Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Geinis 1

1
Do chruthuigh Dia Neamh agus Talamh 's gach uile nidh, i sé lá.
1I dtosach, do chruthuigh Dia neamh agus talamh—, an domhan.
2Agus bhí an domhan lom folamh, agus bhí dorchadas mór trom ar uiscí an domhain, agus do ghluais Spiorad Dé thar na h-uiscí amach.
3Agus d'órduigh Dia: “Bíod solas ann.” Agus tháinig an solas ann. 4Agus chonnaic Dia an solas, agus gur mhaith taithneamhach é, agus do scar sé an solas ó'n dorchadas. 5Agus thug sé Lá mar ainm ar an solas, agus Oidhche ar an dorchadas. Agus bhí an tráthnóna ann, agus b'iad an mhaidin 's an neoin, an Chead Lá.
6Agus d'órduigh Dia: “Bíodh spéir ann (firmimint) idir na h-uiscí .i. uiscí na talmhan agus uiscí na spéire. Agus scaradh sí an dá uisce o' n-a chéile.” 7Agus rinne Dia an spéir (firmimint) agus scar sé an t-uisce faoi an spéir o'n uisce os cionn na spéire. Agus is mar san do bhí. 8Agus thug Dia Neamh (mar ainm) ar an Spéir. Agus b'iad an mhaidin 's an neoin an dara lá.
9D'órduigh Dia freisin: “Bíodh na h-uiscí atá faoi an spéir tagtha le chéile in-aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceal.” Agus is mar san do bhí. 10Agus thug Dia Éadán na Talmhan (mar ainm) ar an chuid a bhí tirim: Agus Fairrgí ar na h-uiscí. Agus chonnaic Dia gur mhaith taithneamhach é. 11Agus d'órduigh sé: “Tabhaireadh an talamh uaidh na luibheanna glasa agus gach á bhfuil síol 's póir ionnta d'réir a gcinéal, agus an crann toraidh a thabhairt toradh d'réir a chinéal, as a thiocfas a shíol féin ar éadán na talmhan.” Agus is mar san do bhí. 12Agus thug an talamh uaidh na luibheanna glasa, agus 'á raibh a phóir féin ann, d'réir a chinéil féin, agus na crainn ar a bhfásann toradh, gach crann 's póir a chinéil féin ann, ionnus go mbeadh a shíolradh féin ann ar éadán na talmhan. Agus chonnaic Dia gur mhaith agus gur taithneamhach é. 13Agus do b'é an tríomhadh lá é, an neoin agus an mhaidin.
14Agus d'órduigh Dia: “Bíodh lóchranna soluis san spéir neimhe, leis an lá a scarú o'n oidhche. Bíodh siad mar chómharthaí ar aimsir, agus ar na séasúir, agus ar na laethe agus na bhliadhanta. 15Le soillsiú ins an spéir agus le solas a thabhairt do'n domhan.” Agus rinneadh amhlaidh. 16Agus rinne Dia dhá lóchrann mhóra solais, an lóchrann is mó le riarú ar an lá, agus an lóchrann is lugha le riarú ar an oidhche: agus na réaltaí mar a gcéadna. 17Agus do chuir Dia san spéir iad le solas do thabhairt do'n domhan. 18Agus le riarú ar an lá agus ar an oidhche, agus leis an solas 's an dorchadas a scarú ó n-a chéile. Agus chonnaic Dia gur mhaith taithneamhach é sin. 19Agus b'iad an neoin 's an mhaidin an ceathramha lá.
20D'órduigh Dia fosta: “Tabhaireadh na h-uiscí amach (uatha) na héisc 's na péistí beodha, agus éanlaith gur féidir leo eiteal os cionn na talmhan ins an spéir.” 21Agus do chruthuigh Dia míola móra agus gach ainmhidhe uisce beo d'á dtug na huiscí amach uatha d'réir a gcinéal, agus gach uile éan eiteala d'réir a gcinéal, agus chonnaic Dia gur mhaith taithneamhach é sin. 22Agus do bheannuigh sé iad, a' rádh: “Bígidh torthach agus méaduighigidh, agus líonaigidh uiscí na bhfairrgí, agus méaduighthear na héanlaith ar an talamh.” 23Agus b'é an cúigeadh lá é—an neoin agus an mhaidin.
24Agus d'órduigh Dia: “Tabhaireadh an talamh uaidh an dúil bheo, d'réir a gcinéal, eallach agus péistí agus beithigh na talmhan, d'réir a gcinéal.” Agus rinne sin. 25Agus rinne Dia beithigh na talmhan d'réir a gcinéal, agus áirnéis agus gach péist a snigheas ar an talamh, d'réir a chinéil féin. Agus chonnaic Dia gur mhaith taithneamhach é sin.
26Agus dubhairt sé: “Deanamaois (an) duine (fear) 'n-ár n-iómhaigh féin, in ár gcosamhlacht féin, agus bíodh tighearnas aige ar éisc na fairrge, agus ar éanlaith an aeir, agus ar na h-ainmhidhthe go léir, agus ar an talamh go léir, agus ar gach nidh a bhoganns ar an talamh.” 27Agus chruthuigh Dia an duine in a íomhaigh féin, i gcosamhlacht Dé chruthuigh sé é; feardha agus beandha chruthuigh sé iad. 28Agus bheannuigh Dia iad, a' rádh: “Bígidh torthach, agus méaduigidh agus líonaigidh an domhan, agus smachtuigidh é, agus bíodh tighearnas agaibh ar éisc na fairrge, agus ar éanlaith an aeir, agus ar gach nidh beo a chorruigheas ar éadán na talmhan.”
29Agus dubhairt Dia: “Féach, bhearaim díbh gach uile luibh síolrach ar an talamh, agus gach uile crann in a bhfuil a shíol féin agus a thoradh, d'réir a chinéil féin, mar bhiadh díbh. 30Agus do gach uile beitheach san domhan, agus gach éan ins an aer, agus gach nidh beo san domhan, ionnus go mbéidh siad san mar bhiadh dóbhtha.” Agus rinneadh amhlaidh.
31Agus chonnaic Dia gach nidh d'a ndearn sé, agus bhíodar san go sár-mhaith agus taithneamhach. Agus b'é an seiseadh lá é—an neoin agus an mhaidin.

Atualmente selecionado:

Geinis 1: ABNPOD

Destaque

Partilhar

Copiar

None

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão