Gníoṁarṫa 18

18
Caibidil XVIII
Cuireann Pól an Eaglais ar bun i gCoirint: ḃeir sé teagasc i n-Eṗesus, ic. Téid Apollós go Coirint.
1Ina ḋiaiḋ seo d’ḟág sé Caṫair na h-Aiṫne, agus ṫáinic sé go Coirint:
2Agus ó fuair sé annsin Iúdaċ áiriṫe, darḃ ainm Aculas, a rugaḋ san Ṗontus, agus a ṫáinic tamall geárr roiṁe sin ó’n Iodáil mar aon le n-a ṁnaoi Priscilla (ar an aḋḃar gur órduiġ Cluad do na h-Iúdaiġ go h-uile imṫeaċt as an Róiṁ) ṫáinic sé ċuca.
3Agus de ḃríġ gurḃ ionann ceárd dóiḃ, d’ḟan sé ina ḃfoċair, agus ḃíoḋ sé ag obair: (agus déanaṁ puball a ḃí acu mar ċéird).
4Agus gaċ uile ṡabóid ḃíoḋ sé ag díospóireaċt san tsineagóig, ag luaḋ ainm an Tiġearna Íosa, agus ċuir sé a ṫeagasc ma luiġe ar Iúḋaiġ agus ar Ġréagaiġ.
5Agus nuair a ṫáinic Silas agus Timoteus as an Ṁaicideoin, ḃí Pól ar a ḋíċeall ag teagasc, agus ag taḃairt ḟiaḋnaise do na h-Iúdaiġ gurab é Íosa an Críost.
6Aċt nuair a ċuir siad-san ina aġaiḋ, agus iad ag laḃairt go diaṁaslaċ, ċraiṫ sé a ċuid éadaiġ, agus duḃairt leo: Bíoḋ ḃur gcuid fola ar ḃur gcinn féin: tá mise glan: ó seo amaċ raċaiḋ mé ag triall ar na ciniḋeaċa.
7Agus ar imṫeaċt as sin dó, ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ ḋuine áiriṫe, darḃ ainm Titus Iustus, duine a ḃíoḋ ag aḃraḋ Dé, agus a raiḃ a ṫeaċ cois na sineagóige.
8Agus ċreid Crispus, uaċtarán na sineagóige, agus a ṫeaġlaċ go léir san Tiġearna: agus mórán de na Coirintiġ, a d’éist leis ċreid siad, agus baisteaḋ iad.
9Agus duḃairt an Tiġearna le Pól tré aisling san oiḋċe: Ná ḃíoḋ eagla ort, aċt laḃair, agus ná ḃí i do ṫost:
10Óir tá mise i d’ḟoċair: agus ní ṫiocfaiḋ aoinneaċ ort le doċar a ḋéanaṁ duit: óir tá mórán daoine agam-sa san ċaṫair seo.
11Agus d’ḟan sé annsin bliaḋain agus sé ṁí, ag teagasc briaṫar Dé ina measc.
12Agus le linn do Ġallio a beiṫ ina urċonsul ar an Aiċia, d’éiriġ na h-Iúdaiġ d’aon toil i n-aġaiḋ Ṗóil, agus ṫug siad ós cóṁair ċaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais é,
13Ag ráḋ: Bíonn sé seo ag taḃairt ar na daoine Dia d’aḋraḋ i n-aġaiḋ an dliġe.
14Agus nuair a ḃí Pól ar tí a ḃéal d’ḟosclaḋ, duḃairt Gallio leis na h-Iúdaiġ: A ḟeara Iúdaċa, dá mbéaḋ éagcóir éigin, nó coir an-olc i gceist, ba ċóir daṁ cur suas liḃ.
15Aċt má’s ceisteanna fá ḟocal, fá ainmneaċa, agus fá bur ndliġe iad, feicigiḋ féin ċuca: ní mian liom-sa a ḃeiṫ i mo ḃreiṫeaṁ ar na neiṫe sin.
16Agus ḃagair sé amaċ ó ċaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais orṫa.
17Agus fuair siad uilig greim ar Ṡostenes, uaċtarán na sineagóige, agus ḃuail siad é ós cóṁair ċaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais: aċt níor ċuir Gallio suim i níḋ ar biṫ acu sin.
18Aċt i ndiaiḋ mórán eile laeṫe a ċaiṫeaṁ annsin do Pól, d’ḟág sé slán ag na bráiṫre, agus ṡeol sé ċun na Síre (agus Priscilla agus Aculas i n-aoinḟeaċt leis) agus rinne sé a ċeann a ḃearraḋ i gCeanċra#Uiṁ. 6, 18.: óir ḃí móid tugṫa aige.
19Agus ṫáinic sé go h-Eṗesus, agus d’ḟág sé annsin iad. Aċt ar ḋul isteaċ san tsineagóig dó féin, rinne sé díospóireaċt leis na h-Iúdaiġ.
20Agus nuair a d’iarr siad air fanaċt acu ní b’ḟuiḋe, níor aontuiġ sé,
21Aċt ag fágáil sláin acu, agus ag ráḋ: Pillfiḋ mé arís oraiḃ, má’s é toil Dé é, d’imṫiġ sé as Eṗesus.
22Agus ċuaiḋ sé síos go Caesarea, agus suas gur ḃeannuiġ sé do’n Eaglais, agus síos ċun na h-Antuaiġe.
23Agus nuair a ċaiṫ sé tamall annsin, d’imṫíġ sé gur ṫaisteal do réir a ċéile ceanntar na Galaite agus an Ḟrig, a neartuġaḋ na ndeisciobal go h-uile.
24Agus ṫáinic go h-Eṗesus Iúdaċ áiriṫe, darḃ ainm Apollós, a rugaḋ i gCaṫair Alastair, fear a raiḃ deis a laḃarṫa aige, agus é cuṁaċtaċ ins na Scrioptúirí.
25Bí sé seo oilte i sliġe an Tiġearna: agus ó ḃí sé dúṫraċtaċ i spiorad, laḃraḋ sé, agus ḃíoḋ sé ag teagasc go díċeallaċ na neiṫe a ḃaineas le h-Íosa, agus gan eolas aige aċt ar ḃaisteaḋ Eoin.
26Ar an aḋḃar sin, ṫoisiġ sé seo a laḃairt go dána san tsineagóig. Agus nuair a ċuala Priscilla agus Aculas é, rug siad leo é, agus ṁíniġ siad sliġe an Tiġearna ar ḋóiġ ní ba ċruinne dó.
27Agus nuair ba ṁian leis dul go h-Aiċia, scríoḃ na bráiṫre ċuig na deisciobail, ag cóṁairliuġaḋ dóiḃ é ġaḃáil ċuca. Agus nuair a ṫáinic sé, ḃí sé ina ċuidiuġaḋ ṁór acu sin a ċreid,
28Óir rinne sé saoṫar mór ag díospóireaċt go puibliḋe leis na h-Iúdaiġ, agus ag cruṫuġaḋ tré na Scrioptúirí, gurab é Íosá an Críost.

Podkreślenie

Udostępnij

Kopiuj

None

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj