Geinis 6

6
Is é peaca an duine ádhbhar na dílinne. Aithne ar Naoi áirc a thógail.
1Agus in-a dhéidh sin toisigheadh ar mhéadú na ndaoine ar éadan na talmhan: agus rugadh níngheanna dhóbhtha. 2Chonnaicthas do mhic Dé go rabh níngheacha na ndaoine sgiamhach agus ghlacadar chuca féin mná (chéile) d'á raogha féin. 3Agus 'deir Dia: “Ní fhanfaidh mo spiorad san duine i gcó mhnaidhe, de bhrigh gur feóil eisean. Agus bhus laethe dó—céad agus fiche blian.”
4Anois, do bhí fathaigh an an talamh san am úd. Óir an uair chuaidh mic Dé isteach chuig níngeacha na ndaoine, agus gheineadar clann dóbhtha, b'iad sin fathaigh agus fir chliumhala na sean-aimsire.
5Agus ar fheicsint do Dhia gur mhór é cionntacht an daoine ar an talamh, agus go raibh dúil a chroidhe i gcómhnaidhe a' claonú chun an uilc, 6B'aithreach leis Dhia an duine do chruthú ar an talamh. Agus bhí brón mór in a chroidhe. 7Agus deir sé: “Scriosfaidh mé an duine a chruthuigh mé, ó éadán na talmhan eadar duine agus beitheach, néithe a snámhas (ar thalamh) go fui éanlaith an aeir, óir is aithreach liom go dtearn mé iad.” 8Acht fuair Naoi grása i bhfiadhnuise an Tighearna.
9Is iad geinealaigh Naoi.
Ba duine fíreannta iomlán Naoi ar a gheinealacha. Do shiúbhail sé le Dia. 10Do ghein Naoi triur mac—Sem, Cham agus Iaphet. 11Agus do bhí an talamh truaillighthe i bhfiadhnuise Dé, agus líonta de pheacaidh. 12Agus ar fheicsint an peaca sin (truailleadh) do Dhia; óir do thruailligh an fheoil go léir í féin ar an talamh.
13Dubhairt sé le Naoi: “Tá críoch an uile fheola i m'fhiadhnuise, óir tá an talamh líonta d'urcóid thríotha-san, agus scriosaidh mé iad agus an talamh chomh maith. 14Dean duit féin áirc de shaltaí adhmaid. Dean ionaid (seomraí) bheaga san áirc, agus cuir ‘pic’ air, astoigh agus amuigh. 15Agus is mar seo dheanfas tú é: Bíodh faidh trí chéad cúbit ann; leithead caoga cúbit, agus aoirde tríocha cúbit. 16Dean fuinneóg san áirc, agus i geúbit amháin críochnóchaidh tú a bárr-san. Agus cuir (fidh tú) doras na h-áirce ar thaobh de, agus ionaid thíos agus ilár, agus trí urláir ann—sin mar dheanfas tú é.
17“Agus féach, beirfidh mise uiscí in a dtuile mór ar an talamh a scriofas an fheoil uile in a bhfuil anal na beatha, faoi Neamh. Scriosfear (básfar) gach rud atá ins an talamh. 18Agus connat-sa (thríot-sa) daigneóchaidh mé mo chonnradh agus rachaidh tú isteach san airc, tu féin agus do chlann mhac, agus do bhean agus mná do chloinne mac mar i n-éineacht leat. 19Agus béarfaidh tú leat, de gach nidh beo de gach feoil, dhá cheann de gach saghas isteach san áirc leat, eadar feardha agus beandha; 20de'n éanlaith d'réir a gcinéal agus de bheithigh d'réir a gcineal, agus de gach nidh shnámhas ar an talamh, d'réir a gcineal, dís de gach aon chineal rachaidh isteach leat ionnus go mairidh siad beo. 21Agus tabhair leat (chugat) de gach uile biadh d'á n-iosfaidhe agus coigleóchaidh tú (i dtaisce) é, agus bíodh sé mar bhiadh duit féin agus dóbhtha-san.” 22Agus rinne Naoi gach uile rud d'ar órduigh Dia dhó a dheanamh.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Geinis 6: ABNPOD

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល