Geinis 14
14
Imtheacht an Ceathrair Rí. Buaidh Abraim. Beannacht Mhelchisedech air.
1Agus thárla fa'n am sin gur chuir Amraphal, rí Sheannaoir, agus Arioch, rí Phontuis agus Chodorlahomor, rí na n-Elamíteach, agus Thadal, rí na Náisiun, 2gur chuir siad cogadh ar Bhara, rí Shodoim, agus ar Bhersa, rí Ghomorrha, agus ar Shennaab, rí Ádama, agus ar Shemeber, rí Sheboim, agus ar Rígh Bhála .i. Shegor. 3Tháinig siad seo go léir isteach san ghleann choille, atá anois in a mhuir (saile).
4Óir thug siad seirbhís do Chodorlahomor ar feadh dhá-bhliain-déag, agus san tríomhú-bliain-déag thionntuigheadar in a éadán. 5Agus sa cheathramha-bliain-déag tháinig Chodorlahomor, agus na ríghte do bhí in a chuideachta: agus bhuaileadar na Raphaimigh in Astaroth-carnaim, agus na Zuzimigh chomh maith: agus na h-Emimigh agus Sábhe-Chariathaim. 6Agus na Chorreanaigh imeasc sléibhte Sheir, fhad le machairí Pharáin, atá san bhfásach. 7Agus phill siad, agus tháinig go dtí fuarán Mhisphait .i. Dadas: agus bhuail siad tír uile na phill siad, agus tháinig go dtí fuarán Mhisphait .i. Cadas: agus bhuail siad tír uile na n-Alameciteach, agus na h-Amorrheanaigh a bhí in a gcómhnaidhe i n-Asasonthamar.
8Agus chuaidh ríghte Shodoim, Ghomorrah, Ádama, Sheboim, agus bhala (.i. Segor) amach: agus sheasadar in a n-arm-chatha 'n-a n-éadán, i ngleann na coille. 9'Sé sin, in éadán Chodorlahomoir, rí na n-Elamiteach, agus Thadail, rí na Náisiun, agus Amraphail, rí Shennaoir, agus Aroich, rí Phontuis—ceathrar rí in-aghaidh cúigir. 10Is amhlaidh bhí mórán de dhíoganna ghláir i ngleann na coille, agus thug ríghte Shodoim agus Ghomaorrha a gcúla leo sin (annsin), agus do treascaradh iad, agus an méad a tháinig slán théich siad ins na sléibhte. 11Agus thug siad leobhtha gach a rabh de mhaoin ag muintir Ghomorrha, agus a radh de bhiadh aca, agus d'imthigh leo. 12Agus Lot, mac d'reathar Abraim, chomh maith, a bhí in a chómhnaidhe i Sodom, agus a chuid maoine.
13Agus féach, d'innis an duine a tháinig slán (an scéal) d'Ábram, an t-Éabhrach, a chómhnuigh i ngleann Mhambre, an t-Amorrhíteach—d'reathair d'Escol agus d'Aner. Óir bhí connradh deanta aca seo le Ábram. 14Ar a chloisint sin d'Ábram .i. go raibh gabhtha ar a dh'reathair Lot chuimhrigh sé amach trí céad agus ochtar-déag de na seirbhísigh a rugadh in a thoigh, fé n-a gcuid a'rm, agus chuaidh sa tóir ortha go dtí (an) Dan. 15Roinn sé a bhuidhean catha agus d'ionnsuigh iad san oidhche, agus bhuaidh ortha. Agus lean sé iad fhad le Hóba, atá ar thaoibh na láimhe clé de'n Damascus. 16Agus thug ar ais leis an mhaoin uilig, agus a dh'reathar Lor 's a chuid-se maoine agus, fosta, na mná agus na daoiní.
17Agus chuaidh rí Sodoim amach 'n-a aircis, indéidh pilleadh dó as an ár ar Chodorlahamar, agus ar n arighte a bhí in-éineacht leis i ngleann Shabha, 's é sin—gleann an ríogh. 18Agus thóg Melchisedech, rí Shaleim, arán agus fíon, óir ba shagart Dé uile-chumhachtaigh é.
19Bheannuigh sé é agus dubhairt:
“Go mbeannuighidh Dia Ábram,
(Dia) do chruthuigh neamh agus talamh;
20Agus go moltar (go mbeanuighthear) Dia uile-chumhachtach,
Gur faoi n-a chuimirce 'tá an námhaid faoi smacht agat.”
21Agus arsa rí Shodoim le Abram: “Tabhair domh-sa na daoiní, agus tóg leat féin an chuid eile.” 22Agus d'fhreagair sé é: “Árduighim mo lámh do'n árd-tíghearna Dia, seilbhtheoir neimhe agus talaimh, 23nach nglacfaidh mé (oiread le) snaithe innigh ná fiú iall bróige ur leat-sa íad, ar fhaitchios go n-abróchtha, ‘Bhronn mé saidhbhreas ar Ábram.’ 24Acht amháin an méad atá ithte ag na fir óga, agus cuid na bhfear a tháinig liom .i. Aner, Escol agus Mambra—glacadh siad-san leo a gcuid.”
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Geinis 14: ABNPOD
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
Peadar Ó Dubhda 1943.

: