Geinis 8

8
Stadann an díle. Téigheann Naoi amach as an áirc agus ofráileann íodhbairt. (An) Connradh eadar Dia agus eisean.
1Agus chuinnigh Dia ar Naoi agus gach ainmhidhe beo agus ar an áirnéis uile do bhí leis ins an áirc, agus thug ar gaoith (séideadh) thar éadán na talmhan, agus laghduigheadh ar na h-uiscí. 2Do cascadh mar a gcéadna ar thobracha an aigéin mhóir, agus druideadh gheataí-uisce Neimhe, agus cuireadh stad leis an fhearthainn ó neamh. 3Agus do phill na h-uiscí ó'n talamh teacht agus pilleadh. Agus laghaduigh na h-uiscí tar éis céad-go-leith lá. 4Agus do chómhnaigh an áirc, san seachtmhadh mí, an seachtmhadh lá ar fhichid, ar (bharr) sléibhte Armínia. 5Agus bhí na h-uiscí ag imtheacht agus a' dul i laighead go dtí deireadh an deicheamhadh mí. Óir, ins an deicheamhadh mí, ar an chead lá de'n mhí, bhí barra na sléibhte le feiceal.
6Agus ag deireadh an dachad lá, ar fhosaileadh fuinneoíge na h-airce do Naoi, (an áirc a bhí deanta aige) (8:7 a) chuir sé fiach amach; 7a chuaidh amach agus nár phill go dtí gur triomuigheadh na h-uiscí ar éadán na talmhan.
8Do chuir sé amach, fosta, colum, in a dhiaidh, féachaint ar traoch na h-uiscí ó éadán na talmhan. 9Acht ní fhuair sise (an colum) aon áit thirim d'á cosaibh, agus phill sí chuige (Naoi) ins an áirc. 10Agus tar éis fanacht seacht lá eile, chuir sé amach an colum arís as ó'n áirc. 11Agus phill sí chuige arís sa tráthnóna agus craobh de chrann óla léithe, in a gob, a rabh na h-uiscí imthighthe ó'n talamh. 12Agus d'fhan sé fós seacht lá eile. Agus chuir sé amach an colum, agus níor phill an cholum chuige ní ba mhó.
13Mar sin, san seiseadh céad blian-'s a h-aon, san chead mhí, an chead lá de'n mhí do triomuigheadh na h-uiscí ar an talamh, agus ar fhosailt clúdach na h-áirce do Naoi d'fhéach sé amach, agus chonnaic go rabh éadán na talmhan triomuighthe. 14Ins an dara mhí, ar an seachtadh lá fichead de'n mhí bhí an talamh tirim.
15Agus labhair Dia le Naoi, a' rádh: 16“Éirigh amach as an áirc, tú féin agus do bhean agus do chlann mac agus mná (céile) do (chloinne) mac leat. 17Beir leat amach gach aon nídh d'á bhfuil agat de gach uile fheoil idir éanlaith (an aeir) agus áirnéis, agus gach nídh d'á shnamhann ar an talamh, agus téigh-se ar an talamh: Síolraigh agus méaduigh ar an talamh.” 18Agus chuaidh Naoi amach, agus a chuid mach leis, agus a bhean agus mná a chuid mac. 19Agus chuaidh gach nidh beo eadar áirnéiss 's gach nídh shnámhas ar an talamh, d'réir a gcinéil, chuadar amach as an áirc. 20Agus thóg Naoi altóir do'n Tighearna, agus thug leis a rabh glan de'n áirnéis agus d'éanlaith 's d'ófrail sé íodhbairt loiscighthe ar an altóir. 21Agus mhothuigh an Tighearna an deagh-bholadh agus dubhairt: “Ní millfidh mé (mallachtóchaidh) an talamh níos mó thar cionn an duine, óir is dual do'n duine ó n-a óige claonú in a chroidhe leis an olc; mar sin de ní mhillfidh mé, níos mó, an uile nidh beo fé mar rinne mé. 22An fhaid agus mhairfeas an domhan ní stadfar d'aimsir an t-síol-chur, ná de'n fhóghmhar, de'n teas ná de'n fhuacht, samhradh ná geimhreadh, oidhche ná lá.”

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Geinis 8: ABNPOD

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល