Geinis 13

13
Scarann Abram agus Lot. Gealltanas Dé d'Ábram.
1Agus d'imthigh Abram suas as an Éighphte, é fein 's a bhean agus gach 'á rabh aige, agus Lot leis, agus chuaidh (siad) ó dheas. 2Agus bhí sé cóntach saibhir, neart óir 's airgid aige. 3Agus phill sé an bealach céadna a tháinig sé, go dtí Bethel andeas, go dtí an áit a rabh a longphort aige cheanna, eadar Bethel agus Hai, 4go dtí áit na h-Altóra—a bhí deanta aige cheana (an altóir). Agus do ghlaoidh sé ar ainm an Tighearna annsin.
5Acht bhí tréada caorach agus beitheach, agus bóthanna ag Lot freisin, a bhí leis (le Abram). 6Agus ní rabh an dúithche fairsing go leor dóbhtha le cómhnaidhe ar aon-fhód le chéile; óir bhí an oiread sin d'áirnéis leo nach rabh siad ábalta cómhnaidhe le chéile. 7As sin d'eirigh, fosta, achrainn idir tréadaidhthe Abraim agus tréadaidhthe Loit. (Agus san am sin bhí cómhnaidhe ar na Chanaáinigh agus na Pheresítigh san tír sin.) 8Leis sin arsa Ábram le Lot: “Ná bíodh aon achrainn eadrainne, mise agus tusa guidhim thú, ná eadar do chuid-se tréadaidhe agus mo thréadaidhthe, oir is d'reatracha sinn. 9Féach! Tá an tír go léir fút féin. Imthigh leat uaim, guidim thú, má théigheann tusa siar, rachaidh mise soir; má théigheann tú soir, rachaidh mise siar.” 10Agus ar árdú na súl do Lot chonnaic sé an dúithche thart timcheall ar an Iordan agus neart uisce ann, (sul ar scrios an Tighearna Sodom agus Gomorrha), mar Phárrthas an Tighearna, agus mar an Éighphte, ar theacht do duine go Segor. 11Agus thóg Lot dó féin an dúithche sin fa'n Iordán, agus d'imthigh sé siar (as an oirthear). Agus bhí scaramhaint ar an bheirt d'reathair ó n-a chéile. 12Rinne Ábrama áit chómhnaighthe i dtír Chanaáin, agus rinne Lot a chómhnaidhe ins na bailte a bhí thart fa'n Iordán. Agus rinne a áit chómhnaighthe i Sodom. 13Agus b'olc iad muintir Shodoim, agus ba pheacaigh as cuimhse iad i bhfiadhnuise Dé.
14Agus deir an Tíghearna le Abram [i] tar éis dó scarú le Lot: “Árduigh do shúile ó'n áit in a bhfuil tú, (agus) amharc ó thuaidh, ó dheas, soir agus siar, 15agus bhearfaidh mé duit a' bhfeiceann tú de talamh, duit-se 's do do shíol. 16Agus deanfaidh mé do shíol mar dusta an talaimh: má's féidir le éinneach dusta an talaimh a chuimhriú beidh sé indán do shíolras a chuimhriú fosta. 17Eirigh, agus siubhail leat thríd an tír go léir—a faid agus a leathad, óir bhearfaidh mé duit é.” 18D'aistrigh Ábram a longphort. Agus tháinig chun cómhnuighthe i ngleann Mhambra, atá san Hébron, agus thóg sé altóir do'n Tíghearna annsin.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Geinis 13: ABNPOD

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល