Geinis 7
7
Téigheann Naoi agus a chlann isteach san Áirc. Tuile na dílinne ar an domhan.
1Agus deir an tighearna leis: “Táigh isteach, tú féin 's do theaghlach (clann) uilig ins an áirc, óir chonnaic mé fíreanta thú i m'fhiadhnuise san gheinealach (aois) seo. 2De gach bheithach atá glan tabhair leat seacht 's seacht, eadar feardha 's beandha. (7:3 a) Acht de na bheithigh neamh-ghlana a dó fé dhó, eadar feardha 's beandha; 3d'éanlaith an aeir freisin seacht agus seacht, idir feradha agus beandha, ionnus go gcoinneóchar síol beo ar éadan na talmhan. 4Ar ball beag, tar éis seacht lá, cuirfidh mé fearthainn ar an talamh (domhan) ar feadh dachad lá agus dachad oidhche, agus scriosfaidh mé amach ó éadán na talmhan gach uile nídh d'á dtearn mé.” 5Agus rinne Naoi gach rud fé mar d'aithin an Tighearna dhó (air).
6Agus bhí sé sé céad blian ar aois an uair bhris tuile na dílinne amach ar an domhan. 7Agus chuaidh Naoi isteach san áirc, é féin agus a chuid mac, a bhean, agus mná a chuid mac ó uiscí na dílinne. 8De gach beitheach glan agus neamh-ghlan, agus d'éanlaith, agus de gach nidh beo 'bhogas ar an talamh, 9chuaidh a dó 's a dó, feardha beandha, isteach le Naoi san áirc, fé mar d'aithin an Tighearna do Naoi. 10Agus nuair a bhí seacht lá thart do leath uiscí (tuile) na dílinne (amac) thar éadán na talmhan.
11In a sheiseadh chead blian ar aois do Naoi, san dara mí, an seachtmha lá déag de'n mhí, do briseadh aníos tobhraca an aigéin mhóir uile agus foscladh geataí uisce Neimhe. 12Agus thuit an fhearthainn ar éadán na talmhan ar feadh dachad lá agus dachad oidhche. 13Agus ar an lá céadna chuaidh Naoi agus a thriur mac, Sem, Cham agus Iaphet, a bhean féin agus thriur bhean a chuid mac, isteach san áirc. 14Iad féin agus gach beitheach d'réir a chinéil, agus gach áirneis d'réir a chinéil, agus gach nidh 'bhogas ar an talamh, d'réir a chinéil, agus gach éanlaith agus éan d'á n-eiteallann, chuadar isteach ins an áirc. 15Chuaidh isteach, fosta, le Naoi ins an áirc, a dó 's a dó de gach uile feoil in a bhfuil anal na beatha. 16Agus iad san a chuaidh isteach chuadar idir feardha agus beandha de gach uile feoil, d'réir mar d'aithin Dia dhó: Agus dhruid an Tighearna isteach í ar an taobh amuigh.
17Agus bhí an díle dachad lá ar éadán na talmhman: agus do méaduigheadh ar na h-uiscí agus thóg siad an áirc in-áirde ó'n talamh. 18Óir do leathadar amach go foirleathan: agus líonadar éadán na talmhan uile: agus do h-iomcharadh an áirc ar bharr na h-uiscí. 19Agus do rug na h-uiscí buaidh thar cuimse leo ar an talamh: agus do clúduigheadh sléibhte árda an domhain leo. 20Bhí an t-uisce cúig-cúbit-déag ní b'áirde ná an sliabh a bhí clúduighthe aige.
21Agus do scriosadh gach uile feoil d'ár chorruigh (bhog) ar an talamh—eadar éanlaith agus áirnéis agus beithigh agus gach nídh shnámhas ar an talamh, agus gach uile dhuine. 22Agus d'eág gach nídh beo ar éadán na talmhan. 23Agus do scrios sé gach uile nídh ar éadán na talmhan, eadar duine agus beitheach agus na néithe shnámhas ar thalamh, agus éanlaith an aeir. Agus níor fágadh (beo) acht Naoi agus iad san a bhí leis san áirc. 24Agus bhí buaidh ag an uisce ar éadán na talmhan ar feadh céad agus caoga lá.
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Geinis 7: ABNPOD
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
Peadar Ó Dubhda 1943.

: