Gníomhartha 2
2
Caibidil II.
Gheibh na deisciobail an Spiorad Naomh. Seanmóir Pheadair do’n phobal. Cráibhtheacht na gcéad daoine a thionntuigh chun creidimh.
1Agus nuair a bhí laethe na Cingcíse cóimhlíonta, bhí siad uilig i dteannta a chéile san aon áit amháin:
2Agus go tobann tháinic tormán ó neamh, mar ghaoith an-láidir ag teacht, agus líon sé iomlán an tighe mar a raibh siad ina suidhe.
3Agus taisbeánadh dóibh teangacha scoilte amhail de theinidh, agus shuidh ar gach aoinneach acu:
4Agus líonadh leis an Spiorad Naomh#Mait. 3, 11.; Marc. 1, 8; Lúc. 3, 16; Eoin 7, 39. iad uilig, agus thoisigh siad uilig a labhairt le teangacha éagsamhla, do réir mar thug an Spiorad Naomh dóibh le labhairt.
5Agus bhí Iúdáigh ina gcómhnaidhe i n-Ierusalem, fir chráibhtheacha as gach náisiún faoi’n spéir.
6Agus nuair a chuaidh a gháir seo amach, chruinnigh an sluagh i gcionn a chéile, agus bhí a meabhair ina cíorthuathail acu, de brígh gur chuala gach duine acu iad ag cainnt ina theangaidh féin.
7Agus bhí uathbhás agus iongantas ortha uilig, agus dubhairt siad: Féach, nach Gaililéigh iad seo uilig atá ag cainnt,
8Agus cad é mar chualamar gach duine againn a theanga féin ina rugadh sinn?
9Pairtigh, agus Méidigh, Elamítigh, agus muinntir na Meash-potáime, Iudaia, Na Capadóige, an Phontuis, agus na h-Aisia,
10Na Frige, agus na Pampaille, ina h-Éigipte, agus cheanntar libia thart fá’n Chuiréin, agus coimhighthigh na Róimhe,
11Iúdaigh fosta, agus Cómhaltaí nua, Créidigh, agus Arabaigh: chualamar iad ag labhairt i n-ár dteangacha féin ar oibreacha longantacha Dé.
12Agus bhí uathbhás agus iongantas ortha uilig, agus dubhairt siad le n-a chéile: Cad é is ciall le seo?
13Acht dubhairt tuilleadh, ag déanamh fonamhaide: Is lán d’fhíon úr atá siad seo.
14Acht ag éirghe ina sheasamh do Pheadar i gcuideachta an aoin déag, d’árduigh sé a ghuth, agus labhair leo: A fheara Iudaia, agus sibh-se uilig a chómhnuigheas i n-Ierusalem, bíodh a fhios seo agaibh, agus tabhairigidh cluas do mo bhriathra.
15Óir ní fhuil siad seo ar meisce, mar a shíleas sibh-se, nuair nach bhfuil sé acht an tríomhadh h-uair de’n lá:
16Acht is é seo an nídh a dubhradh tríd an fháidh, Ióel:#Isaias 44, 3; Ióel 2, 28.
17Agus tiocfaidh sé chun críche ins na laethe deireannacha (deir an Tighearna), doirtfidh mé de mo Spiorad ar an uile fheoil: agus dhéanfaidh bhur mic agus bhur n-ingheanacha fáidheadóireacht, agus tchífidh bhur n-óigfhir aislingthe, agus dhéanfaidh bhur seandaoine brionglóidí.
18Agus ins na laethe sin go dearbhtha, doirtfidh mé de mo Spiorad ar mo sheirbhísigh, agus ar mo bhaintseirbhísigh, agus dhéanfaidh siad fáidheadóireacht:
19Agus nochtfaidh mé tuartha san spéir thuas, agus cómharthaí ar talamh abhus, fuil, agus teine, agus gal toite:
20Tionntóchar an ghrian ina dorchadhas, agus an ghealach ina fuil, sul a dtigidh lá mór soiléir an Tighearna.
21Agus tiocfaidh sé chun críche, go slánóchar cibé ar bith a scairtfeas ar ainm an Tighearna.#Ióel 2, 32; Rómh. 10, 13.
22A fheara Israéil, éistigidh leis na briathra seo: Íosa as Nasair, fear a fuair dearbhadh ó Dhia eadraibh, leis na cumhachtaí, na h-iongantaisí, agus na míorbhailte a rinne Dia trídh i bhur measc, mar is eol díbh féin fosta:
23Nuair a tugadh suas é sin le cómhairle chinnte#2, 23 Cómhairle chinnte. Thug Dia suas a Mhac, agus thug a Mhac suas é féin, le grádh dúinne, agus cun ár slánuighthe. Ba ghníomh naomhtha, mar sin, toirbhirt Chríost, agus chinn Dia é. Acht ba ghníomh peacthach a rinne na daoine a bhriait agus a chéas é, óir ghá dhéanamh sin dóibh, bhí siad ag leanamhaint: claonadh na h-urchóide ionnta féin, agus ag géilleadh do chathughadh an diabhail. Níorbh é an nídh a thoiligh agus a chinn Dia a rinne siad, óir níorbh eisean ar chor ar bith a b’ughdar le n-a n-urchóid. Acht cheaduigh sé a n-urchóid, de bhrígh go raibh sé ar a chumas a leithéid de dhéag-thoradh a bhaint aiste, slánughadh an chinidh daonna., agus le réimheolas Dé, d’imir sibh-se crádh agus bás air tré lámha dhaoine urchóideach:
24Agus thóg Dia suas é, ar scaoileadh dóláis ifrinn dó#2, 24 Ar scaoileadh dóláis ifrinn dó. Bhuaidh sé ar phianta choscartha an bháis, agus ar chumhacht ifrinn go h-iomlán., ar an adhbhar nárbh fhéidir dó sin é a chongbháil.
25Óir deir Dáibhidh fá dtaoibh de:#Sailm 15, 8. Chonnaic mé an Tighearna i gcómhnaidhe ós mo chómhair: óir tá sé ar mo dheis chun nach gcorruightear mé:
26Ar a shon sin bhí áthas ar mo chroidhe, agus rinne mo theanga lúthgháir, agus le n-a chois sin béidh m’fheoil go suaimhneach fá dhóchas:
27De bhrígh nach bhfágfaidh tú m’anam i n-ifreann, agus ní leigfidh tú do do Neach Naomhtha truailliughadh d’fheiceáil.
28D’fhoillsigh tú slighthe na beatha damh: agus dhéanfaidh tú lán de lúthgháir mé le do ghnúis.
29A fheara, agus a bhráithre, bíodh sé ina chead agam labhairt go dáná libh ar an árdathair Dáibhidh,#3 Rígh. 2, 10. go bhfuair sé bás, agus gur h-adhlacadh é: agus tá a thuamba againn go dtí an lá atá indiu ann.
30Ar an adhbhar sin, ó bhí sé ina fháidh, agus fios aige gur mhóidigh Dia le mionna dó go suidhfeadh duine dá shliocht ar a chathaoir ríoghdha:#Sailm 131, 11.
31Ghá fheiceáil sin roimh ré dó, labhair sé ar eiséirghe Chríost, óir níor fágadh i n-ifreann é, ná ní fhaca a fheoil truailliughadh.#Sailm 15, 10.
32Thóg Dia suas an t-Íosa seo arís, agus támuid-ne uilig i n-ár bhfiadhnaisigh aige.
33Ar an adhbhar sin, nuair a tógadh suas é le láimh dheis Dé, agus fuair sé geallamhaint an Spioraid Naoimh ó’n Athair, dhoirt sé amach é seo atchí sibh, agus a chluin síbh.
34Óir ní dheachaidh Dáibhidh suas ar neamh: acht dubhairt sé féin: Dubhairt an Tighearna le mo Thighearna, suidh ar mo dheis,
35Nó go gcuiridh mé do náimhde ina stól faoi do chosa.#Sailm 109, 1.
36Ar an adhbhar sin, bíodh a fhios ag tigh Israéil uilig go cinnte, go ndearna Dia Tighearna agus Críost de’n Íosa seo a chéas sibh-se.
37Agus ar chluinstin na neithe sin dóibh, ghabh dólás croidhe iad, agus dubhairt siad le Peadar, agus leis na h-Abstail eile: Cad é tá le déanamh againn, a fheara, agus a bhráithre?
38Agus deir Peadar leo: Déanaigidh aithrighe, agus baistear gach aoinneach agaibh i n-ainm Íosa Críost chun maitheamhnas bhur bpeacaidhe: agus gheobhaidh sibh tiodhlacadh an Spioraid Naoimh.
39Óir is díbh-se an gheallamhaint, agus do bhur gcloinn, agus do gach aoinneach, dá bhfuil i gcéin, ar a ngoirfidh ár dTighearna Dia.
40Le cuid mhóir eile cainnte fosta thug sé teagasc dóibh, agus chómhairligh sé iad, ag rádh: Sábhálaigidh sibh féin ar an droch-ghlúin seo.
41Ar an adhbhar sin, baisteadh iad sin a ghabh chuca a bhriathar: agus cuireadh leo an lá sin tuairim ar thrí mhíle anam.
42Agus mhair siad seasmhach i dteagasc na n-Abstal, agus i gcumann an bhriseadh aráin, agus i n-urnaighthe.
43Agus ghabh eagla gach uile anam: bhí mórán iongantas agus míorbhail dá ndéanamh fosta ag na h-Abstail i n-Ierusalem, agus bhí eagla mhór ar an uile dhuine.
44Agus an méid a chreid, bhíodh siad i bhfochair a chéile, agus bhíodh gach uile nídh i gcómhar acu.
45Dhíoladh siad a maoin agus a gcuid de’n tsaoghal, agus rannadh siad ar gach aoinneach iad, do réir mar bhíodh sé i riachtanas.
46Agus ag fanacht gach lá ar aon toil amháin san teampall, agus ag briseadh aráin ó thigh go tigh dóibh, chaitheadh siad a gcuid bídh fá áthas, agus fá simplidheacht croidhe,
47Ag moladh Dé, agus cion an phobáil go léir ortha. Agus mhéaduigh an Tighearna i gcionn a chéile gach lá an méid a bhí le slánughadh.
Selectat acum:
Gníomhartha 2: ASN1943
Evidențiere
Partajează
Copiază
Dorești să ai evidențierile salvate pe toate dispozitivele? Înscrie-te sau conectează-te
rights held by the Bible Society in Northern Ireland