Geinis 12

12
An glaodhach ar Abram, agus an gealltanas tugadh dó. Taisdealann leis (cómhnuigheann) i gChanaán, agus annsin mar gheall ar an Ghorta, taisdealann leis síos go dtí an Éighphte.
1Agus a deir an Tíghearna le Abram: “Siubhail leat agus fág do thír, agus do mhuintir, agus amach as toigh d'athar leat, agus tar-se isteach sa tír (talamh) a theasbainfeas mise duit. 2Agus deanaidh mé náisiún mór díot, agus beannóchaidh mé thú, agus dheana mé d'ainm mór (cliumhail) agus beannóchar thú. 3Agus beannóchaidh mé gach duine a bheannóchas thú, agus chuirfidh mé mallacht ar gach duine a chuirfeas mallacht ort, agus lonnat-sa beannóchar treabha uile an domhain.”
4Agus d'imithigh Ábram amach, fé mar d'órduigh (Dia) an Tighearna dhó, agus chuaidh Lot leis. Bhí Ábram seachtmha-a-cúig blian ar aois nuair d'fhág sé Haram. 5Agus thug sé leis a bhean Sáraí, agus Lot, mach a d'reathara, agus gach a rabh de mhaoin a bhí cruinnighthe aca, agus na h-anmna a fuair siad i Háran. Agus d'imthigh siad amach a dhul (isteach) i dtír Chanaáin. Agus nuair shrois siad í, 6chuaidh Abram thrídh an tír no gur shrois áit Shicheim, fhad leis an ghleann uasal. Anois, bhí an Chanaánach san tír an t-am sin. 7Agus d'fhoillsigh an Tighearna É féin d'Ábram, agus dubhairt leis: “Do do shíol-sa bhearfaidh mé an talamh seo.” Agus thóg sé altóir annsin do'n Tighearna a d'fhoillsigh é féin dó. 8Agus ghluais leis as sin go dtí sliabh a bhí ar an taobh thoir de Bhéthel, agus rinne a longphort ann—Béthel taobh thiar de, agus Hái taobh thoir de. Thóg sé altóir annsin, fósta, do'n Tighearna, agus ghlaoidh ar a ainm. 9Agus ghluais Ábram leis, gan stad, a' deanamh ar an áird theas.
10Agus thárlaigh gorta ins an tír, agus d'imthigh Abram síos go dtí an Éighphte, le fanacht (cómhnoidhe) annsin, óir bhí an gorta an deanamh scris mhóir sa tír. 11Agus an uair bhí sé a' druidim leis an Éighphte, ars eisean le-n-a bhean: “Tá fhios agam gur bean sgiamhach thú. 12Agus go n-abróchaidh na h-Éighphtínigh, nuair a fheicfeas siad thú, ‘Isí a bheanchéile í.’ Agus marbhóchaidh siad mise agus coinneóchaidh siad tusa. 13Innis, mar sin—guidhim thú,—gar deirbhshiuir dom thú: ionnus go bhfuighidh mé cóir mhaith ar do shon, agus go sparáilfear (mairidh) m'anam ar do shon.”
14Agus nuair tháinig Abram isteach san Éighphte, chonnaic na h-Éighphtínigh an bhean agus gur íontach sgiamhach an bhean í. 15Agus d'innis an flaith do Pháraó, agus mhol í in a láthair-se agus tugadh an bhean isteach i dtoigh Pháraó. 16Agus thug siad cóir mhaith ar Ábram ar a son-sa, agus bhí aige caoirigh, agus daimh, agus asail firinne, agus fir freasdala, agus mná freardala agus asail bhaininne, agus caméil. 17Acht do chéasnuigh an Tíghearna Pháraó agus a theaglach, le buillí géara, ar son Sáraí, bean Ábraim. 18Agus ghlaoidh Pharaó ar Ábram agus ars eisean: “Caidé seo atá deanta agat orm? Cad tuige nár innis tú domh gur ab í do bhean chéile í? 19Cé an fath gur dhubhairt tú gur ab í do dheirbhshiuir í, 's go dtógfainn mar bhean chéile domh fhéin í? Seo! Seo dhuit do bhean, tóg leat í, agus imthigh leat.” 20Agus thug Pháraó órdú d'á mhuinntir (a chuid fear) i dtaobh Ábraim, agus thug (chuir) siad ar shiubhal é, é féin 's a bhean, agus gach a rabh aca leo, aige leis.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Geinis 12: ABNPOD

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល