinealach) pillfidh siad annseo arís, óir níl éagchara na n-Amorrhíteach iomlán fós (go dtí anois).”
17Agus nuair d'imthigh an ghrian faoi, d'eirigh ceo dubh, agus ba léir brothlach (fuirnéis) ag cur toite as, agus lampa teineadh ag imtheacht eadar na ranna sin. 18Rinne Dia connradh le Ábram an lá sin, a rádh: “Do do shíol-sa bhearaim an talamh seo ó abhainn na h-Éighphte fhad leis an abhainn mhóir Euphrates: 19Na Cineanaigh, na Cengítigh, na Cedmonítigh, 20Agus na h-Ethítigh, agus na Pheregítigh, na Raphaimigh, 21agus na h-Amorríthigh, agus na Chanaánitigh, agus na Gergesítigh, agus na Iebusítigh.”

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Geinis 15: ABNPOD

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល