Gníomhartha 9
9
Caibidil IX
Tionntód agus díograis Phóil. Leigheasann Peadar Eneas, agus tógann sé Tabita ó’n bhás.
1Agus ó bhí Saul ag séideadh bagair agus marbhtha go dtí seo i n-aghaidh deisciobail an Tighearna,#Gal. 1, 13. chuaidh sé chuig uachtarán na sagart,
2Agus d’iarr sé litreacha fá choinne na sineagóg san Damaisc air: chun fir agus mná ar bith de’n tslighe seo dá bhfuigheadh sé, a thabhairt fá cheangal go h-Ierusalem.
3Agus nuair a bhí sé ag cur an bhóthair de, thárla ag teacht i ngaobhar do’n Damaisc é: agus i dtoibinne shoillsigh solus ó neamh thart fá dtaoibh de.#1 Cor. 15, 8; 2 Cor. 12, 2.
4Agus ar thuitim ar an talamh dó, chuala sé guth ag rádh leis: A Shauil, a Shauil, cad chuige a ndéan tú mé a ghéirleanamhaint?
5Agus dubhairt seisean: Cé thú féin, a Thighearna? Agus dubhairt sé: Is mé Íosa, ar a bhfuil tusa ag déanamh géirleanamhna. Is doiligh duit bhéith ag bualadh na sál i n-aghaidh an bhruid.
6Agus dubhairt seisean, agus é ar crith agus fá uathbhás: A Thighearna, cad is áil leat go ndéanfainn?
7Agus dubhairt an Tighearna leis: Éirigh, agus gabh isteach san chathair, agus innseochar duit annsin cad é is cóir duit a dhéanamh. Agus na fir a bhí ag siubhal ina chuideachta, sheasuigh siad ina stangairí, ag éisteacht leis an ghuth gan duine ar bith d’fheiceáil.
8Agus d’éirigh Saul de’n talamh, agus nuair a d’fhoscail sé a shúla, ní fhaca sé rud ar bith. Acht rug siad-san greim ar a lámha, agus threoruigh siad isteach chun na Damaisce é.
9Agus bhí sé trí lá annsin gan radharc, agus níor chaith sé biadh ná deoch.
10Agus bhí deisciobal áirithe san Damaisc, darbh ainm Ananias: Agus dubhairt an Tighearna leis i bhfís: A Ananíais. Agus dubhairt seisean: Féach, seo mé, a Thighearna.
11Agus dubhairt an Tighearna leis: Éirigh, agus gabh isteach san tsráid dá ngoirtear Díreach: agus i dtigh Iúdais cuir tuairisc duine darab ainm Saul as Tarsus: óir féach, tá sé ag guidhe.
12(Agus chonnaic seisean fear, darbh ainm Ananias, ag teacht isteach agus ag cur a lámh air chun go bhfaghadh sé amharc na súl).
13Acht d’fhreagair Ananias: A Thighearna, chuala mé ó mhórán fá’n fhear seo, an méid olc a rinne sé ar do naoimh i n-Ierusalem:
14Agus tá ughdarás annseo aige ó uachtaráin na sagart ceangal a chur ar gach aoinneach a ghlaodhas ar d’ainm.
15Acht dubhairt an Tighearna leis: Imthigh leat, óir is soitheach toighte damh-sa an duine seo, chun m’ainm d’iomchar ós cómhair na gcinidheach, ríghthe, agus Clann Israéil.
16Óir taisbeánfaidh mise dó cad é méid na neithe is éigean dó a fhuilstin ar son m’ainme-se.
17Agus d’imthigh Ananias, agus chuaidh sé isteach san tigh, agus ag cur a lámh air, dubhairt: A Shauil, a bhráthair, An Tighearna Íosa a thaisbeán é féin duit ar an bhealach ar a dtáinic tú, chuir sé chugat mé, chun go bhfaghthá amharc do shúl, agus go líontaí thú leis an Spiorad Naomh.
18Agus ar an bhall thuit amhail lanntracha ó n-a shúla, agus fuair sé amharc na súl thar ais: agus ar éirghe dó, baisteadh é.
19Agus nuair a bhí biadh glactha aige, tháinic a neart chuige. Agus bhí sé suim laethe i bhfochair na ndeisciobal a bhí san Damaisc.
20Agus gan mhoill bhí sé ag seanmóir Íosa ins na sineagóga, gurab é Mac Dé é.
21Agus bhí iongantas ar an uile dhuine dár chuala é, agus deireadh siad: Nach é seo an té a bhíodh i n-Ierusalem ag ionnsaidhe na ndaoine a ghuidh an t-ainm seo: agus nach dtáinic sé annseo le h-iad a thabhairt leis ceangailte chuig uachtaráin na sagart?
22Acht chuaidh Saul ní ba mhó i neart, agus chlaoidh sé na h-Iúdaigh a bhí ina gcómhnaidhe san Damaisc, ag dearbhadh gurab é seo an Críost.
23Agus nuair a chuaidh mórán laethe thart, shocruigh na h-Iúdaigh ar chómhairle i dteannta a chéile, go gcuirfeadh siad chun báis é.
24Acht cuireadh a gcealg i n-iúl do Shaul. Agus chongbhuigh siad-san coimhéad ar na geaftaí lá agus oidhche fosta chun é mharbhadh.#2 Cor. 11, 32.
25Acht thug na deisciobail leo san oidhche é, agus chuir siad amach thar an bhalla é, ghá leigin síos i gcliabh.
26Agus ar theacht go h-Ierusalem dó, thug sé iarraidh dul i gcuideachta na ndeisciobal, agus bhí eagla ortha uilig roimhe, óir níor chreid siad gur dheisciobal é.
27Acht rug Barnabas leis é, agus threoruigh sé chuig na h-Abstail é: agus d’innis sé dóibh mar a chonnaic sé an Tighearna ar an tslighe, agus gur labhair sé leis, agus mar a labhair sé féin go misneamhail i n-ainm Íosa san Damaisc.
28Agus bhí sé ina gcuideachta ag teacht isteach agus ag dul amach i n-Ierusalem, agus ag labhairt go misneamhail i n-ainm an Tighearna.
29Labharadh sé fosta leis na cinidheacha, agus bhíodh sé ag díospóireacht leis na Gréagaigh: acht bhí siad-san i bhfáthach le n-a mharbhadh.
30Agus nuair a fuair na bráithre a fhios sin, thug siad leo síos go Caesarea é, agus chuir siad ar shiubhal go Tarsus é.
31Annsin bhí síothcháin ag an eaglais ar fud Iudaia go h-iomhlán, agus ar fud na Gailile, agus na Samáire, agus ag siubhal dí i n-eagla an Tighearna, chuaidh sí i méid, agus bhí sí dá líonadh le sólás an Spioraid Naoimh.
32Agus thárla, ar bheith do Pheadar ag dul thart ortha uilig, go dtáinic sé go dtí na naoimh a bhí ina gcómhnaidhe i Lidda.
33Agus fuair sé duine áirithe annsin, darbh ainm Eneas, a bhí ag congbháil na leaptha le h-ocht mbliadhna, agus an galar creathach air.
34Agus dubhairt Peadar leis: A Eneais, ghní an Tighearna Íosa Críost slán thú: éirigh, agus cóirigh do leabaidh. Agus ar an bhomaite d’éirigh sé.
35Agus chonnaic a raibh ina gcómhnaidhe i Lidda agus i Saroin é: agus thionntuigh siad chuig an Tighearna.
36Agus i n-Ioppe bhí baindeisciobal áirithe, darbh ainm Tabita, dá ngoirtear, ar a mhíniughadh, Dorcas. Bhí sí seo lán de dhéagh-oibreacha agus de dhéirc a ghníodh sí.
37Agus thárla ins na laethe sin gur bhuail tinneas í, agus go bhfuair sí bás. Agus nuair a bhí sí nighte acu, shín siad i seomra uachtarach í.
38Agus mar go raibh Lidda i ngaobhar do Ioppe, agus chuala na deisciobail go raibh Peadar annsin, chuir siad beirt fhear chuige, ghá ghuidhe: Ná déan moill i dteacht chugainn.
39Agus d’éirigh Peadar, agus chuaidh sé leo. Agus ar theacht dó, thug siad chun an tseomra uachtaraigh é: agus sheasuigh na bain-treabhacha uilig thart fá dtaoibh dé, agus iad ag caoineadh, agus ag taisbeáint dó na gcótaí agus na gcultach a rinne Dorcas dóibh.
40Agus nuair a cuireadh amach uilig iad, chuaidh Peadar ar a ghlúna, agus ghuidh sé: agus ag tionntódh chuig an chorp dó, dubhairt sé; A Thabita, éirigh. Agus d’fhoscail sise a súla: agus ar fheiceáil Pheadair dí, d’éirigh sí ina suidhe.
41Agus ag tabhairt a láimhe dí, thóg sé suas í. Agus ar gairm na naomh agus na mbaintreabhach dó, thug sé ina láthair beo í.
42Agus cuireadh seo i n-iúl fríd Ioppe go h-uile: agus chreid mórán san Tighearna.
43Agus thárla gur chómhnuigh sé mórán laethe i n-Ioppe ag tonnadóir áirithe, darbh ainm Síomon.
Selectat acum:
Gníomhartha 9: ASN1943
Evidențiere
Partajează
Copiază
Dorești să ai evidențierile salvate pe toate dispozitivele? Înscrie-te sau conectează-te
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: