Eoin 5
5
1Bhí féile ina dhiaidh sin ag na Giúdaigh, agus chuaigh Íosa suas go hlarúsailéim.
2Anois tá linn uisce in Iarúsailéim cóngarach do Gheata na gCaorach a dtugtar Bét-sata air san Eabhrais, agus tá cúig cholúnáid ar an linn. 3Bhí slua mór othar ina luí iontusan, idir dhaill agus chithréimigh agus lucht pairilise.#Cuireann seanúdaráis eile isteach, in iomlán nó cuid de, ag fanacht le corral an uisce; 4 mar théadh aingeal ón Tiarna síos uaireanta isteach sa linn, agus chorraíodh sé an t‑uisce; pé duine a shiúil isteach ar dtús tar éis chorraí an uisce leigheasadh é ó pé galar a bhí air. 5Bhi duine amháin ansin a bhí breoite i rith ocht mbliana agus tríocha. 6Nuair a chonaic Íosa é agus dʼaithin sé go raibh sé ina luí ansin tamall fada, dʼfhiafraigh sé de, “An áil leat do leigheas?” 7Ba é freagra a thug an t‑othar air, “A Shaoi, níl aon duine agam le mo chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce, agus tá an chéim síos tugtha ag fear eile fad agus a bhímse ar mo bhealach.” 8Arsa Íosa leis, “Éirigh, tóg do shráideog ort, agus siúl leat.” 9Agus ní luaithe ráite é ná leigheasadh an fear, agus thóg sé a shráideog agus shiúil sé leis.
Anois ba é an tsabóid é an lá sin. 10Mar sin, dúirt na Giúdaigh leis an bhfear a leigheasadh, “Is í an tsabóid í, níl sé dlisteanach duit do shráideog a iompar.” 11Ach dʼfhreagair sé iad, “Is é a dúirt an fear a rinne mé a leigheas, ‘Tóg do shráideog ort agus siúl.’” 12Dʼfhiafraigh siad de, “Cé hé sin a dúirt leat, ‘Tóg do shráideog ort agus siúl.’?” 13Anois niorbh fheasach don fhear a leigheasadh cé a bhí aige, mar bhí Íosa i ndiaidh éalú sa slua a bhí san áit. 14Tháinig Íosa air ina dhiaidh sin sa teampall, agus dúirt sé leis, “Féach mar atá tú i do shláinte! Ná déan peaca a thuilleadh ar eagla go mba mheasaide duit é ná roimhe seo.” 15Dʼimigh an fear leis gur inis do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é. 16Agus sin é an chúis ar chuir na Giúdaigh an ghéarleanúint ar Íosa, i ngeall ar é sin a dhéanamh lá na sabóide. 17Ach is é an freagra a thug Íosa orthu, “Bíonn mʼAthair i gceann a chuid oibre go fóill, agus bímse ag obair.” 18Ba í sin an chúis a bhí ag na Giúdaigh le bheith ag iarraidh ní ba dhéine a chur chun báis, mar ní hamháin gur sháraigh sé an tsabóid, ach thug sé Athair ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.
19Dúirt Íosa leo, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, ní fhéadann an Mac aon ní a dhéanamh dá dheoin féin, ach amháin an ní a bhfeiceann sé an tAthair á dhéanamh; mar an ní a dhéanann seisean, is é a dhéanann an Mac mar an gcéanna. 20Mar bíonn grá ag an Athair don Mhac, agus taispeánann sé dó a mbíonn á dhéanamh aige féin; agus taispeánfaidh sé oibreacha is mó ná iad seo dó, ionas go mbeidh iontas oraibh. 21Mar a thógann an tAthair na mairbh agus mar a thugann sé beatha dóibh, is mar sin a thugann an Mac an bheatha don dream is áil leis. 22Ní thugann an tAthair breithiúnas ar aon duine, ach tá an breithiúnas uile tugtha aige don Mhac, 23ionas go mbeidh onóir ag na daoine uile don Mhac mar a bhíos acu don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é. 24Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, an té a chluineas mo bhriatharsa agus a chreideas sa té a chuir uaidh mé, is aige atá an bheatha shíoraí; ní thagann sé faoi bhreithiúnas, ach tá aistrithe aige ó bhás go beatha.
25“Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, tá an uair ag teacht, agus tá si ann cheana féin, a gcluinfidh na mairbh glór Mhac Dé, agus mairfidh a gcluinfidh é beo. 26Ó mar atá an bheatha ann féin ag an Athair, tá bronnta aige ar an Mac an bheatha a bheith ann féin, 27agus thug sé údarás dó leis an mbreithiúnas a chur i gcrích, ós é Mac an duine é. 28Nárab iontas libh sin; mar tá an uair ag teacht nuair a chluinfeas a bhfuil sna tuamaí a ghlór 29agus tiocfaidh siad amach, an méid acu a rinne an mhaith, chun aiséirí na beatha, agus an méid a rinne an t‑olc, chun aiséirí an bhreithiúnais.
30“Ní bhíonn cumas agam le haon ní a dhéanamh ar mʼúdarás féin; an bhreith a chluinim, is í a thugaim; agus is ceart an bhreith agam í, ó nach mbím ag iarraidh mo thola féin ach toil an té a chuir uaidh mé. 31Má thugaim fianaise orm féin, ní bhíonn mʼfhianaise fíor; 32tá duine nach mé a thugas fianaise orm, agus tá a dhea-fhios agam gur fíor an fhianaise a thugann sé orm. 33Chuir sibh teachtairí chuig Eoin, agus tá fianaise tugtha aige ar an bhfírinne. 34Ní fhágann sin gur daonna an fhianaise a thagas chugam; ach deirim an méid sin ionas go slánaítear sibh. 35Ba loiscneach lonrach an lampa é, agus thoiligh sibh go ceann tamaill lúcháir a bheith oraibh faoina sholas. 36Ach tá fianaise agam is mó ná fianaise Eoin; mar na hoibreacha a dheonaigh an tAthair dom a chur i gcrích, bíonn na hoibreacha seo atá á ndéanamh agam ag tabhairt fianaise orm gurb é an tAthair a chuir uaidh mé. 37Agus tá fianaise tugtha ag an Athair a chuir uaidh mé, é féin. Níor chuala sibh a ghlór riamh, ná ní fhaca sibh a chruth; 38agus ní bhíonn a bhriathar agaibh ag fanacht ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir sé uaidh. 39Bíonn sibh ag ransú na scrioptúr, mar síleann sibh gur iontu atá an bheatha shíoraí agaibh; agus is iad a thugas fianaise orm; 40ach ní toil libh teacht chugamsa ionas go mbeidh an bheatha agaibh. 41Ni ghlacaim le glóir ó dhaoine. 42Ach tá a dhea-fhios agam nach bhfuil grá Dé ionaibh. 43Tháinig mé in ainm mʼAthar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine chugaibh ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean. 44Conas a chreidfeas sibhse, a ghlacas glóir óna chéile agus nach n‑iarrann sibh an ghlóir a thagas ón aon Dia amháin?
45“Ná síligí go gcúiseoidh mise sibh i láthair an Athar; is é Maois a chúisíos sibh, an té sin ar chuir sibh bhur ndóchas ann. 46Dá gcreidfeadh sibh i Maois, chreidfeadh sibh ionamsa, ós i mo thaobhsa atá scríofa aige. 47Ach mura gcreideann sibh a scríbhinní siúd, conas a chreidfeas sibh mo bhriathrasa?”
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland