Na Sailm 24
24
Salm 24.
Domini est terra.
1Is leis an Tiarna an talaṁ, agus a ḃfuil ann: an ċruinne agus a maireann uirṫi.
2Óir ḃunaiġ sé é ar na farraigí: agus ṡocraiġ sé é ar na sruṫanna.
3Cé a ardós cnoc an Tiarna: nó cé a ṡeasfas ina áit naofa?
4An fear sin a mbíonn láṁa glana aige, agus croí gan smál: nár ċuir suim a intinne i ndíoṁaointeas, agus naċ dtug mionn meallta na coṁarsan.
5Is é a ġeoḃas an ḃeannaċt ón Tiarna: agus an ḟíréantaċt ó Ḋia a ṡlánaiṫe.
6A ṁacasaṁail sin a ḃíos ar luċt a iarrṫa: ḃíos ar luċt iarrṫa do ġnúise, a Ḋia Iácóib.
7Tógaḋ na geataí a gcinn, agus ardaítear na coṁlaí cianaosta: go dtaga Rí na glóire isteaċ.
8Cé hé Rí na glóire: is é an Tiarna láidir tréan é, an Tiarna is cuṁaċt aċ i gcogaḋ.
9Tógaḋ na geataí a gcinn, agus ardaítear na coṁlaí cianaosta: go dtaga Rí na glóire isteaċ.
10Cé hé Rí na glóire: is é Tiarna na slua é, is é féin Rí na glóire.
നിലവിൽ തിരഞ്ഞെടുത്തിരിക്കുന്നു:
Na Sailm 24: OC1965G
ഹൈലൈറ്റ് ചെയ്യുക
പങ്ക് വെക്കു
താരതമ്യം
പകർത്തുക
നിങ്ങളുടെ എല്ലാ ഉപകരണങ്ങളിലും ഹൈലൈറ്റുകൾ സംരക്ഷിക്കാൻ ആഗ്രഹിക്കുന്നുണ്ടോ? സൈൻ അപ്പ് ചെയ്യുക അല്ലെങ്കിൽ സൈൻ ഇൻ ചെയ്യുക
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965