Eoin 8
8
1 ach chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. 2Dʼfhill sé ar an teampall ar mhoch maidine; tháinig na daoine uile chuige, agus shuigh sé faoi agus theagasc sé iad. 3Thug na scríobhaithe agus na Fairiséigh leo bean ar rugadh uirthi i n‑adhaltranas, agus chuir siad í i gceartlár an chruinnithe 4agus dúirt leis, “A Oide, thángthas ar an mbean seo le linn na coire agus í ag déanamh adhaltranais. 5Anois tá sé ordaithe dúinn ag Maois sa dlí a leithéidí a chur chun báis le clocha. Cad é atá le rá agat ina taobh?” 6Dúirt siad sin le féachaint a chur air, ionas go bhfaighidís ní lena chur ina leith. Chrom Íosa síos agus scríobh sé lena mhéar sa talamh. 7Nuair nach raibh stad orthu ach ag brú na ceiste air, dʼéirigh sé aníos agus dúirt sé leo, “An duine atá saor ó pheaca eadraibh caitheadh seisean an chéad chloch léi.” 8Agus chrom sé é féin arís agus scríobh sé lena mhéar sa talamh. 9Ach nuair a chuala siad sin, dʼéalaigh siad leo, ina nduine agus ina nduine, ag tosú leis an té ba shine, gur fágadh Íosa gan aige ach é féin agus an bhean ina seasamh roimhe agus a haghaidh air. 10Thóg Íosa a shúile agus dúirt sé léi, “A bhean úd, cár imigh siad? An é nár thug aon duine daorbhreith ort?” 11Agus ar sise, “Níor thug aon duine, a Thiarna.” Agus dúirt Íosa, “Ní thugaim daorbhreith ort ach oiread; imigh leat, agus ná déan peaca arís.”
12Labhair Íosa leo arís, agus dúirt sé, “Is mise solas an domhain; an té a bhíos do mo leanúint ní shiúlfaidh sé sa dorchadas, ach beidh solas na beatha aige.” 13Dúirt na Fairiséigh leis ansin, “Is ag tabhairt fianaise fút féin atá tú; ní fírinneach an fhianaise seo agat.” 14Dʼfhreagair Íosa, “Más fúm féin a thugaim mʼfhianaise, ní fhágann sin nach fíor í mʼfhianaise, mar tá a fhios agam cá has a dtagaim agus cá bhfuil mo thriall, agus níl fhios agaibhse cá has dom nó cá bhfuil mo thriall. 15Tugann sibh bhur mbreithiúnas mar a insíos an cholainn daoibh, ach ní thugaimse breith ar aon duine. 16Agus dá dtabharfainn breith féin, is fíor an bhreith í, mar ní mise amháin a bhíos ag tabhairt na breithe, ach mise agus an té a chuir uaidh mé. 17Sa dlí is agaibhse tá sé scríofa gur fíor í fianaise bheirte; 18bímse ag tabhairt fianaise orm féin, agus bíonn an tAthair a chuir uaidh mé ag tabhairt fianaise orm.” 19Dʼfhiafraigh siad de dá bhrí sin, “Cá bhfuil an tAthair sin agat?” Ba é a dʼfhreagair Íosa, “Níl aithne agaibh ormsa ná ar an Athair; dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar mʼAthairse freisin.” 20Ba i seomra an chiste a labhair sé na briathra sin, agus é ag teagasc sa teampall; agus ní raibh sé de dhánacht ag aon duine a ghabháil, ó nár tháinig a uain fós.
21Dúirt sé leo aris, “Tá orm imeacht as seo, agus rachaidh sibh ar mo lorg agus gheobhaidh sibh bás agus bhur bpeaca oraibh; an áit a dtéimse, ní fhéadann sibh teacht.” 22Dúirt na Giúdaigh ansin, “An gcuirfidh sé lámh ina bhás féin, nuair a deir sé, ‘An áit a dtéimse, ní fhéadann sibh teacht?’” 23Dúirt seisean leo, “Is as an áit thíos atá sibhse, as an áit thuas mise; tá sibhse saolta, agus mise neamh-shaolta. 24Dʼinis mé daoibh go bhfaigheadh sibh bás agus bhur bpeaca oraibh mura gcreideann sibh gur mise é.” 25Ar siadsan leis, “Cé tú féin?” Arsa Íosa leo, “An rud ceannann céanna a dʼinis mé daoibh ó thús ama. 26Is iomaí sin ní atá agam lena rá fúibh agus is iomaí breith atá orm a thabhairt; ach is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus ní dhéanaim ach ar chuala mé aige a fhógairt don saol.” 27Níor thuig siad gurb é an tAthair a bhí á lua aige leo. 28Dúirt Íosa dá bhrí sin, “Nuair a bheas Mac an duine ardaithe agaibh, beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach mbím ag déanamh aon ní uaim féin ach go mbím ag labhairt mar a mhúin an tAthair dom, 29agus an té a chuir uaidh mé tá sé i mo chuideachta, níor fhág sé i mʼaonar mé, mar déanaim i gcónaí an ní is taitneamhach leis.” 30Nuair a dúirt sé an chaint sin, chreid mórán daoine ann.
31Duirt Íosa ansin leis na Giúdaigh a raibh a gcreideamh curtha acu ann, “Má fhanann sibh umhal do mo bhriathar, tá sibh in bhur ndeisceabail agam i bhfírinne, 32agus beidh fios na fírinne agaibh, agus tabharfaidh an fhírinne an tsaoirse daoibh.” 33Ach is mar seo a dʼfhreagair siad é, “Síol Abrachaim sinne, nach raibh i ndaoirse riamh do dhuine ar bith. Conas a fhéadann tú sin a rá, ‘tabharfar bhur saoirse daoibh?’”
34Ba é freagra Íosa orthu, “Is fíor í an fhírinne atá á rá agam libh, níl duine dá ndéanann peaca nach bhfuil ina dhaor i ndaoirse an pheaca. 35Ní fhanann an daor sa teach i gcónaí ach fanann an mac i gcónaí. 36Mar sin más é an Mac a scaoileas saor sibh, beidh sibh saor dáiríre. 37Tá a fhios agam gur de shliocht Abrachaim sibh; ach bíonn sibh ag iarraidh mé a mharú, ar an tsiocair nach réitíonn mo bhriatharsa libh. 38De réir mar a chuala mé ag mʼAthair a bhíos mo bhriathar, agus mar a chuala sibh ag an athair is agaibhse a bhíos bhur ngníomh.”
39Thug siad freagra air ansin, “Is é Abracham ár n‑athair.” Arsa Íosa leo, “Dá mba chlann Abrachaim sibh, dhéanfadh sibh mar a rinne Abracham, 40ach anois tá sibh ag iarraidh mé a mharú, duine nár inis daoibh ach an fhírinne a chuala mé ó Dhia; ní hé sin an rud a rinne Abracham. 41Bíonn sibhse ag déanamh an ní a rinne bhur n‑athair.” Dúirt siadsan leis, “Ní páistí gréine agat sinne; níl ach an t‑aon Athair againn, agus sin Dia é féin.” 42Arsa Íosa leo, “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh dom, mar is ó Dhia a chuaigh mé amach agus a tháinig mé chugaibh; ní de mo dheoin féin a tháinig mé, ach is é a chuir chugaibh mé. 43Cad chuige nach bhfuil tuiscint mo chainte agaibh? Is é an fáth nach bhfuil acmhainn agaibh ar mo bhriatharsa a chluinstin. 44Is ó bhur n‑athair an diabhal atá sibh, agus is é bhur dtoil mianta bhur n‑athar a chur i gcrích. Is dúnmharfóir é ó thús, agus scar sé leis an bhfírinne, ó nach bhfuil aon fhírinne ann. Nuair a insíonn sé bréaga, insíonn sé de réir a nádúir féin, mar is bréagaire é agus is é athair na mbréag é. 45Ach as siocair mé an fhírinne a insint daoibh, ní chreideann sibh ionam. 46Cé agaibh a dtagann leis a chruthú go bhfuil peaca orm? Má táim ag insint na fírinne daoibh, cad chuige nach gcreideann sibh uaim í? 47An té atá ó Dhia éisteann sé le briathra Dé; is í an chúis nach n‑éisteann sibhse leo nach ó Dhia daoibh.”
48Dʼfhreagair na Giúdaigh é agus ar siad, “Nach fíor dúinn a rá gur Samaratánach tú a bhfuil deamhan ionat?” 49Dʼfhreagair Íosa, “Níl deamhan ionam; ach bím ag tabhairt onóra do mʼAthair, agus bíonn sibh ag tabhairt easonóra dom. 50Ach ní bhím ag iarraidh mo ghlóire féin; tá Neach ann a bhíos á iarraidh agus a bheas ina bhreitheamh ar an gcúis. 51Deirim libh go deimhin agus go dearfa, má choinníonn duine mo bhriathar, ní fheicfidh sé an bás go deo.” 52Dúirt na Giúdaigh leis, “Nach maith atá a fhios againn go bhfuil deamhan ionat. Dʼéag Abracham, agus fuair na fáithe bás; agus tá tusa á rá, ‘má choinníonn duine mo bhriathar, ní bhlaisfidh sé bás go deo.’ 53An fearr tusa ná ár n‑athair Abracham, a fuair an bás? Agus nach marbh atá na fáithe! Cé atá tú ag maíomh atá ionat féin?” 54Dʼfhreagair Íosa, “Má bhím ag bronnadh glóire orm féin, ní glóir í mo ghlóir; is é mʼAthair a thugas an ghlóir dom, a mbíonn sibh á rá gurb é bhur nDia é. 55Ach ní raibh aithne agaibh air; tá aithne agamsa air. Dá ndéarfainn, ní aithnid dom é, bheinn ag déanamh bréige cosúil libh; ach tá aithne agam air agus bím ag coinneáil a bhriathair. 56Bhí sé ina ábhar lúcháire ag bhur n‑athair Abracham go raibh sé le mo lá-sa a fheiceáil; chonaic sé an lá sin agus is air a bhí an lúcháir.” 57Dúirt na Giúdaigh leis ansin, “Níl tú in aois do chaoga bliain go fóill, agus an bhfaca tú Abracham?” #An leagan atá ag seanúdaráis eile “An bhfaca Abracham thú?” 58Dúirt Íosa leo, “Dar mʼfhírinne, is í an fhírinne a deirim, sula raibh Abracham ann, tá mise ann.” 59Chuaigh siad a thógáil cloch lena gcaitheamh leis ansin; ach dʼéalaigh Íosa uathu, agus dʼfhág sé an teampall.
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland