Geinis 11
11
Tur Bhábéil. Rí-Rá na Dteangthach. Geineamhlach Sheim abuas go dtí Abram.
1Agus b'í an teanga chéadna amháin agus an urlabhra amháin a bhí ins an domhan. 2Agus an uair ghluais siad ó'n áird thoir tháinig siad ar mhachaire i dtír Sheinar, agus rinne comhnuidhe annsin. 3Agus arsa gach duine le n-a chomhursan: “Féach, deanamaois bricí agus bácháilim[ídh] le teinidh iad.” Agus bricí a bhí aca i n-ionad na gcloch, agus slampar (bitúman) in-ionad moirtéil. 4Agus ars iad: “Seo! Deanamaois (tógamaois) cathair agus túr a mbéidh a bharr (in-áirde) ins na flaithis; agus cruthóchamois ár gcáil 's ár gciú sul má scarfar amach inn ar fud na talmhan uile.”
5Agus tháinig an Tighearna anuas go bhfeicfeadh sé an chathair agus an túr a bhí 'á dtógáil ag clanna Ádhaimh. 6Agus deir sé: “Féach, is aon-phobal é, agus an teanga chéadna aca uilig, agus tá tosnuighthe aca air seo. Agus ní móide go stadaidh siad d'á rún intinne no go rabh deanta aca. 7Seo! Taraigidh, mar sin, téighmís síos agus meascamois a dteanga ortha, ionnus nach dtuigidh siad caint a chéile.” 8Agus leis sin ruig an Tighearna as an áit sin iad (a mach) ins an uile tír (talamh) agus stad siad de thógáil na cathrach. 9Agus mar gheall ar sin tugadh Bábél (mar ainm) air, óir is annseo rinneadh rí-rá agus meascú de'n domhan-theangaidh, agus as sin ruaigh agus scab an Tighearna iad amach ar éadan na dtíortha uile.
10Is iad seo geinealaigh Sheim.
Bhí Sem céad blian ar aois an uair ghein sé Arphaxad, dhá bhliain tar éis na dílinne. 11Agus do mhair Sem, indéidh (dó) Arphazad a gheinú, cúig céad blian, agus ghein sé mic agus níngheanna.
12Agus mhair Arphazad triocha-a-cúig blian agus ghein sé Sale. 13Agus mhair Alphaxad, indéidh (dó) Sale a gheiniú, trí céad agus trí bliadhna, agus ghein sé mic agus níngheanna.
14Mhair Sale, fósta, triocha-a-cúig blian agus ghein (sé) Héber. 15Agus mhair Sale, indéidh (dó) Héber a gheiniú, ceithre céad agus cúig bliadhna. Agus ghein (sé) mic agus níngheanna.
16Agus mhair Héber triocha-a-ceathair bllian agus ghein (sé) Phaleg. 17Agus mhair Héber, indéidh (dó) Phaleg a gheiniú, ceithre céad agus triocha blian, agus do ghein mic agus níngheanna.
18Mhair Phaleg, fósta, triocha blian agus ghein sé Reu. 19Agus mhair Phaleg, tar éis dó Reu a gheiniú, dhá chéad agus naoi mbliadhna, agus ghein mic agus níngheanna.
20Agus mhair Reu triocha-a-dó blian agus ghein Sarug. 21Agus mhair Reu, taréis dó Sarug a gheiniú, dhá chéad agus seacht mbliadhna, agus ghein (sé) mic agus níngheanna.
22Agus mhair Sarug triocha blian agus ghein Nachar. 23Agus mhair Sarug, tar éis dó Nachor a gheiniú, dhá chéad blian, agus ghein mic agus níngheanna.
24Agus mhair Nachor naoi mbliadhna-agus-fíche agus ghein Thare. 25Agus mhair Nachor, tar éis dó Thare a gheiniú, céad agus naoi-mbliadhna-déag. Agus ghein mic agus níngheanna.
26Agus mhair Thare seachtmha blian, agus ghein Abram agus Nachor agus Aran.
27Seo iad geinealaigh Thare.
Ghein Thare Abram, agus Nachor agus Aran; agus ghein Aran Lot. 28Agus d'éag Aran roimhe le n-a athair Thare, i dtír a dhúithche féin, i n-Ur na gCaldíneach. 29Agus phós Abram agus Nachor mná: Sáraí ainm mná Abraim, agus Melcha ainm mná Nachoir— nínghean Árain .i. athair Mhalcha agus Ioscha. 30Agus bhí Sáraí seasc, agus ní rabh aon chlann aicí.
31Agus thug Thare leis a mhac Abram, agus Lot mac Árain—mac a mhic–; agus Sáraí, bean a mhic, bean Abram, a mac, agus thug amach as Ur na gChaldíneach iad le dul isteach i dtír Canaain. Agus tháinig siad fhad le Haran, agus rinne cómhnuidhe annsin. 32Agus b'é fad shaoghail (aois) Thare—dhá chéad agus cúig bliadhna. Agus d'éag sé i Háran.
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Geinis 11: ABNPOD
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
Peadar Ó Dubhda 1943.

: