YouVersion
Pictograma căutare

Gníomhartha 4

4
Caibidil IV
Beirtear ar Pheadar agus Eoin. A mbuantseasmhacht. An Eaglais ag dul i méid.
1Agus le linn dóibh a bheith ag labhairt leis na daoine, tháinic na sagairt, agus oificeach an teampaill, agus na Sadducaigh ortha,
2Agus iad mí-shásta as siocair go raibh siad ag teagasc na ndaoine, agus ag fuagradh i n-Íosa na h-eiséirghe ó mharbhaibh:
3Agus fuair siad greim ortha, agus chuir siad i bpríosún iad go dtí an lá ar n-a bhárach: óir bhí sé anois ina thráthnóna.
4Agus chreid mórán acu sin a chuala an briathar: agus chuaidh lion na bhfear go cúig mhíle.
5Agus lá ar n-a bhárach thárla go dtáinic i gcionn a chéile i n-Ierusalem, a n-uachtaráin, agus a seanóirí, agus a Scríobhaidhthe:
6Agus Annas, an t-árdshagart, agus Caiphas, agus Eoin, agus Alastar, agus an méid a bhí de chineadh na sagart.
7Agus ghá gcur i lár báire dóibh, d’fhiafruigh siad: Cad é an t-ughdarás, agus cad é an t-ainm tré n-a ndearna sibh-se seo?
8Annsin dubhairt Peadar leo, agus é lán de’n Spiorad Naomh: A uachtarána an phobail, agus a sheanóirí, éistigidh:
9Má támuid dár gceistiughadh indiu fá ghar ar dhuine easlán, cad é mar rinneadh slán é,
10Bíodh a fhios agaibh uilig, agus ag pobal Israéil uilig, gur tré ainm ár dTighearna Íosa Críost as Nasair, an té a chéas sibh-se, agus a thóg Dia ó mharbhaibh, is tríd-sean atá sé seo ina sheasamh slán ós bhur gcómhair.
11Is í seo an chloch dár dhiúltuigh sibh-se, na saoir, agus a ndearnadh ceann coirnéil dí:#Sailm 117, 22; Isaias 28, 16; Mait. 21, 42; Marc. 12, 10; Lúc. 20, 17; Rómh. 9, 32; 1 Pead. 2, 7.
12Ná ní fhuil slánughadh i neach ar bith eile. Óir ní fhuil ainm ar bith eile faoi neamh tugtha do dhaoine, le n-ar éigean sinn a shlánughadh.
13Agus nuair ba léir dóibh buantseasmhacht Pheadair agus Eoin, agus fios acu gur dhaoine gan léigheann, gan eolas, iad, bhí iongantas ortha, agus bhí a fhios acu go raibh siad i bhfochair Íosa:
14Agus mar go bhfaca siad an duine a leigheasadh ina sheasamh fosta ina gcuideachta, ní tháinic leo aon nídh a rádh ina n-aghaidh.
15Acht d’órduigh siad dóibh dul i leath taoibh amach as an chómhairle: agus chuaidh siad a chómhrádh eatortha féin,
16Ag rádh: Cad é dhéanfamuid leis na daoine seo? Óir gan amhras tá míorbhail déanta acu, arab eol dá bhfuil ina gcómhnaidhe i n-Ierusalem í: tá sí soiléir, agus ní thig linn a séanadh.
17Acht chun nach dtéighidh an scéal níos fuide imeasc na ndaoine, bagramaois ortha gan labhairt feasta san ainm seo le duine ar bith.
18Agus ar a ngairm chuca dóibh, chros siad ortha labhairt ar chor ar bith, ná teagasc a thabhairt i n-ainm Íosa.
19Acht dubhairt Peadar agus Eoin leo, ghá bhfreagairt: Meas-aigidh féin, cé acu is córa i bhfiadhnaise Dé éisteacht libh-se ná le Dia.
20Óir ní féidir dúinn gan trácht ar na neithe a chonnacamar agus a chualamar.
21Acht i ndiaidh bagairt a dhéanamh, leig siad ar shiubhal iad: mar nach bhfuair siad slighe chun pionós a chur ortha mar gheall ar an phobal, óir bhí gach aoinneach ag moladh an nídh a rinneadh san nídh a thárla.
22Óir bhí an duine, a ndearnadh an mhíorbhail leighis úd air, ós cionn dhaichead bliadhan d’aois.
23Agus nuair a leigeadh saor iad, tháinic siad chuig a gcomrádaidhthe: agus d’innis siad dóibh gach nídh dár dhubhairt uachtaráin na sagart agus na seanóirí leo.
24Agus nuair a chuala siad-san sin, thóg siad a nguth d’aon toil chun Dé, agus dubhairt: A Thighearna, is tusa an té a rinne neamh, agus an talamh, agus an fhairrge, agus gach nídh dá bhfuil ionnta:
25Agus tríd an Spiorad Naomh tré bhéal ár n-athar Dáibhidh, do sheirbhíseach, dubhairt tú:#Sailm 2, 1. Cad chuige a raibh confadh ar na cinidheacha, agus smaointe díomhaoine ag na daoine?
26D’éirigh ríghthe an domhain ina seasamh, agus chruinnigh na prionnsaí le chéile i n-aghaidh an Tighearna, agus i n-aghaidh a Chríost.
27Óir go dearbhtha tháinic Ioruadh, agus Point Pioláit mar aon leis na Cinidheacha, agus le pobal Israéil, i gcionn a chéile san chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa, a ndearna tú a ungadh,
28Go ndéanadh siad na neithe ar órduigh do lámh agus do chómhairle a ndéanamh.
29Agus anois, a Thighearna, dearc ar a gcuid bagar, agus tabhair; do do sheirbhísigh do bhriathar a labhairt maille leis an uile mhisneach,
30Tré shíneadh do láimhe amach le leighish, agus míorbhailte, agus iongantaisí a dhéanamh tré ainm do Mhic naomhtha Íosa.
31Agus nuair a bhí an urnaighe déanta acu, craitheadh an áit ina raibh siad bailighthe: agus líonadh leis an Spiorad Naomh iad uilig, agus labhair siad bhriathar Dé le misneach.
32Agus bhí an sluagh a chreid ar aon chroidhe agus ar aon anam: agus ní abradh aoinneach acu gur leis féin rud ar bit dá mbíodh ina sheilbh, acht bhíodh na h-uile neithe i gcómhar acu.
33Agus bheireadh na h-Abstail fiadhnaise ar eiséirghe Íosa Críost, ár dTighearna, le cumhacht mhóir: agus bhí grásta mór ionnta uilig.
34Óir ní raibh duine ar bith ar an ghannchuid ina measc acht a oiread. Óir an méid a mbíodh talta, nó tighthe, ina seilbh, dhíoladh siad agus bheireadh leo luach na neithe a dhíoladh siad,
35Agus chuireadh siad ag cosa na n-Abstal é. Agus roinntí le gach aoinneach do réir mar bhíodh riachtanas air.
36Agus Ióseph, leibhíteach a rugadh san Chufair, a dtug na h-Abstail Barnabas mar chómhainm air, (is é sin, ar a mhíniughadh, Mac shóláis)
37Ó bhí talamh aige, dhíol sé é, agus thug leis a luach, agus d’fhág ag cosa na n-Abstal é.

Evidențiere

Partajează

Copiază

None

Dorești să ai evidențierile salvate pe toate dispozitivele? Înscrie-te sau conectează-te