Eoin 6
6
1Ina dhiaidh sin chuaigh Íosa go dtí an taobh thall de Mhuir Ghalailí, is í sin Muir Thibérias. 2Agus bhí slua á leanúint, ó chonaic siad na comharthaí a rinne sé ar an dream a bhí breoite. 3Chuaigh Íosa suas faoi na cnoic, agus shuigh sé faoi ansin é féin agus a dheisceabail. 4Anois níorbh fhada uathu an Cháisc, an fhéile a bhíodh ag na Giúdaigh. 5Dʼardaigh Íosa a shúile ansin, agus chonaic sé chuige an slua, agus dʼfhiafraigh sé de Philib, “Conas a cheannóimid arán, ionas go gcaithfidh an dream seo bia?” 6Is á fhéachaint a dúirt sé sin, mar bhí fhios aige féin cad é a dhéanfadh sé. 7Ba é an freagra a thug Pilib air, “Ní leor dóibh luach dhá chéad déanar dʼarán, le beagán a thabhairt don uile dhuine acu.” 8Dúirt duine dá dheisceabail leis, Aindrias deartháir Shiomóin Peadar, 9“Tá gasúr anseo a bhfuil cúig bhuilín eorna agus dhá iasc aige; ach cad é an rud iad do shlua chomh mór leis?” 10Arsa Íosa, “Tugaigí ar na daoine suí fúthu.” Anois bhí fairsinge féir san áit úd; shuigh na fir síos mar sin, agus bhí siad faoi chúig mhíle ann. 11Ghlac Íosa na builíní ansin, agus dʼaltaigh sé iad, agus roinn sé iad ar a raibh ina suí; agus mar an gcéanna leis na héisc, an méid a bhí uathu. 12Nuair a bhí a ndóthain ite acu, dúirt sé lena dheisceabail, “Cruinnígí an fuílleach atá fágtha, ionas nach dté aon ní amú.” 13Chruinnigh siad mar sin é agus líon siad dhá chiseán déag le fuílleach na gcúig bhuilín eorna, a dʼfhág lucht a gcaite ina ndiaidh. 14Nuair a chonaic na daoine an comhartha a bhí déanta aige, ar siadsan, “Is é seo i bhfírinne an fáidh a bhí le teacht ar an saol!”
15Ba léir uaidh sin dʼÍosa go raibh siad ar tí teacht air agus rí a dhéanamh de le foréigean, agus dʼéalaigh sé ina aonar chun na gcnoc. 16Nuair a tháinig an tráthnóna beag, chuaigh a dheisceabail síos chun na mara, 17agus chuaigh siad ar bhád, agus dʼimigh siad leo thar toinn go Caparnáum. Bhí sé dorcha faoin am sin, agus níor tháinig Íosa chucu go fóill. 18Bhí an fharraige ag éirí leis an tréine a bhí sa ghaoth. 19Nuair a bhí a trí nó a ceathair de mhílte curtha díobh ag iomramh, chonaic siad Íosa ag siúl na farraige agus é ag teacht cóngarach don bhád. Bhí eagla orthu, 20ach is é a dúirt sé leo, “Mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.” 21Bhí lúcháir orthu ansin faoina ghlacadh isteach sa bhád, agus ní luaithe sin déanta ná bhí an bád i dtír san áit a raibh a dtriall air.
22An lá arna mhárach chonaic na daoine a dʼfhan taobh thall den fharraige nach raibh ann ach an t‑aon bhád amháin, agus nach ndeachaigh Íosa ar an mbád lena dheisceabail, ach gur imigh a dheisceabail leo féin. 23Ní lúide, tháinig báid as Tibérias cóngarach don áit ar ith siad an t‑arán tar éis an Tiarna é a altú. 24Mar sin, nuair a chonaic na daoine nach raibh Íosa ná a dheisceabail ansin, chuaigh siad féin ar na báid agus chuaigh siad go Caparnáum ar lorg Íosa.
25Nuair a tháinig siad air taobh thall den fharraige, dúirt siad leis, “A Rabbí, cá huair a tháinig tú anseo?” 26Arsa Íosa leo, “Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, ní bhíonn sibh do mʼiarraidh de bharr na gcomharthaí a chonaic sibh, ach de bharr na mbuilíní ar ith sibh bhur ndóthain díobh. 27Ná saothraígí le haghaidh an bhia a chaithfear, ach le haghaidh an bhia a mhaireas chun na beatha síoraí, an bia a thabharfas Mac an duine daoibh; ós air a chuir an tAthair a shéala.” 28Dʼfhiafraigh siad de ansin, “Cad é a chaithfimid a dhéanamh, le bheith ag déanamh oibreacha Dé?” 29Is é a dʼfhreagair Íosa, “Is í seo obair Dé, go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.” 30Leis sin ar siadsan leis, “Cad é an comhartha a dhéanfas tú mar sin, go bhfeicimid, agus go gcreidimid ionat? Cad í an obair a chuirfeas tú i gcrích? 31Bhí ár n‑aithreacha ag ithe an mhanna ar an bhfásach; mar atá scríofa, ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le n‑ithe’.” 32Arsa Íosa leo ansin, “Is fíor agus is fírinneach a insím daoibh, níorbh é Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh; is é mʼAthairse a thugas daoibh an t‑arán neamhaí fírinneach. 33Mar is é an t‑arán diaga an ní a thagas ó neamh anuas, agus a thugas beatha don domhan.” 34Ar siadsan leis, “A Thiarna, bí i gcónaí ag bronnadh an aráin seo orainn.”
