Geinis 5
5
Geineamhlacht, Aois agus bás na n-Athara, ó Ádhamh anuash go dtí Naoi. Aistriú Enoich.
1Is é seo leabhar geineamhlaigh Ádhaimh. An lá ar chruthuigh Dia an duine ba in a chosamhlacht féin sé é. 2Chruthuigh sé iad feardha agus beandha. Agus bheannuigh iad, agus thug mar ainm ortha Ádhamh, san lá ar cruthuigheadh iad.
3Agus mhair Ádhamh céad agus tríocha blian agus ghein sé mac d'á chosamhlacht féin, agus a dhealbh féin, agus thug Seth mar ainm dó. 4Agus b'iad laethe (aois) Ádhaimh, tar éis Seth a gheiniú, ocht gcéad blian: agus ghein sé mic agus níngheanna. 5Agus b'é faid saoghal Ádhamh—naoi gcéad agus tríocha blian, agus fuair sé bás.
6Mhair Seth, freisin, céad agus chúig blian agus ghein sé Enos. 7Agus do mhair Seth, tar éis dó Énos a gheiniú, ocht gcéad agus seacht mblian, agus ghein sé mic agus níngheanna. 8Agus b'iad laethe uile (aois) Seth—naoi gcéad agus dhá bhliain déag, agus fuair sé bás.
9Agus mhair Énos nócha blian, agus ghein sé Cainán. 10Agus mhair Énos, tar éis dó Cainán a gheiniú, ocht gcéad blian agus cúig blian déag, agus ghein sé mic agus níngheanna. 11Agus b'iad laethe uile (aois) Énos—naoi gcéad agus cúig blian, agus fuair sé bás.
12Agus mhair Cainán seachtmha blian agus ghein sé Malalíl. 13Agus mhair Cainán, tar éis Mhalalíl a gheiniú, ocht gcéad agus ceathracha blian, agus ghein sé mic agus níngheanna. 14Agus b'iad laethe uile (aois) Chaináin—naoi gcéad agus deich mblian, agus fuair sé bás.
15Agus mhair Malaleíl seasa-a-cúig blian, agus ghein sé Jarad. 16Agus mhair Malalíl, tar éis dó Jarad a gheiniú, ocht gcéad agus tríocha blian, agus ghein sé mic agus níngheanna. 17Agus b'iad laethe uile (aois) Mhalalíl—ocht gcéad agus nócha a cúig blian, agus fuair sé bás.
18Agus mhair Jared céad agus seasea-a-dó blian agus ghein sé Henoch. 19Agus mhair Jared, tar éis dó Henoch a gheiniú, ocht gcéad blian, agus ghein sé mic agus níngheanna. 20Agus b'iad laethe uile (aois) Jared—naoi gcéad agus seasea-a-dó blian, agus fuair sé bás.
21Agus mhair Henoch seasca a cúig blian agus ghein sé Matúsala. 22Agus do shiubhal Henoch le Dia: agus mhair trí chéad blian tar éis dó Mhatúsala do gheinú, agus ghein sé mic agus níngheanna. 23Agus b'iad laethe uile (aois) Henoich—trí chéad agus seasca a cúig blian. 24Agus shiubhail sé le Dia. Agus ní facthas ní ba mhó é, óir do thug Dia leis é.
25Agus mhair Matúsala céad agus ochtmha a seacht blian, agus ghein sé Lamech. 26Agus mhair Matúsala, tar éis dó Lamech a gheiniú, seacht gcéad agus ochtmha-a-dó bhlian, agus ghein mic agus níngheanna. 27Agus b'iad laethe uile (aois) Mhatúsala—naoi gcéad agus seasca a naoi blian, agus fuair sé bás.
28Agus mhair Lamech céad agus ochtmha-a-dó blian, agus ghein sé mac. 29Agus thug sé Noe (Naoi) mar ainm air, a' rádh: bhearfaidh sé seo compóirt (cabhair) duinn le obair agus shaothar ár lámh ar an talamh atá malluighthe ag an Tighearna. 30Agus mhair Lámech cúig céad agus nócha-a seacht blian tar éis dó Naoi a gheiniú, agus ghein sé mic agus níngheanna. 31 Agus b'iad laethe uile (aois) Lámech—seacht gcéad agus seachtma a seacht blian, agus fuair sé bás.
32 Agus ghein Naoi, 's é cúig céad blian, Sem, Cham agus Iapet.
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Geinis 5: ABNPOD
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
Peadar Ó Dubhda 1943.

: