Gníoṁarṫa 20
20
Caibidil XX
Téid Pól fríd an Ṁaicideoin agus an Ġréig: tógann sé duine marḃ ó’n ḃás i dTróas. Laḃrann sé leis an ċléir i n-Eṗesus.
1Agus nuair a ṡocruiġ an gleo, ġoir Pól ċuige na deisciobail, agus ar a gcóṁairliuġaḋ dó, d’ḟág sé slán acu, agus d’imṫiġ leis le ḋul ċun na Maicideoine.
2Agus i ndiaiḋ na críoċa sin a ṫaisteal dó, agus iad a ċóṁair-liuġaḋ le mórán briaṫar, ṫáinic sé ċun na Gréige:
3Agus nuáir a ḃí trí míosa caiṫte aige annsin, rinne na h-Iúdaiġ luiġeaċán roiṁe, agus é ar tí seolaḋ ċun na Síre: agus ċuir sé roiṁe pilleaḋ fríd an Ṁáicideoin.
4Agus ḃí ina ċuideaċta Sópater, mac Ṗirruis as Berea, agus as an Teasalonaic Aristarcus, agus Secundus, agus Gaius as Derbe, agus Timoteus: agus Tiċicus agus Troṗimus as an Aisia.
5D’imṫiġ siad-san róṁainn, agus d’ḟan siad linn i dTróas.
6Aċt ṡeol sinne ó Ṗilipi i ndiaiḋ laeṫe an aráin gan deascaiḋ, agus i gcionn ċúig lá ṫáiniceamar ċuca go Tróas, mar ar ċóṁ-nuiġeamar ar feaḋ seaċtṁaine.
7Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain#20, 7 An ċéad lá de’n tseaċtṁain. Ag tagairt do’n ráḋ seo, deir Naoṁ Crisostom agus mórán eile de ṁíniġṫeoirí an Scrioptúra, gurḃ éigean go raiḃ an tsabóid aṫruiġṫe, fiú san am seo, go dtí an ċéad lá de’n tseaċtṁain, (an Doṁnaċ) ag ha Críostaiḋṫe, mar a ċongḃuiġeas ha Críostaiḋṫe uilig an tsaoire ar an lá sin anois. Gan aṁras ba le h-uġdarás na h-Eaglaise a rinneaḋ an t-aṫruġaḋ, agus í ag cur i ḃfeiḋm na cuṁaċta a ṫug Críost dí: óir tá seisean ina Ṫiġearna ar an tsabóid., nuair a ḃíomar cruinniġṫe i gcionn a ċéile a ḃriseaḋ aráin, ḃí Pól ag seanmóireaċt dóiḃ, ó ḃí sé ar tí imṫeaċt lá ar n-a ḃáraċ, agus lean sé dá ċainnt go dtí an meaḋón oiḋċe.
8Agus ḃí mórán lampaí san tseomra uaċtaraċ mar a raḃamar cruinniġṫe.
9Agus ina ṡuiḋe ar an ḟuinneoig do óigḟear áiriṫe, darḃ ainm Eutiċus, ḃuail codlaḋ trom é, óir ḃí Pól i ḃfad ag cainnt, agus mar ġeall ar an ċodlaḋ ṫuit sé síos ó’n tríoṁaḋ lofta, agus tógaḋ suas marḃ é.
10Agus nuair a ċuaiḋ Pól síos ċuige, luiġ sé air: agus ġá ḟáisceaḋ ċuige dó, duḃairt sé: Ná bíoḋ buaiḋreaṁ oraiḃ, óir tá a anam ann.
11Agus ar ḋul suas dó, ḃris sé arán, agus ḃlais, rinne cóṁráḋ fada leo go maidin, agus mar sin d’imṫiġ sé leis.
12Agus ṫug siad an buaċaill leo beo, agus níor ḃeag a sólás.
13Aċt ar ḋul ar ḃórd na luinge dúinne, ṡeolamar go h-Assos. as a raḃamar le Pól a ḃreiṫ linn: óir ba mar sin a ṡocruiġ sé féin ó ḃí rún aige an t-aistear a ḋéanaṁ ar talaṁ.
14Agus nuair a casaḋ orainn é i n-Assos, ṫugamar linn é, agus ṫáiniceamar go Miṫléine.
15Agus ag seolaḋ as sin dúinn, ṫáiniceamar lá ar n-a ḃáraċ ós cóṁair Ċiois, agus an dara lá ṡroiċeamar. Samos, agus an lá ina ḋiaiḋ sin ṫáiniceamar go Milétus.
16Óir ḃí rún ag Pól seolaḋ ṫar Eṗesus, ar eagla go gcuirtí moill ar biṫ air san Aisia. Óir ḃí sé ag déanaṁ deifre, ċun go gcongḃuiġeaḋ sé lá na Cingcíse, dá mb’ḟéidir dó é, i n-Ierusalem.
17Agus ag cur scéala dó ó Ṁilétus go h-Eṗesus, ġoir sé ċuige sinnsir na h-Eaglaise.
18Agus nuair a ṫáinic siad ċuige, agus iad cruinniġṫe i gcionn a ċéile, duḃairt sé leo: Tá a ḟios agaiḃ cad é mar ḃí mise i ḃur measc i riṫ an ama go léir, ó’n ċéad lá ina dtáinic mé ċun na h-Aisia,
19Ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna le h-uirísleaċt iomláin, agus le deora, agus le féaċála a ṫárla daṁ tré ċeilg na n-Iúdaċ:
20Agus mar nár ċongḃuiġ mé uaiḃ aon níḋ dá raiḃ tairḃeaċ, gan a ṡeanmóir díḃ, agus a ṫeagasc díḃ go puibliḋe, agus ó ṫiġ go tiġ,
21Ag déanaṁ fiaḋnaise le h-Iúdaiġ, agus le Págánaiġ fá ṫionntóḋ ċuig Dia le h-aiṫriġe, agus fá ċreidḃeáil i n-ár dTiġearna Íosa Críost.
22Agus anois féaċ, ó tá mé faoi ċeangal ag an Spiorad, téiġim go h-Ierusalem: gan fios agam ar na neiṫe a ṫárlóċas daṁ annsin:
23Aċt go ndéan an Spiorad Naoṁ fiaḋnaise liom san uile ċaṫair, ag ráḋ: go ḃfuil geiṁleaċa agus trioblóidí ag fuireaċ liom i n-Ierusalem.
24Aċt ní ḟuil eagla orm roiṁ aon níḋ acu sin: agus ní mó liom mé féin ná mo ḃeaṫa, ċun go gcríoċnuiġiḋ mé mo ċúrsa, agus frioṫálaṁ an ḃriaṫair a fuair mé ó’n Tiġearna Íosa, fiaḋnaise a ṫaḃairt ar Ṡoiscéal ġrásta Dé.
25Agus anois féaċ, tá a ḟios agam naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ agaiḃ-se, ar ar ṡiuḃal mé ag seanmóireaċt ríoġaċt Dé, m’aġaiḋ níos mó.
26Ar an aḋḃar sin, cuirim a ḟiaḋnaise oraiḃ-se indiu, go ḃfuil mé glan ó ḟuil an uile ḋuine.
27Óir níor ṡeaċain mé cóṁairle Dé go h-iomlán ḋ’ḟuagraḋ díḃ.
28Taḃairigiḋ ḃur n-aire díḃ féin, agus do’n tréad uilig, i n-ar ċuir an Spiorad Naoṁ i ḃur n-easbuic siḃ a raġlaḋ Eaglais Dé, a ċeannuiġ sé le n-a ċuid fola féin.
29Tá a fios agam, i ndiaiḋ imṫeaċt daṁ-sa, go dtiocfaiḋ i ḃur measc maca tíre craosaċa naċ spárálfaiḋ an tréad.
30Agus eadraiḃ féin éireoċaiḋ fir a laḃarfas neiṫe contráilte, ċun deisciobail a ṫarraingt ċuca.
31Bígiḋ ag faire, dá ḃríġ sin, agus cuiṁniġigiḋ nár stad mise de ṫaḃairt ċóṁairle ar gaċ aoinneaċ agaiḃ fríd mo ḋeora lá agus oiḋċe ar feaḋ ṫrí mbliaḋan.
32Agus anois cuirim siḃ faoi ċoimirce Dé, agus faoi ḃriaṫar ġrásta an té a dtig leis ḃur dtógáil suas, agus oiġreaċt a ṫaḃairt díḃ i ḃfoċair na naoṁ go h-uile.
33Níor ṡanntuiġ mé airgead, ná ór, ná éadaċ le h-aoinneaċ, mar
34Is eol díḃ féin: óir ṡaoṫruiġ na láṁa seo#1 Cor. 4, 12; 2 Teas. 3, 8. cib é neiṫe a ḃí riaċtanaċ daṁ féin agus dóḃṫa seo atá i m’ḟoċair.
35Ṫaisbeán mé gaċ uile níḋ díḃ, cad é mar is éigean díḃ, ag obair mar seo díḃ, caḃruġaḋ leis na daoine laga, agus cuiṁniuġaḋ ar ḃriaṫar an Tiġearna Íosa, mar a duḃairt sé: Is mó is beannuiġṫe rud a ṫaḃairt ná rud a ġlacaḋ.
36Agus nuair a ḃí na neiṫe sin ráiḋte aige, leig sé é féin ar a ġlúna, agus rinne sé urnaiġe i n-aoinḟeaċt leo uilig.
37Agus ġoil siad uilig go mór: agus ag cromaḋ ar ṁuinéal Ṗóil dóiḃ, ṗóg siad é,
38Óir ḃí cuṁaiḋ orṫa go mór ṁór mar ġeall ar an ḟocal a duḃairt sé, naċ ḃfeicfeaḋ siad a aġaiḋ ní ba ṁó. Agus rinne siad a ċomóraḋ ċun na luinge.
Obecnie wybrane:
Gníoṁarṫa 20: ASN1943G
Podkreślenie
Udostępnij
Kopiuj

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj
rights held by the Bible Society in Northern Ireland