Lúcás 18

18
1Agus dʼinis sé fáithscéal dóibh, le múineadh dóibh gur chóir dóibh bheith ag guí i gcónaí gan a misneach a chailleadh. 2Is é a dúirt sé, “Bhí cathair ann a raibh breitheamh ann gan eagla air roimh Dhia ná aird aige ar dhuine; 3agus bhí baintreach sa chathair úd a bhíodh ag teacht chuige agus á rá leis, ‘Tabhair mo cheart dom in aghaidh mo namhad.’ 4Dʼeitíodh sé í ar feadh tamaill; ach ina dhiaidh sin dúirt sé ina chroí leis féin, ‘Cé nach mbíonn eagla orm roimh Dhia ná aird agam ar dhuine, 5bím do mo chloí ag an mbaintreach seo, agus tabharfaidh mé a cearta di, ar eagla go gcuire sí den saol mé agus í ag síortheacht chugam.’” 6Agus dúirt an Tiarna, “Éistigí leis an méid seo a deir an breitheamh éagórach. 7Agus nach dtabharfaidh Dia a gcearta dá dhaoine tofa, a bhíos ag glaoch air oíche agus lá? An mbeidh mórán moille air leo? 8Deirim libh go dtabharfaidh sé a gcearta dóibh in am gairid. Ach dá ainneoin sin, nuair a thiocfaidh Mac an duine, an bhfaighidh sé an creideamh ar an talamh?”
9Dʼinis sé an fáithscéal seo freisin do dhream a raibh muinín acu astu féin go raibh siad ina bhfíréin agus a mbíodh dímheas acu ar dhaoine eile. 10“Beirt fhear a chuaigh suas isteach sa teampall a ghuí, duine acu ina Fhairiséach agus duine acu ina bhailitheoir cánacha. 11Sheas an Fairiséach agus ghuigh sé leis féin mar seo leanas, ‘A Dhia liom, beirim buíochas leat nach ionann mise agus na fir eile, lucht an airgid lochtaigh, lucht na gclaonbhreitheanna, lucht an adhaltranais, nó daoine mar an bailitheoir cánacha seo anseo. 12Bím ag déanamh troscaidh faoi dhó gach seachtain, agus bím ag tabhairt an deichiú cuid de mo theacht isteach.’ 13Ach dʼfhan an bailitheoir cánacha i bhfad amach, gan oiread agus a shúile a ardú i dtreo neimhe, agus ina áit sin bhuail sé a ucht, agus dúirt sé, ‘A Dhia, bíodh trócaire agat ormsa atá i mo pheacach!’ 14Tá mise á insint daoibh gur imigh an fear úd síos abhaile agus é ina fhíréan níos mó ná an fear eile; mar níl duine dá n‑ardaíonn é féin nach n‑ísleofar, ach an té a íslíos é féin is é a ardófar.”
15Bhíodar ag tabhairt go fiú na leanaí beaga chuige go gcuirfeadh sé a lámh orthu; agus nuair a chonaic na deisceabail é sin, chros siad orthu é. 16Ach ba é rud, ghlaoigh Íosa chuige iad, agus dúirt sé, “Ligigí do na páistí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc orthu; óir is lena leithéidí sin ríocht Dé. 17Deirim go fírinneach libh, mura nglacann duine le ríocht Dé ar nós páiste, ní rachaidh sé isteach inti ar chor ar bith.”
18Agus dʼfhiafraigh rialtóir de, “A Oide mhaith, cad é a dhéanfaidh mise le seilbh a fháil ar an mbeatha shíoraí?” 19Agus dúirt Íosa leis, “Cad chuige a dtugann tú maith ormsa? Níl maith ach Dia ina aonar. 20Is feasach duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas, ná dúnmharú, ná goid, ná fianaise bhréige. Tabhair, onóir do dʼathair agus do do mháthair.’” 21Agus dʼfhreagair sé, “Tá siad seo uile á gcoimeád agam anuas ó mʼóige.” 22Nuair a chuala Íosa sin dúirt sé leis, “Tá aon ní amháin in easpa ort go fóill. Díol a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise.” 23Ach nuair a chuala sé sin, bhí brón air, mar bhí sé an-saibhir. 24Dʼfhéach Íosa air agus dúirt sé, “Cad é chomh crua leis, lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé! 25Is fusa do chamall siúl trí chró snáthaide ná dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.” 26Arsa an dream a chuala sin, “Cé is féidir a shlánú mar sin?” 27Ach dúirt seisean, “An ní is dodhéanta do dhaoine is sodhéanta do Dhia é.” 28Agus dúirt Peadar, “Féach, táimidne i ndiaidh an baile a fhágáil agus tú a leanúint.” 29Agus dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, nach bhfuil fear ann a thréig a theach nó a bhean nó a dheartháireacha nó a thuismitheoirí nó a chlann, mar mhaithe le ríocht Dé, 30nach bhfaighidh mórán níos mó ar an saol seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”
31Agus ghlac sé an dáréag go ndúirt sé leo, “Féach, táimid ag dul go hIarúsailéim, agus comhlíonfar ar scríobh na fáithe i dtaobh Mhac an duine. 32Mar tabharfar i lámha na nGintlithe é, agus beifear ag magadh faoi agus á náiriú agus ag caitheamh seile air; 33sciúrsálfar agus marófar é, agus an tríú lá éireoidh sé.” 34Ach níor thuig siad aon fhocal den chaint sin; ceileadh orthu é agus ní raibh breith acu ar a ndúradh.
35Nuair a bhí sé ag tarraingt ar Iericó, bhí dall ina shuí ar thaobh an bhóthair ag iarraidh déirce; 36agus nuair a chuala sé gleo an tslua ag dul thairis, dʼfhiafraigh sé cad é a bhí ar cois. 37Insíodh dó, “Is é Íosa as Nasair atá ag dul thart.” 38Agus ghlaoigh sé, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.” 39Chuir an méid a bhí ar thosach an tslua milleán air, ag bagairt air bheith ina thost; ach bʼamhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé in ard a chinn, agus dúirt sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire ormsa.” 40Sheas Íosa, agus dʼordaigh é a thabhairt chuige; agus nuair a tháinig sé i ngar dó, dʼfhiafraigh sé de, 41“Cad é sin ba mhaith leat mé a dhéanamh duit?” Ar seisean, “A Thiarna, radharc mo shúl a fháil.” 42Agus arsa Íosa leis, “Bíodh radharc do shúl agat; is é do chreideamh a rinne slán thú.” 43Agus fuair sé amharc na súl ar an nóiméad agus lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia; agus nuair a chonaic siad sin, thug na daoine uile go léir moladh do Dhia.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Lúcás 18: OC1970

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល