Geinis 9
9
Beannuigheann Dia Naoi. Cosc ar dh'órtú fola. Gealltanas nach scriosfaidhe an domhan choidhche arís le dílinn. Beannughadh ar Shem agus Iaphet.
1Agus bheannuigh Dia Naoi agus a chuid mac, agus deir sé leo: “Méaduighigidh agus méaduighigidh, agus líonaigidh an domhan. 2Agus bíodh bhur bhfeag agus bhur n-uamhan ar bheithigh uile na talmhan, agus ar éanlaith uile an aeir, agus ar gach nidh 'chorruighéas ar an talamh, bheireal éisc uile na fairrge (díbh) in bhur lámha. 3Agus bíodh gach nidh beo agus gach nidh 'chorruigheas mar bhiadh daoibh. Go fiú na luibheanna glasa bheirim díbh iad go léir.
4Acht (amháin) feoil le h-anam ná h-íthigidh. 5Óir go drimhin éileóchaidh mise fuil bhur n-anam as láimh gach beithi[gh], agus as láimh an duine, as láimh gach duine agus a dh'rethar éileóchaidh mé anam duine. 6Cibé duine doirfeas fuil an duine dóirfear a chuid-se fola, óir i n-íomhaigh Dé rinneadh an duine. 7Acht méaduigidh ibh-se agus méaduigidh, agus téighigidh amach ar an talamh agus líonaigidh é.”
8Dubhairt Dia é seo, freisin, le Naoi agus a chuid mac: 9“Féach go ndeanaim mo chonneadh libh, agus le bhur sliocht (síol) in bhur ndéidh, 10agus le gach nidh beo atá libh, agus le gach uile éanlaith agus gach uile áirnéis agus beithigh ar an talamh atá a' teacht as an áirc libh, agus le h-ainmhidhthe uile na talmhan.
11Agus daingneóchaidh mé mo chonnradh libh, agus ní scriosfar le tuile dílinne go deo arís gach uile feoil, agus ní móide go mbeidh aon tuile ann leis an talamh a mhilleadh.”
12Agus deir Dia: “Is é seo cómhartha an Chonnartha ghním eadar mise agus sibh-se, agus do gach nidh beo atá libh, in gach glún go síorraidhe. 13Cuirfidh mé stuadh (bógha) ins na néaltaí, agus beidh sé sin in a chómhartha ar mo chonnradh eadar mé agus an talamh. 14Agus an uair clúduighim an spéir le néaltaí, tchífear mo scuadh (bógha) ins na néalta. 15Agus cuimhneóchaidh mé ar mo chonnradh libh, agus le gach nídh beo ar a bhfuil feoil; agus ní bhéidh tuilte uisce níos mó ann chun gach uile fheoil a scriosú. 16Agus beidh an stuadh (bógha) ins na néaltaí, agus tchífidh mise é, agus cuimhneóchad ar an Chonnradh buan (síorraidhe) a rinneadh idir Dia agus gach nídh beo de gach uile feoil atá ar éadán na talmhan.”
17Agus deir Dia le Naoi: “Beidh sé seo mar chómhartha ar an chonnradh, atá de[anta] agam idir mé féin agus gach uile feoil ar an talamh.”
18Agus b'iad Sem, Cham agus Iaphet mic Naoi, a tháinig amach as an áirc, agus is é Cham athair Chanaáin. 19Mic Naoi 'sead an triur seo: agus is uatha do líonadh an domhan uile le daoiní.
20Agus thusaigh Naoi mar chriadhaire ag saothrú an talaimh agus rínne sé gáirdín fíonamhna. 21Agus d'ól sé an fíon agus bhí ar meisce, tárnochtuighthe (astuigh) in a bhoth. 22Agus nuair chonnaic Cham, athair Chanaáin, a athair (féin) tárnochtuighthe, d'innis sí do n-a bheirt dh'reathair amuigh é. 23Acht do chuir Sem agus Iaphet brat thar a nguailne agus chuadar indéidh-a-gcúl (isteach). Agus chlúduigheadar tárnocht a n-athar.
24Agus ar mhúscaileadh do Naoi as an fhíon (an mheisce) agus nuair tuig an rud a bhí deánta aige n-a mhac a b'óige, 25ars eisean:
“Mallacht ar Chanaán.
Bíodh sé in a sheirbhíseach ag seirbhisigh do n-a dh'reathracha.”
26Agus dubhairt:
“Go mbeannuighidh an Tighearna Dia Sem,
Bíodh Canaán in a sheirbhiseach dó.
27Go méaduighidh Dia (stór) Iaphet,
Agus go gcómhnuighidh sé i mbothaidh Shem.
Agus Canaán bheith mar sheirbhíseach dó.”
28Agus mhair Naoi ar feadh trí céad agus caoga blian tar éis na dílinne. 29Agus 'é fad a shaoghail uile, naoi gcéad agus caoga blian, agus fuair sé bás.
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Geinis 9: ABNPOD
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
Peadar Ó Dubhda 1943.

: