Na Sailm 29

29
Salm 29.
Afferte Domino.
1Luaigí leis an Tiarna, a luċt na treise: luaigí leis an Tiarna an ċlú agus an ċuṁaċt.
2Luaigí leis an Tiarna an onóir is dual dá Ainm: déanaigí an Tiarna a aḋraḋ le haḋraḋ naofa.
3Tá glór an Tiarna os cionn an uisce: is é Dia na glóire é, ag déanaṁ toirní.
4Is é an Tiarna a rialaíos an ḟarraige; is é glór an Tiarna is mó éifeaċt: is é glór an Tiarna an glór cumasaċ.
5Bíonn na crainn céadrais á mbriseaḋ ag glór an Tiarna: briseann an Tiarna céadrais Sléiḃe Liaḃáin.
6Baineann sé léim astu mar léimfeaḋ lao: léimeann Sliaḃ Liaḃáin agus Sliaḃ Sirión mar aon aḋarcaċ óg.
7Téann glór an Tiarna idir na caorṫa tine; cuireann glór an Tiarna an fásaċ ar luascaḋ: bíonn fásaċ Cades á luascaḋ ag an Tiarna.
8Cuireann glór an Tiarna an lao as an eilit, agus an duilliúr den ċraoḃ: níl ní ina ṫimpeall naċ mbíonn ag molaḋ a ċlú.
9Ṡuiġ an Tiarna mar Rí os cionn na Díleann: agus fanann an Tiarna ina Rí go deo.
10Neartóiḋ an Tiarna lena ṁuintir: taḃarfaiḋ an Tiarna dá ṁuintir beannaċt na síoċána.

നിലവിൽ തിരഞ്ഞെടുത്തിരിക്കുന്നു:

Na Sailm 29: OC1965G

ഹൈലൈറ്റ് ചെയ്യുക

പങ്ക് വെക്കു

താരതമ്യം

പകർത്തുക

None

നിങ്ങളുടെ എല്ലാ ഉപകരണങ്ങളിലും ഹൈലൈറ്റുകൾ സംരക്ഷിക്കാൻ ആഗ്രഹിക്കുന്നുണ്ടോ? സൈൻ അപ്പ് ചെയ്യുക അല്ലെങ്കിൽ സൈൻ ഇൻ ചെയ്യുക