Gníoṁarṫa 15
15
Caibidil XV.
Conspóid fá ṫimċeallġearraḋ. Breiṫeaṁnas agus litir Ċóṁairle Ierusalem.
1Agus ar ṫeaċt anuas ó Iudaia do ḋaoine áiriṫe, ḃíoḋ siad ag teagasc na mbráiṫreaċ: Muna ndéantar siḃ a ṫimċeallġearraḋ do réir ġnás Maoise, ní féidir ḃur slánuġaḋ.#Gal. 5, 2.
2Agus i ndiaiḋ conspóid nár ṡuaraċ a ḃeiṫ ag Pól agus Barnabas leo, ṡocruiġ siad go raċaḋ Pól agus Barnabas, agus daoine áiriṫe de’n taoiḃ eile, suas go h-Ierusalem ċuig na h-Abstail agus na sagairt fá’n ċeist seo.
3Ar an aḋḃar sin, rinne an Eaglais iad a ċomóraḋ ar a mbealaċ, agus ċuaiḋ siad fríd Ṗeinic agus an tSamáire, ag innse fá ṫionntóḋ na gciniḋeaċ: agus ċuir siad lúṫġáir ṁór ar na bráiṫre go h-uile.
4Agus ar ṫeaċt go h-Ierusalem dóiḃ, d’ḟáiltiġ an Eaglais agus na h-Abstail agus na seanóirí rompa, agus d’innis siad-san méid na neiṫe a rinne Dia tríoṫa.
5Aċt d’éiriġ daoine áiriṫe de aicme na ḃFairisíneaċ, a ġlac an creideaṁ, agus duḃairt: Is éigean iad seo a ṫimċeallġearraḋ, agus órḋuġaḋ d’ḟaġáil ḋliġe Ṁaoise a ċongḃáil.
6Agus ṫáinic na h-Abstail agus na seanóirí i gcionn a ċéile leis an ċeist seo a ḃreaṫnuġaḋ.
7Agus nuair a ḃí mórán ḋíospóireaċta ḋéanta, d’éiriġ Peadar agus duḃairt leo: A ḟeara agus a ḃráiṫre, tá a ḟios agaiḃ go ndearna Dia de roġa eadrainn ins na laeṫe a ċuaiḋ ṫart, gur tré mo ḃéal-sa a ċluinfeaḋ na ciniḋeaċa briaṫar an tSoiscéil, agus a ċreidfeaḋ siad.
8Agus Dia, arab eol dó na croiḋṫe, ṫug sé fiaḋnaise, ag taḃairt an Spioraid Naoiṁ dóḃṫa-san cóṁ maiṫ linne.
9Agus ní ḋearna sé duifir ar biṫ eadrainne agus iad-san, ag glanaḋ a gcroiḋṫe dó leis an ċreideaṁ.
10Anois, dá ḃríġ sin, cad ċuige a ḃfuil siḃ ag cur féaċála ar Ḋia, ag cur cuinge ar ṁuinéil na ndeisciobal naċ raiḃ ár n-aiṫreaċa, ná sinn féin ábalta a h-iomċar?
11Aċt creidiṁíd go slánóċar sinne, cóṁ maiṫ leoḃṫa-san, tré ġrásta an Tiġearna Íosa Críost.
12Agus d’ḟan an sluaġ uilig ina dtost: agus d’éist siad le Barnabas agus Pól ag innse méid na míorḃail agus na n-iongantas a rinne Dia tríoṫa-san imeasc na gciniḋeaċ.
13Agus nuair a stad siad-san de ċainnt, d’ḟreagair Séamus, ag ráḋ: A ḟeara agus a ḃráiṫre, éistigiḋ liom-sa.
14D’innis Síomon mar a ṫug Dia cuairt ar dtús ċun pobal a ġlacaḋ as na ciniḋeaċa dá ainm féin.
15Agus leis an níḋ seo tig briaṫra na ḃfáiḋ, do réir mar atá scríoḃṫa:#Amos 9, 11.
16Ina ḋiaiḋ seo pillfiḋ mé, agus tógfaiḋ mé arís tabarnaicil Ḋáiḃiḋ, atá leagṫa: agus tógfaiḋ mé arís an méid a ṫuit, agus cuirfiḋ mé ina ṡeasaṁ aṫuair é.
17Ċun go n-iarraiḋ an ċuid eile de na daoine an Tiġearna, agus na h-uile ċiniḋeaċa, ar a ngoirtear m’ainm, ars an Tiġearna a ġní na neiṫe seo.
18Tá fios a ċuid oibre féin ag an Tiġearna ó ṫús an tsaoġail.
19Ar an aḋḃar sin, measaim-se naċ cóir mí-ṡuaiṁneas a ċur ar an luċt seo de na ciniḋeaċa a ṫionntuiġ ċuig Dia,
20Aċt scríoḃaḋ ċuca iad féin a ċongḃáil ó ṫruailliḋeaċt na n-íoḋal agus ó ḋrúis, agus ó neiṫe taċtuiġṫe, agus ó ḟuil.
21Óir tá ag Maoise ó’n tsean-aimsir anall, daoine i ngaċ aon ċaṫair a ġní é a ṡeanmóir ins na sineagóga, mar a léiġtear é gaċ sabóid.
22Annsin ċonnacṫas do na h-Abstail, agus do na seanóirí mar aon leis an Eaglais go léir, gur ṁáiṫ fir a ṫoġaḋ as a gcuideaċta féin, Iúdas, ar ċóṁainm dó Barsabas, agus Silas, príṁ-ḟir imeasc na mbráiṫreaċ, agus iad a ċur ċun na h-Antuaiġe le Pól agus Barnabas,
23Ar scríoḃaḋ dóíḃ le n-a láṁa féin: Sláinte ó na bráiṫre, Abstail agus seanóirí, ċuig na bráiṫre seo de na ciniḋeaċa atá san Antuaiġ, san tSíre, agus i gCilicia.
24De ḃríġ gur ċualamar go ndeaċaiḋ cuid dár muinntir amaċ, agus gur ċuir siad trioblóid oraiḃ le briaṫra, ag cur ḃur n-anam tré ċéile gan órduġaḋ ar biṫ uainne:
25Ċonnacṫas dúinn agus sinn cruinntiġṫe i gcionn a ċéile, gur ṁaiṫ fir a ṫoġaḋ, agus iad a ċur ċugaiḃ mar aon le n-ár mbráiṫre ró-ionṁuine, Barnabas agus Pól,
26Daoine a ṫug suas a mbeaṫa ar son ainm ár dTiġearna Íosa Críost.
27Dá ḃríġ sin, ċuireamar Iúḋas agus Silas ċugaiḃ, agus innseoċaiḋ siad-san na neiṫe céadna díḃ le n-a mbriaṫra féin.
28Óir ċonnacṫas do’n Spiorad Naoṁ, agus dúinne, gan níos mó de ualaċ a ċur oraiḃ ná na neiṫe riaċtanaċa seo:
29Siḃ féin a ċongḃáil ó neiṫe a toirḃireaḋ do íoḋail, ó ḟuil, ó neiṫe taċtuiġṫe#15, 29 Ó ḟuil, ó neiṫe taċtuiġṫe. Ní raiḃ aon urċóid i n úsáid na neiṫe seo ó ḃríġ a nádúra, aċt crosaḋ iad ċun go mb’ḟusa leis na h-Iúdaiġ na ciniḋeaċa a ġlacaḋ isteaċ i gcumann leo, agus ċun cleaċtaḋ na h-uṁ-laċta a ṫaḃairt do na ciniḋeaċa. Níor ṁair an cosc seo aċt tamall, agus is fada ó ċuaiḋ sé as feiḋm, go h-áirid san iarṫar., agus ó ḋrúis, agus má ċongḃuiġeann siḃ ó na neiṫe seo, béiḋ siḃ ag ḋéanaṁ go maiṫ. Slán liḃ.
30Nuair a cuireaḋ ċun siuḃail iad, dá ḃríġ sin, ċuaiḋ siad síos ċun na h-Antuaiġe: agus ar ċruinniuġaḋ an tsluaiġ i gcionn a ċéile dóiḃ, ṫug siad uaṫa an litir.
31Agus nuair a léiġ siad í, ḃí lúṫġáir orṫa as uċt an tsóláis:
32Agus de ḃríġ gur ḟáiḋe Iúdas agus Silas iad féin fosta, ṫug siad sólás agus neart do na bráiṫre le mórán briaṫar.
33Agus i ndiaiḋ tamall a ċaiṫeaṁ annsin, leig na bráiṫre ar ṡiuḃal fá ṡíoṫċáin iad ċuig an ṁuinntir a ċuir iad.
34Aċt ċonnacṫas do Silas gur ċóir dó fanaċt annsin: agus d’imṫiġ Iúdas ina aonar go h-Ierusalem.
35Agus d’ḟan Pól agus Barnabas san Antuaiġ ag teagasc agus ag craoḃscaoileaḋ briaṫar an Tiġearna mar aon le mórán eile.
36Aċt i gcionn seal laeṫe, duḃairt Pól le Barnabas: Pillimís a ṫaḃairt cuairte ar na bráiṫre fríd na h-uile ċaṫraċa ina ndearnamar briaṫar an Tiġearna a ṡeanmóir, go ḃfeicimíd cad é an ċaoi atá orṫa.
37Agus ba ṁian le Barnabas Eoin, ar ċóṁainm dó Marcus, a ṫaḃairt leo fosta.
38Aċt ṁeas Pól nár ċóir é ṫaḃairt leo, de ḃríġ gur ḟág sé iad san Ṗampaill, agus naċ ndeaċaiḋ sé leo ċun na h-oibre.
39Agus d’éiriġ aċrann, san ċruṫ gur scar siad ó n-a ċéile, agus ṫug Barnabas leis Marcus, agus ṡeol sé ċun na Cufaire.
40Aċt ṫoġ Pól Silas, agus d’imṫiġ sé, agus é dá ċur faoi ċoimirce ġrásta Dé ag na bráiṫre.
41Agus ṫaisteal sé an tSíre agus Cilicia, ag neartuġaḋ na n-Eaglais: ag órduġaḋ dóiḃ aiṫeanta na n-Abstal agus na sean-óirí a ċoiṁéad.
Obecnie wybrane:
Gníoṁarṫa 15: ASN1943G
Podkreślenie
Udostępnij
Kopiuj

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj
rights held by the Bible Society in Northern Ireland