Salm 3
3
Muinín as Dia
1Salm Dháiví an uair a theith sé óna mhac Aibseálóm.
2A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde!
Tá mórán daoine ag éirí amach i mʼéadan!
3Is iomaí duine a deir mar gheall orm:
“Níl slánú ar bith dó i nDia.”
4Ach is tú, a Thiarna, mo sciath;
mo ghlóir a thógann mo cheann.
5Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ard
tugann sé freagra orm óna shliabh naofa.
6Chuaigh mé a luí agus chodail mé;
agus dhúisigh mé toisc gur chosain an Tiarna mé.
7Ní eagal liom na mílte daoine
atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.
8Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia!
Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus
agus briseann tú fiacla na bpeacach.
8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!
လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု
Salm 3: ABN2012
အေရာင္မွတ္ခ်က္
မၽွေဝရန္
ကူးယူ

မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.