Gníoṁarṫa 14

14
Caibidil XIV
Ġní Pól agus Barnabas seanmóireaċt i n-Icóinum agus i Listra: leiġeasann Pól cláiríneaċ: meastar iad ina ndéiṫe. Gaḃtar do ċloċa i bPól. Ġní siad seanmóireaċt i nDerbe agus i bPerge.
1Agus ṫárla i n-Icónium go ndeáċaiḋ siad isteaċ i n-aoin-ḟeaċt i sineagóig na n-Iúdaċ, agus gur laḃair siad, san ċruṫ gur ċreid sluaġ mór de na h-Iúdaiġ agus de na Gréagaiġ.
2Aċt na h-Iúdaiġ nár ċreid, ḃrostuiġ siad, agus ġríosuiġ siad intinn na gciniḋeaċ ċun feirge i n-aġaiḋ na mbráiṫreaċ.
3Ar an aḋḃar sin, d’ḟan siad tamall fada ann, ag laḃairt go misneaṁail san Tiġearna, a rinne fiaḋnaise do ḃriaṫar a ġrásta, tré ṫaḃairt ṁíorḃailte agus iongantaisí a ḋéanaṁ le n-a láṁa-san.
4Agus ḃí muinntir na caṫraċ i n-aċrann: agus ḃí cuid acu leoga ar leiṫ na n-Iúdaċ, aċt cuid eile ar leiṫ na n-Abstal.
5Agus nuair a rinne na ciniḋeaċa, agus na h-Iúdaiġ mar aon le n-a n-uaċtaráin, ionnsaiḋe orṫa, ċun iad a ṁasluġaḋ, agus a gaḃáil do ċloċa ionnta:
6Ṫuig siad-san sin, agus ṫeiċ siad go Listra agus go Derbe, caṫraċa san Lucaoin, agus ċun na tíre uilig ṫart timċeall agus rinne siad an Soiscéal a ċraoḃscaoileaḋ annsin.
7Agus i Listra ḃí fear áiriṫe ina ṡuiḋe, naċ raiḃ cuṁaċt na gcos aige, a ḃí ina ċláiríneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, agus nár ṡiuḃal ariaṁ.
8Ḃí sé sin ag éisteaċt le Pól ag cainnt. Agus nuair a ḋearc seisean air, agus ċonnaic sé go raiḃ creideaṁ aige go leiġ-eastaí é,
9Duḃairt sé de ġuṫ árd: Seasuiġ suas díreaċ ar do ċosa. Agus léim sé ina ṡeasaṁ, agus ṡiuḃal sé.
10Agus nuair a ċonnaic na sluaiġte cad é rinne Pól, d’árduiġ siad a nguṫ i dteangaiḋ na Lucaoine, ag ráḋ: Ṫáinic na déiṫe anuas ċugainn i rioċt daoine.
11Agus ṫug siad Iupiter ar Ḃarnabas, aċt Mearcair ar Pól: de ḃríġ gurḃ eisean a ba ṁó cainnt.
12Agus sagart Iupiteir, a ḃí ós cóṁair na caṫraċ, ṫug sé tairḃ agus bláiṫḟleasca ós cóṁair na ngeaftaí, agus ba ṁian leis íoḋbairt d’ofráil mar aon leis na daoine.
13Agus nuair a ċuala na h-Abstail, Barnabas agus Pól, sin réab siad a n-ionair, agus léim siad amaċ imeasc na ndaoine, ag scairtiġ,
14Agus ag ráḋ: A ḟeara, cad ċuige a ndéan siḃ na neiṫe sin? Is daoine sinne fosta, cosaṁail liḃ féin, atá ag seanmóir-eaċt díḃ tionntóḋ ó na neiṫe díoṁaoine seo ċun an Dé Ḃí a rinne neaṁ, agus an talaṁ, agus an ḟairrge, agus na h-uile neiṫe dá ḃfuil ionnta;#Gein. 1, 1; Sailm 145, 6; Taiḋḃ. 14, 7.
15A leig do na ciniḋeaċa dul a mbealaċ féin, le linn na nglún a ċuaiḋ ṫart.
16Agus go dearḃṫa níor ḟág sé é féin gan fiaḋnaise, ag déanaṁ maiṫeasa dó ó neaṁ, ag taḃairt ḟearṫainne, agus séasúir ṫorṫaċa, agus ag líonaḋ ár gcroiḋṫe le biaḋ agus le h-áṫas.
17Agus ag ráḋ na neiṫe sin dóiḃ, is ar éigean a ċongḃuiġ siad na sluaiġte ó ofráil íoḋbarṫa dóiḃ.
18Agus ṫáinic Iúdaiġ áiriṫe annsan as an Antuaiġ agus as Icónium: agus ar ġríosuġaḋ na sluaġ dóiḃ, ġaḃ siad do ċloċa i bPól, agus ṫarraing siad amaċ as an ċaṫair é, ag meas go raiḃ sé marḃ.
19Aċt nuair a ḃí na deisciobail ina seasaṁ ṫart fá dtaoiḃ de, d’éiriġ sé agus ċuaiḋ sé isteaċ san ċaṫair, agus lá ar n-a ḃáraċ d’imṫiġ sé mar aon le Barnabas go Derbe.
20Agus nuair a rinne siad an Soiscéal a ṡeanmóir san ċaṫair sin, agus ṫug siad teagasc do mórán, ṗill siad arís go Listra, agus go h-Icónium, agus ċun na h-Antuaiġe:
21Ag neartuġaḋ anmanna na ndeisciobal, agus ag cur ina luiġe orṫa fanaċt buan san ċreideaṁ: agus gur tré ṁórán cráḋ is éigean dúinn dul isteaċ i ríoġaċt Dé.
22Agus nuair a ċuir siad sagairt i ngaċ uile eaglais dóiḃ, agus nuair a rinne siad urnaiġe maille le troscaḋ, ċuir siad iad faoi ċoimirce an Tiġearna i n-ar ċreid siad.
23Agus ar ḋul fríd Ṗisidia dóiḃ, ṫáinic siad isteaċ san Ṗampaill,
24Agus nuair a laḃair siad briaṫar an Tiġearna i bPerge, ċuaiḋ siad isteaċ síos go h-Attalia:
25Agus ṡeol siad as sin ċun na h-Antuaiġe, an áit as ar cuireaḋ iad faoi ġrásta Dé ċun na h-oibre a ċríoċnuiġ siad.
26Agus nuair a ṫáinic siad, agus ċruinniġ siad an Eaglais i gcionn a ċéile, d’innis siad méid na neiṫe a rinne Dia tríoṫa, agus mar a d’ḟoscail sé doras an ċreidiṁ do na ciniḋeaċa.
27Agus d’ḟan siad tamall fada i ḃfoċair na ndeisciobal.

Podkreślenie

Udostępnij

Kopiuj

None

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj