Eoin 7

7
1Bhí Íosa ag siúl na Galailí ina dhiaidh sin; ní raibh fonn air Iúdaea a shiúl, ó bhí muintir Iúdaea ag iarraidh a mharú. 2San am sin ba ghairid uathu an fhéile sin na mboth a bhíodh ag na Giúdaigh. 3Dúirt a dheartháireacha leis dá bhrí sin, “Fág seo agus tabhair Iúdaea ort féin, go bhfeice na deisceabail atá agat na hoibreacha atá á ndéanamh agat. 4Mar ní bhíonn aon duine ag oibriú os íseal ar mhian leis aithne a bheith air os ard. Má tá seo á dhéanamh agat, taispeáin thú féin don saol.” 5Mar níor chreid a dheartháireacha féin ann. 6Is é a dúirt Íosa leo, “Níor tháinig mʼuainse go fóill, ach bíonn sé i gcónaí ina uain agaibhse. 7Ní fhéadann an saol fuath a thabhairt daoibhse, ach bíonn fuath aige domsa as an bhfianaise a thugaimse ar olcas a ghníomhartha. 8Imígíse chun na féile; níl mise ag dul suas chun na féile seo, mar níor tháinig mʼuain go hiomlán go fóill.” 9I ndiaidh é sin a rá, dʼfhan sé i nGalailí.
10Ni lúide, nuair a bhí a dheartháireacha imithe chun na féile, chuaigh sé féin suas freisin, ach ní os ard ach mar a bheadh os íseal. 11Bhí na Giúdaigh ag cur a thuairisce ar an bhféile, agus á rá, 12“Cá bhfuil sé?” Bhí mórán cogarnaí faoi ag na daoine. Bhí cuid acu á rá, “Is dea-dhuine é,” agus dream eile ag dearbhú nárbh ea, ach go raibh sé ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa. 13Ach níor lig an eagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh do dhuine ar bith a ainmniú os ard.
14Nuair a bhí an chéad leath den fhéile caite chuaigh Íosa suas go dtí an teampall agus thosaigh sé ar theagasc. 15Rinne na Giúdaigh iontas de agus dúirt siad, “Conas atá léann ag an bhfear seo nach ndearna foghlaim riamh?” 16Thug Íosa freagra orthu mar sin, “Ní uaim féin mo theagasc, ach ón té a chuir uaidh mé; 17más toil le haon duine a thoilsean a dhéanamh, beidh a fhios aigesean cé acu a thagas sé ó Dhia nó an bhfuil mé ag labhairt uaim féin. 18An té a labhraíos uaidh féin bíonn sé ag iarraidh glóir a fháil dó féin; ach an té a bhíos ag iarraidh ghlóir an té a chuir uaidh é bíonn sé fírinneach agus níl bréag ar bith ann. 19Nár thug Maois an dlí daoibh? Ach ní choinníonn duine agaibh an dlí. Cad chuige a bhfuil sibh ag iarraidh mé a mharú?” 20Dʼfhreagair na daoine, “Tá deamhan i do chorp! Cé atá ag iarraidh tú a mharú?” 21Dʼfhreagair Íosa iad, “Ní dhearna mé ach gníomh amháin, agus déanann sibh uile iontas de. 22Thug Maois an timpeallghearradh daoibh (ní hé sin le rá gur ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha), agus is gnách libh fear a thimpeallghearradh ar an tsabóid. 23Más ceadmhach dʼfhear glacadh leis an timpeallghearradh ar an tsabóid, ionas nach sáraítear dlí Mhaois, an cóir daoibh fearg a bheith oraibh liom as corp fir a thabhairt chun sláinte go hiomlán lá na sabóide? 24Ná tugaigí breithiúnas de réir na gcosúlachtaí, ach tugaigí breithiúnas de réir cirt.”
25Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim mar sin, “Nach é sin an fear a mbíonn siad ag iarraidh a mharú? 26Agus seo anseo é, agus é ag labhairt os ard, agus gan focal acu le rá leis! An féidir fios na fírinne a bheith ag ár lucht ceannais gurb é seo an Críost? 27Ach tá a fhios againn cá has a dtagann an duine seo; agus nuair a nochtfaidh an Críost, ní bheidh a fhios ag aon duine cá has a dtiocfaidh sé.” 28Dá bhrí sin chuaigh Íosa a dhearbhú os ard, nuair a bhí sé ag teagasc sa teampall, “Nach bhfuil aithne agaibh orm, agus nach bhfuil a fhios agaibh cá has a dtagaim? Ach ní uaim féin a tháinig mé; is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne ná eolas agaibh air. 29Tá aithne agamsa air, mar is uaidh a tháinig mé, agus is é a chuir chugaibh mé.” 30Tugadh iarraidh mar sin ar é a ghabháil, ach níor leagadh aon lámh air, ó nár tháinig a uain go fóill. 31Ní lúide chreid mórán de na daoine ann; is é a dúirt siad, “Nuair a nochtann an Críost féin, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná an méid atá déanta aige seo?”
32Chuala na Fairiséigh an slua á rá sin ina thaobh faoina bhfiacla, agus chuir na hardsagairt agus na Fairiséigh oifigigh uathu á ghabháil. 33Dúirt Íosa ansin, “Tamall beag eile a chaithfeas mé agaibh agus rachaidh mé ansin go dtí an té a chuir chugaibh mé; 34beidh sibh do mʼiarraidh agus gan mʼfháil; beidh mé san ionad nach féidir libh teacht orm.” 35Dúirt na Giúdaigh lena chéile, “Cá háit a bhfuil sé ar intinn ag an duine seo a dhul nach mbeidh fáil againn air? An bhfuil sé ar intinn aige dul chuig na Giúdaigh atá scaipthe i measc na nGréagach agus na Gréagaigh a theagasc? 36Cad é is ciall leis an gcaint sin aige, ‘Beidh sibh do mʼiarraidh agus gan mʼfháil,’ agus ‘Beidh mé san ionad nach féidir libh teacht orm?’ ”
37Lá deiridh na féile, an lá mór, sheas Íosa amach agus dʼfhógair sé os ard, “An té a chreideas ionam, tagadh sé chugam agus óladh sé, 38mar atá ráite sa scrioptúr, ‘Beidh aibhneacha dʼfhíoruisce na beatha ag rith as a chroí.’” 39Anois bhí an méid sin aige ag tagairt don Spiorad, a bheadh le fáil ag an dream a chreidfeadh ann; mar níor bronnadh an Spiorad go fóill, ó nár tugadh an ardghlóir dʼÍosa go fóill.
40Nuair a chuala siad na briathra sin, dúirt cuid de na daoine, “Níl amhras ná gurb é seo an fáidh.” 41Dúirt dream eile, “Is é seo an Críost.” Ach dúirt a thuilleadh, “An as Galailí a thiocfas an Críost? 42Nach bhfuil sé ráite sa scrioptúr gur de shliocht Dháibhí a bheas an Críost, agus go dtiocfaidh sé as Bétlehem, an baile beag a mbíodh Dáibhí ann?” 43Bhí mar sin easaontas idir na daoine faoi. 44Bhí cuid acu ag iarraidh a ghabháil, agus gan aon duine ag leagan lámh air.
45Dʼfhill na hoifigigh ansin ar na hardsagairt agus ar na Fairiséigh, agus dʼfhiafraigh siadsan díobh, “Cad chuige nár thug sibh libh é?” 46Ba é a dʼfhreagair na hoifigigh, “Ní raibh duine riamh ann a labhródh mar a labhraíos an fear seo!” 47Dʼfhreagair na Fairiséigh iad, “An bhfuil cluain curtha aige oraibhse freisin? 48Ar chreid aon duine de lucht an cheannais nó de na Fairiséigh ann? 49Ach tá mallacht ar an slua seo, atá aineolach ar an dlí.” 50Bhí Nicodémus ar dhuine acu, a chuaigh chuige roimhe sin, agus dúirt seisean leo, 51“An ligeann an dlí is againne dúinn breithiúnas a thabhairt ar dhuine gan éisteacht a thabhairt dó agus eolas a fháil ar a bhfuil déanta aige?” 52Ba é a bhfreagra, “An as Galailí duitse freisin? Scrúdaigh agus feicfidh tú nach bhfuil aon fháidh le teacht as Galailí choíche.”#Cuireann seanúdaráis eile 7. 53-8. 11 anseo, nó ag deireadh an tsoiscéil seo, nó i ndiaidh Lúcás 21. 28, agus gan an téacs a bheith ar aon dul: 53Chuaigh an uile dhuine chun a thí féin,

선택된 구절:

Eoin 7: OC1970

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요