35Arsa Íosa leo, “Is mise arán na beatha; níl duine dá dtagann chugam a mbeidh ocras air, ná duine dá gcreideann ionam a mbeidh tart air. 36Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach mó a chreideann sibh ionam. 37Níl duine dá mbronnfaidh an tAthair orm nach dtiocfaidh chugam; agus an té a thiocfas chugam, ní chaithfidh mé amach é. 38Níor tháinig mé anuas ó neamh go ndéanfainn mo thoil féin, ach toil an té a chuir uaidh mé; 39agus is í seo toil an té a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon ní dár thug sé dom, ach go dtógfainn é sa lá deireanach. 40Mar is í sin toil mʼAtharsa, go mbeadh an bheatha shíoraí ag gach duine dá bhfeiceann an Mac agus dá gcreideann ann; agus go dtógfainn ar an aiséirí é an lá deireanach.”
41Chuaigh na Giúdaigh a chlamhsán air, as sin a rá, “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.” 42Is é a dúirt siad, “Nach é seo Íosa, mac Iósaif, a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conas a deir sé mar sin anois, ‘Tháinig mé anuas ó neamh?’” 43Dʼfhreagair Íosa iad, “Ná bígí ag clamhsán eadraibh féin. 44Ní fhéadann aon duine teacht chugamsa mura dtarraingíonn an tAthair a chuir uaidh mé é; agus tógfaidh mé é sa lá deireanach. 45Tá sé scríofa i leabhair na bhfáithe, ‘Agus beidh Dia mar oide acu uile go léir.’ Níl duine dár chuala agus dár fhoghlaim ón Athair nach dtagann chugam. 46Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair ach an té atá ó Dhia; tá an tAthair feicthe aige sin. 47Is fíor atá, agus is fíor mo rá, an té a chreideas tá an bheatha shíoraí aige. 48Is mise arán na beatha. 49Dʼith bhur n‑aithreacha an manna ar an bhfásach, agus dʼéag siad. 50Is é seo an t‑arán a thagas anuas ó neamh go n‑ithe duine é agus nach bhfaighe sé bás. 51Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh; cibé a itheas an t‑arán seo, mairfidh sé go deo; agus an t‑arán a thabharfas mé uaim mar mhaithe le beatha an domhain is é mʼfheoil é.”
52Chuaigh na Giúdaigh a dhíospóireacht á fhiafraí dá chéile, “Conas a dʼfhéadfadh an fear sin a fheoil féin a thabhairt dúinn le n‑ithe?” 53Dúirt Íosa leo ansin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑itheann sibh feoil Mhac an duine, agus mura n‑ólann sibh a fhuilsean, níl aon bheatha ionaibh; 54an té a itheas mʼfheoil agus a ólas mʼfhuilse tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé an lá deireanach é. 55Mar is bia fírinneach í mʼfheoilse, agus is deoch fhírinneach í mʼfhuilse. 56An té a bhíos ag ithe mʼfheolasa agus ag ól mʼfholasa, cónaíonn sé ionam, agus cónaímse ann. 57Mar a chuir an tAthair beo uaidh mé, agus mar a mhairimse beo uaidhsean, is mar sin a mhairfidh uaimse an té a itheas mé. 58Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh, nach ionann é agus an t‑arán a dʼith na haithreacha a fuair bás ina dhiaidh; an té a íosfas an t‑arán seo mairfidh sé go deo.” 59Dúirt sé é sin sa tsionagóg, agus é ag teagasc i gCaparnáum.
60Bhí mórán dá dheisceabail ann a dúirt nuair a chuala siad sin, “Is deacair an rá é sin; cé a fhéadas éisteacht leis?” 61Ach ó bhí a fhios ag Íosa ina intinn féin go raibh a dheisceabail ag monabhar faoi sin, dúirt sé leo, “An dtugann sin oilbhéim daoibh? 62Cad é mar sin dá bhfeicfeadh sibh Mac an duine ag ardú suas go dtí an t‑ionad a mbíodh sé ann roimhe seo? 63Is é an Spiorad a thugas an bheatha; níl sé de chumhacht ag an gcorp; is spiorad agus is beatha iad na briathra atá ráite agam libh. 64Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.” Mar bhí a fhios ag Íosa ó thús cé hiad nár chreid, agus cé hé a dhéanfadh a bhrath. 65Agus dúirt sé, “Is é sin an fáth gur inis mé daoibh nach bhféadann aon duine teacht chugam mura mbronnann an tAthair air é.”
66Ina dhiaidh sin tharraing mórán dá dheisceabail siar agus níor lean siad é a thuilleadh. 67Arsa Íosa leis an dáréag, “An ndéanfaidh sibhse mo thréigean freisin?” 68Ba é Síomón Peadar a dúirt mar fhreagra, “A Thiarna, cé sin arbh fhiú dúinn dul chuige? Is agat atá briathra na beatha síoraí; 69agus tá creidte againn, agus tugadh le fios dúinn, gur tusa is naofa le Dia.” 70Arsa Íosa, “Nár thogh mé an dáréag agaibhse, agus tá duine agaibh ina dhiabhal saolta?” 71Is é Iúdás mac Shíomóin Iscariót a bhí á lua aige, mar ba é a bhí lena bhrath, agus é ina dhuine den dáréag.
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland