Geinis 2

2
An Seachtmhadh Lá—Sos. Bean d'ádhamh.
1Mar sin do críochnuigheadh na neamha agus an talamh agus gach nidh ionnta. 2Agus ar an seachtmhadh lá, do chríochnuigh Dia an obair a rinne sé, agus rinne sé sos oibre ar an seachtmhadh lá, ó'n obair uile a bhí deanta aige. 3Agus beannuigh Dia ar an seachtmhadh lá agus naomhuigh Sé é, óir ar an lá san scuir Sé ó'n obair uilig a rinne Sé agus ar chruthuithe Sé.
4Is iad seo geinealaigh Neimhe agus na Talmhan, an uair críochnuigheadh iad, an lá ar chruthuigh an Tighearna Dia an talamh agus Neamh.
5Agus gach plannda talaimh sul ar fhás sé aníos as an talamh, agus gach luibh talaimh sul ar fhás sé, óir níor chuir an Tighearna Dia fearthainn ar an talamh, agus ní raibh duine (ann) leis an talamh a shaothrú. 6Ach do bhris sruthán uisce aníos as an talamh agus do fhliuch sé éadan na talmhan.
7Agus chruthuigh an Tighearna Dia (an) duine as luaithridh na talmhan, agus shéid anal na beatha 'n-a ghaothsán, agus d'eirigh an duine 'n-a bheathaidh. 8Agus do chuir an Tighearna Dia gáirdín aoibhnis ann ó tús; in ar chuir Sé an duine 'chruthuigh Sé. 9Agus as an talamh amach 'thug an Tighearna Dia gach cineal crann a bhí taithneamhach do'n tsúil agus blasta le h-ithe, crann na beatha, freisin, i lár gháirdín Phárrthais, agus crann an mhaith agus an uilc.
10Agus do ghluais abha amach as Éden (áit an aoibhnis) chun Párrthas a fhliuchú, agus a roinn in a cheithre ranna ó shoin é. 11Is é Píson is ainm do chionn aca (san); é siud a thimcheallas an tír sin Hevilath, tír an óir. 12Agus an-mhaith é ór na tíre sin. Tá sin ann—Bdellium, (.i. Reisín greimeach cúmhra), agus an chloch onyx. 13Agus is é ainm an dara abhann—Gehon; í siud a thimcheallas tír na h-Ethiópia. 14Agus is é ainm an tríú abhann—an Tígris; a ghluaiseanns taobh le Assyrians. Agus is í an ceathramhadh abha—an Euphrates.
15Agus do ghlac an Tighearna Dia an duine agus chuir sé i ngáirdín Édein é—áit an aoibhnis—le é a shaothrú agus aire a thabhair dó. 16Agus d'órduigh Dia dhó, a' rádh: “Ith de thoradh gach craínn atá i bPárrthas. 17Ach amháin de chrann an eolais ar mhaithe 's ar olc, ná h-ith de toradh an chrainn sin, oír, má itheann tú, éagfaidh tú an lá san, cinnte.”
18Agus deir an Tighearna Dia: “Ní maith do'n duine bheith 'n-a aonar. Deanamaois congantóir dó, ar a chosamhlacht leis féin.” 19Agus ar n-a bheith cruthuighe ag an Tighearna Dia, as an chré, ainmhidhthe uile na talmhan agus éanlaith uile an aeir, thug Sé chuig Ádhamh iad chun go n-ainmneóchadh seisean iad; agus cibé ainm (fe leith) chuirfheadh Ádhamh ortha bhus é sin a n-ainmneacha. 20Agus thug Ádhamh a ainm féin do gach ainmhidhe, agus do gach éan, agus do gach áirnéis san machaire, acht níor fríoth ortha aon chongantóir d'Ádhamh a bhí cosamhail leis féin. 21Annsin chuir an Tighearna Dia codladh trom ar Ádhamh, agus nuair bhí sé n-a shámh-chodladh, bhain (Sé) ceann de na h-easnacha as a chliathán agus líon le feoil é. 22Agus as an easna a bhain an Tighearna Dia as an fhear rinne Sé bean de, agus thug sé d'Ádhamh í.
23Agus arsa Ádhamh:
“Anois, is cnámh de mo chnámha í seo,
Agus feoil de mo chuid feola.
‘Bean’ a h-ainm,
Toisc gur beanadh (baineadh) as an bhfear í.”
24Uime sin, fágfaidh an fear a athair agus a mháthair, agus ceangaileóchaidh (é féin) d'á bhean-cheile, agus béidh siad beirt mar aon—in aon fheoil amháin. 25Agus bhí an bheirt aca lom tárnochtuighthe, 's é sin, Ádhamh agus a bhean-chéile, agus ní rabh pioc náire ortha.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Geinis 2: ABNPOD

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល