Geinis 4
4
Stair Cháin agus Abel.
1Agus luigh Ádhamh le n-a bhean agus toirrcheadh í, agus rug sí mac—Cáin, a' rádh: “Ghnothuigh mé duine ó'n Tighearna.” 2Agus, arís, rug sí d'reathair dó—Ábel.
Agus bhí Abel in a thréachdaidha, agus bhí Cáin in a scológ. 3Agus thárla, tar éis tamaill, go dtug Cáin tabhartasaí de thóradh na talmhan mar ófrala do'n Tighearna. 4Thug Abel, freisin, (tabhartasaí) d'Óg agus de Raogha a thréid. Agus bhí meas ag an Tighearna ar Ábel agus ar a chuid tabhartas, 5acht ar Cháin agus a chuid-se tabhartas ní rabh meas aige. Agus bhí fearg mhór ar Cháin agus thuit a liobar air. 6Agus a deir an Tighearna leis: “Chad tuige duit bheith feargach? Agus cad tuige duit an liobar ort? 7Má ghní tú an maith nach bhfuighidh tú an meas? Acht má's é an t-olc é (a ghní tú) nach é an peacadh bhéas sa doras agat? Acht béidh a chlaonadh—san fút (féin) agus béidh sárú agat air.”
8Agus arsa Cáin le n-a dh'reathair Abel: “Imthighmís amach.” Agus an t-am bhí siad san ghort, d'ionnsuidh Cáin a dh'reathair Abel agus mharbh sé é. 9Agus d'fhiafruigh an Tighearna de Cáin: “Cá bhfuil do dh'reathair Abel?” agus d'fhreagair Cáin: “An mise coimheadaidhe mo dh'reathara?” 10Agus a deir sé leis: “Caidé tá deanta agat? Tá guth fuil do dh'reathara a' glaodhach chugam as an talamh. 11Mar sin de, is malluighthe thú ar an talamh a d'fhoscail a bhéal 's slug fuil do dh'reathara as do láimh. 12An uair a shaothróchas tú é ní thiubharfaidh sé d'á chuid tórtha. Beidh tú i do sheachránaidhe agus i do dhilleachtaidhe ins an domhan.” 13Agus arsa Cáin leis an Tighearna: “Is mó mo dhroch-ghníomh ná a dtig liom párdún 'fhagháil ar a son. 14Féach go dteilgeann tú amach anois mé ó éadan na talmhan agus d'á bhrig sin gach éinneach a thiocfas suas liom marbhóchaidh sé-mé.” 15Agus a deir an Tighearna leis: “Ní h-amhlaidh a bhéas. Acht cibé neach a chuirfeadh chun báis thú cuirfear a sheacht n-oirid de phíonós air.”
Agus do chuir an Tighearna marc ar Cháin mar chómhartha do'n té thiocfadh suas leis gan é 'mharbhú. 16Agus d'imthigh Cáin amach as láthair an Tighearna agus chómhnaigh in a dhílleachtaidhe (théighmhidhe) ar an talamh sa taobh thoir d'Éden.
17Agus luigh Cáin le n-a bhean, agus do toirrcheadh í agus rug sí Énoc. Agus thóg sé cathair agus thug ainm a-mhic .i. Énoc, do'n chathair. 18Agus d'Énoc rugadh Irad. Agus d'Irad rugadh Mavísel, agus do Mavísel rugadh Matúsel, agus do Mhatúsel rugadh Lámech.
19A ghlac beirt bhan—Ada agus Sella a n-ainmneacha. 20Agus rug Ada Jabel, a bhí in a athair ag an dream a chomhnuigheann i mbothanna, agus an dream a coimheadann na caoirigh. 21Agus b'é Jubal ainm a dh'reathara: b'[é] athair ar lucht seinnte ar chláirseach 's ar orgán é. 22Do rug Sella Tubalcáin, a bhí 'n-a ghabha agus ceárdaidhe ar práis agus iarann. Agus bhí Naoma deirbhshiuir do Thubalcáin. 23Agus arsa Lámech le n-a mhná chéile—Ada agus Sella:
“Éistigidh le mo ghlór, a mhná Lámeich;
Tabhairigidh cluas do mo chainnt:
Óir do mharbh mé fear ag mo ghonadh féin,
Agus óganach ag mo bhrúghú.
24Díoghalas fé sheacht bhéas ar Cháin,
Acht díoghaltas fé sheacht fé sheachtmha bhéas ar Lámech.”
25Luigh Ádhamh le n-a bhean arís agus rug sí mac ar a dtug sí Seth, a' rádh: “Thug Dia síol i n-áit Ábel do marbhuigheadh le Cáin.” 26Acht do rugadh, freisin, mac ar a dtug sé Énos. Thosuigh an fear seo a' ghlaodhach ar ainm an Tighearna.
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Geinis 4: ABNPOD
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
Peadar Ó Dubhda 1943.