Gníoṁarṫa 19
19
Caibidil XIX
Cuireann Pól an Eaglais ar bun i n-Eṗesus. Gleo na ngaḃann geal.
1Agus ṫárla, nuair a ḃí Apollós san Ċoirint, go ndeaċaiḋ Pól fríd na críoċa uaċtaraċa, agus go dtáinic sé go h-Eṗesus, agus fuair sé deisciobail áiriṫe:
2Agus duḃairt sé leo: An ḃfuair siḃ an Spiorad Naoṁ ó ċreid siḃ? Aċt duḃairt siad-san leis: Ní ċualamar oiread agus Spiorad Naoṁ a ḃeiṫ ann.
3Agus duḃairt seisean: Cad ann, mar sin, ar baisteaḋ siḃ? Agus duḃairt siad: I mbaisteaḋ Eoin.
4Agus duḃairt Pól: Ḃaist Eoin na daoine le baisteaḋ aiṫriġe, ag ráḋ: Go ṁbíoḋ orṫa creiḋḃeáil san té a ḃí le ṫeaċt ina ḋiaiḋ, is é sin le ráḋ, i n-Íosa.#Mait. 3, 11; Marc. 1, 8; Lúc. 3, 16; Eoin 1, 26.
5Nuair a ċuala siad sin, baisteaḋ iad i n-ainm an Tiġearna Íosa.
6Agus nuair a ċuir Pól a láṁa orṫa, ṫáinic an Spiorad Naoṁ orṫa, agus laḃair siad le teangaċa, agus rinne siad fáiḋeadóireaċt.
7Agus ḃí tuairim agus ḋá ḟear déag uilig acu ann.
8Agus ag dul isteaċ san tsineagóig dó, laḃraḋ sé go dána ar feaḋ ṫrí míos, ag díospóireaċt agus ag teagasc fá ríoġaċt Dé.
9Aċt de ḃríġ go raiḃ cuid acu ġá gcruaḋaḋ féin, agus naċ gcreidfeaḋ siad, aċt iad ag tromaiḋeaċt ar ṡliġe an Tiġearna ós cóṁair an tsluaiġ, d’ḟág sé iad, agus ar ṫaḃairt na ndeisciobal i leaṫ taoiḃ dó, ḃíoḋ sé ag díospóireaċt gaċ lá i scoil ḋuine áiriṫe, darḃ ainm Tiorán.
10Agus ḃí sin dá ḋéanaṁ ar feaḋ ḋá ḃliaḋan, san ċruṫ gur ċuala gaċ aoinneaċ dá raiḃ ina ċóṁnaiḋe san Aisia, eadar Iúdaiġ agus Ṗágánaiġ, briaṫar an Tiġearna.
11Agus ġníoḋ Dia míorḃailte éagcoicċeanna tré láṁa Ṗóil:
12San ċruṫ go dtaḃarṫaí ó n-a ċorp ċuig na h-easlám éadaiġe láṁ agus naprúin, agus scaraḋ a n-éagcruaḋais leo, agus ṫéiġeaḋ na droċ-spioraid amaċ astú.
13Agus d’ḟéaċ cuid de na deaṁaindíbirṫiḋṫe Iúdaċa, a ḃíoḋ ag dul ṫart, fosta, ainm an Tiġearna Íosa d’agairṫ ós cionn na ndaoine a mbíoḋ droċ-spioraid ionnta, ag ráḋ: Agraim siḃ tré Íosa a ġní Pól a ṡeanmóir.
14Agus ḃí seaċt mic le h-Iúdaċ áiriṫe, árdṡagart, darḃ ainm Sceua, a ġníoḋ sin.
15Aċt ḋuḃairt an droċ-spiorad leo, ġá ḃfreágairt: Tá eolas agam ar Íosa, agus tá aiṫne agam ar Pól: aċt cé siḃ-se?
16Agus an duine a raiḃ an deaṁan ró-olc ann, léim sé orṫa, agus ag faġáil láṁ an uaċtair dó orṫa araon, ḃuaiḋ sé orṫa, san ċruṫ gur ṫeiċ siad, tárnoċt agus gointe, amaċ as an tiġ sin.
17Agus cuireaḋ sin i n-iúl dá raiḃ de Iúdaiġ agus de ṗágánaiġ ina gcóṁnaiḋe i n-Eṗesus: agus ṫuit eagla orṫa sin uilig, agus, móraḋ ainm an Tiġearna Íosa,
18Agus ṫáinic mórán acu sin a ċreid, ag adṁáil agus ag innse a ngníoṁarṫa.
19Agus mórán acu sin a ċleaċtaḋ ealaḋna draoiḋeaċta, ṫug siad leo a gcuid leaḃar gur ḋóiġ iad i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann: agus nuair a rinne siad a luaċ d’áireaṁ, fuair siad an t-airgead a ḃeiṫ ina leiṫ-ċéad míle draċma.
20D’ḟás briaṫar Dé, agus ċuaiḋ sé i neart cóṁ tréan sin.
21Agus nuair a ḃí na neiṫe seo ṫart, ċuir Pól roiṁe san Spiorad, an Ṁaicideoin agus an Aiċia a ṫaisteal, agus dul go n-Ierusalem, ag ráḋ: I ndiaiḋ ḃeiṫ annsin ḋaṁ, caiṫfiḋ mé an Róiṁ d’ḟeiceáil fosta.
22Agus ċuir sé beirt acu sin a ḃíoḋ ag freastal air, Timoteus agus Erastus, ċun na Maicideoine, agus d’ḟan sé féin ar feaḋ tamaill san Aisia.
23Agus san am sin d’éiriġ trioblóid nár ró-ḃeag fá ṡliġe an Tiġearna,
24Óir duine áiriṫe, darḃ ainm Deimitre, gaḃa geal a ġníoḋ teampaill airgid do Ḋeán, ċuireaḋ sé cosnaṁ nár ḃeag i mbealaċ an luċt céirde,
25Agus ġá gcruinniuġaḋ sin, mar aon le h-oibriḋṫe na céirde céadna, le ċéile dó, duḃairt sé: A ḟeara, tá a fios agaiḃ gurab as ah ċéird seo atá ár gcosnaṁ:
26Agus tċí siḃ, agus cluin siḃ gur ṫionntuiġ an Pól seo sluaġ mór le n-a ṫeagasc, ní aṁáin i n-Eṗesus, aċt i mbunaḋas; na h-Aisia, ag ráḋ: Ní déiṫe iad sin a ġníṫear le láṁa.
27Agus ní h-eaḋ aṁáin gur baoġal do’n ġraiṫé seo againn a ṫeaċt faoi ċáineaḋ, aċṫ measfar fosta mar neiṁníḋ teampall Ḋeána móire, agus a mórḋaċt a ġeiḃ aḋraḋ ó iomlán na h-Aisia agus ó’n doṁan, toiseoċar ar a milleaḋ.
28Ar ċluinstin na neiṫe sin dóiḃ, líonaḋ le feirg iad, agus scairt siad amaċ, ag ráḋ: Is mór Deán na n-Eṗeseaċ.
29Agus ċuaiḋ an ċaṫair uilig ċun sioplaiġe, agus ar ḃreiṫ ḋóiḃ ar Ġaius Agus ar Aristarcus, compánaiġ Ṗóil as an Ṁaiciḋeoin, ṫug siad ruaṫar d’aon toil isteaċ san aṁarclainn:
30Agus nuair ba ṁian le Pól dul isteaċ ċuig na daoine, níor leig na deisciobail dó.
31Agus cuid de uaċtaráin na h-Aisia fosta, a ḃí ina gcáirde aige, ċuir siad scéala ċuige, ag iarraiḋ air gan dul isteaċ san aṁarclainn:
32Agus scairteaḋ cuid acu rud aṁáin, agus cuid acu rud eile. Óir ḃí an cruinniuġaḋ ina ṡioplaiġe: agus ní raiḃ a ḟios ag an ċuid a ba ṁó acu cérḃ é an fáṫ fá n-a dtáinic siad i gcionn a ċéile.
33Agus ṫarraing siad Alastar amaċ as an tsluaġ, agus na h-Iúdaiġ ġá ḋingeaḋ ċun tosaiġ. Agus nuair a ṫug Alastar cóṁarṫa le n-a láiṁ dóiḃ a ḃeiṫ ina dtost, b’áil leis an fáṫ a ṁíniuġaḋ do na daoine.
34Aċt nuair a ṫuig siad gurḃ Iúdaċ é, ḃéic siad uilig ar aon ġuṫ tuairim ar feaḋ ḋá uair: Is mór Deán na n-Eṗeseaċ.
35Agus tráṫ a ċiúiniġ an scríoḃaiḋe na sluaiġte, duḃairt sé: A ḟeara Eṗesuis, cé an duine naċ ḃfuil a ḟios aige go dtaḃrann caṫair na n-Eṗeseaċ aḋraḋ do Ḋeán ṁóir, agus do inġin Iupiteir?
36Dá ḃríġ sin, mar naċ féidir cur i n-aġaiḋ na neiṫe sin, ba ċóir díḃ ḃeiṫ ciúin, agus gan dadaṁ a ḋéanaṁ go tobann.
37Óir ṫug siḃ lib na daoine seo naċ ndearna naoṁaiṫis ar biṫ, agus naċ dtug aon ṁasla do ḃur mbaindia.
38Aċt má tá cúis ag Deimitre, agus ag an luċt céirde atá ina ċuideaċta, i n-aġaiḋ ḋuine ar biṫ, tá cúirteanna dliġe ar faġáil, agus tá urċonsuil annsin: cuireaḋ siad i leiṫ a ċéile.
39Agus má ḃíonn éileaṁ agaiḃ ar aḋḃar ar biṫ eile, is féidir a réiḋteaċ i gcóiṁṫionól ḋlisteannaċ.
40Óir tá baoġal orainn go n-éileoċar freagair uainn ar son ġleo an lae indiu: óir ní ḟuil aoinneaċ (ar féidir dúinn cunntas a ṫaḃairt faoi) cionntaċ leis an ċruinniuġaḋ seo. Agus nuair a ḃí na neiṫe sin ráiḋte aige, ċuir sé an cóiṁṫionól ar ṡiuḃal.
Obecnie wybrane:
Gníoṁarṫa 19: ASN1943G
Podkreślenie
Udostępnij
Kopiuj

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj
rights held by the Bible Society in Northern Ireland