Gníomhartha 3
3
Caibidil III
Leigheastar an bacach, agus, dá thairbhe sin, tionntuigheann mórán, chun creidimh.
1Agus chuaidh Peadar agus Eoin suas chun an teampaill ag am urnaighe na naomhadh h-uaire.
2Agus bhí fear áirithe, a bhí ina mháirtíneach ó bhroinn a mháthar, dá iomcar: agus chuireadh siad gach lá é ag an gheafta sin an teampaill, dá ngoirtear Áluinn, chun go n-iarradh sé déirc uatha sin a théigheadh isteach san teampall.
3Agus nuair a chonnaic sé seo Peadar agus Eoin ar tí a dhul isteach san teampall, d’iarr sé déirc d’fhagháil.
4Ag dearcadh do Pheadar i n-aoinfheacht le h-Eoin air, dubhairt sé: Amharc orainn.
5Agus dhearc seisean ortha, ag dréim go bhfuigheadh sé rud éigin uatha.
6Acht dubhairt Peadar: Ní fhuil airgead ná ór agam: acht an nídh atá agam, bheirim duit é: I n-ainm Íosa Críost as Nasair, éirigh, agus siubhal.
7Agus ag breith greim láimhe deise air dó, thóg sé suas é, agus ar an bhomaite neartuigheadh a chosa, agus a bhonnaí.
8Agus ag tabhairt léime ina shuidhe dó, sheasuigh sé, agus shiubhal sé: agus chuaidh sé isteach leo san teampall, ag shiubhal, agus ag léimnigh, agus ag moladh Dé.
9Agus chonnaic na daoine uilig é ag siubhal, agus ag moladh Dé.
10Agus d’aithin siad é, gurbh é a bhíodh ina shuidhe ag iarraidh déirce ag geafta Áluinn an teampaill: agus líonadh le h-uathbhás agus iongantas iad fá’n nídh a thárla dó.
11Agus nuair a bhí sé ag congbháil greama ar Pheadar agus ar Eoin, rith na daoine uilig chuca go dtí an póirse, dá ngoirtear póirse Shalomon, agus iad ag déanamh iongantais.
12Agus ghá fheiceáil sin do Pheadar, d’fhreagair sé na daoine: A fheara Israéil, cad chuige a ndéan sibh iongantas de seo, nó cad chuige a stánann sibh orainne, amhail agus dá mba le n-ár gcumhacht nó le n-ár neart féin a thugamar ar an duine seo siubhal?
13Thug Dia Abrahaim, agus Dia Isaaic, agus Dia lacóib, agus Dia ár n-aithreach, glóir dá Mhac Íosa, a ndearna sibh-se a thabhairt suas, agus a shéanadh ós cómhair Phioláit, nuair a thug seisean a bhreith gur chóir é leigin saor.
14Acht shéan sibh-se an Neach Naomhtha Cóir, agus d’iarr sibh fear a bhí ina dhúnmharbhthóir a thabhairt díbh:#Mait. 27, 10; Marc. 15, 11; Lúc. 23, 18; Eoin 18, 40.
15Acht mharbh sibh ughdar na beatha, agus thóg Dia ó mharbhaibh arís é, rud ar a bhfuil sinne i n-ár bhfiadhnaisigh.
16Agus tré chreideamh a ainme-sean, neartuigh a ainm an té seo a chonnaic sibh, agus a raibh aithne agaibh air: agus an creideamh atá tríd-sean, thug sé an tsláinte iomlán seo i bhur bhfiadhnaise go léir.
17Agus anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur tré dhíoghbháil feasa a rinne sibh é, agus bhur n-uachtaráin mar an gcéadna.
18Acht is amhlaidh a chóimhlíon Dia na neithe a d’fhoillsigh sé roimh ré tré bhéal na bhfáidh go léir, go bhfulaingeochadh a Chríost.
19Ar an adhbhar sin, déanaigidh aithrighe, agus tionntuighigidh, chun go scriostar amach bhur bpeacaidhe:
20Agus, nuair a thiocfas aimsir fhaoisimh ó láthair an Tighearna, go gcuiridh sé chugaibh Íosa Críost, an té a fuagradh dibh,
21Agus a gcaithfidh neamh a ghabháil chuice leoga, go dtí an t-am nuair a dhéanfar na h-uile neithe d’athnuadhadh, mar a dubháirt Dia tré bhéal a fháidh naomhtha ó thús an tsaoghail.
22Óir dubhairt Maoise:#Deut. 18, 15. Tógfaidh bur dTighearna Dia suas fáidh de bhur mbráithre díbh, mar mise: éistfidh sibh leis-sean i ngach uile nídh dá labharfaidh sé libh.
23Agus tiocfaidh sé chun críche, go scriosfar amach as an phobal, cibé ar bith anam nach n-éistfidh leis an fháidh sin.
24Agus na fáidhe uilig ó Shamuel, agus ina dhiaidh sin, dár labhair, d’innis siad fá na laethe seo.
25Is sibh-se clann na bhfáidh agus na tiomna a rinne Dia dár n-aithreacha, ag rádh le h-Abraham: Agus i do shíol-sa beannóchar teaghlaigh an domhain go léir.#Gein. 12, 3.
26Agus ar thógáil suas a Mhic do Dhia, chuir sé chugaibh-se ar dtús é le sibh a bheannughadh: chun go dtionntuigheadh gach aoinneach é féin ó n-a urchóid.
Selectat acum:
Gníomhartha 3: ASN1943
Evidențiere
Partajează
Copiază
Dorești să ai evidențierile salvate pe toate dispozitivele? Înscrie-te sau conectează-te
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: