Focal beag uaim féin.
Is é an Bíobla Naomhtha an leabhar is tábhachtaige, agus an litridheacht is uaisle de litridheacht agus de leabhraí an domhain mhóir. Tá leagán de i n-a dteangaidh dhúthchais féin ag muintir gach náisiuin Chríostaidhe—acht amháin ag cinedh Gaedheal Éireann. Tá Éire, ár dtírín beag féin, ar na náisiuin is ársa Críostaidheacht i Roinn na hEorpa, agus nach lag-mhaoidhte againn é le rádh go bhfuil Catoilicigh Éireann fós gan leagánn Gaedhilge (leagán iomlán) de na h-iol-scríbhínní diadha so aca? Nach beag-bhuidheach do Dhia shinn—Eisean a bhronn orainn teaanga uasal shaidhbhir—’ a rádh nár bhfiu linn A Bhriathra Naomhtha a chur i n-ár dteangaidh mháthardha?
Ar an Bhible Béarla támuid ag brath—le céad éigin blian anuas. An ceart é sin? An cuibhe é? Sa bhliain 1801 bhí ceithre mílliúin (4,000,000) de chainnteoirí dúthchais Gaedhilge i nÉirinn. Naonbhar duine as gach deicheanbhar de na Catoilicigh—b’í an Ghaedhilig a bhí ’á labhairt aca. I n-a aidhmheoin sin ’s uilig glacadh leis an Bhible Sacs-Bhéarla, agus tugadh cúl ar teangaidh na ndaoine—ar theangaidh naomh, asbal agus mártar na h-Éireann. An feairrde shinn an tréigbheail sin? Ní annsa an freagra. Dubhairt an t-Árd-Easbóg Seán mac Éil (agus, dar a’ scéil, rugadh mé féin sa bhliain a bhfuair seisean bás—1881.): “Má cailltear an teanga Gaedhilge caillfear an Chríostaidheacht i nÉirinn.”
Bhronn Dia orainn teanga, sibhilteacht, cultúr agus acfuinn láidir Chreidimh. Nár bhfiu É ór moladh-na sa teangaidh sin? Nach é ár ndualgus sin a dheanamh, gan chabhair cham chóigchríche?
Agus sin agat, a léightheoir dhílis, mo chuige fá ghlacadh leis an obair uasail seo. Má’s dána agus ion-cháinte leat agam é, deirim mar dubhairt Maois le clanna Israeil: “Cé mise, go bhfuil sibh a’ clamhsán ’s ag gearán.”
Mí na Samhna A.D. 1943.
—Peadar Pól Ó Dubhda,
Dún Dealgan.