Eoin 18
18
Caibidil XVIII.
Tuairisc ar pháis Chríost.
1Nuair a bhí na neithe sin ráidhte ag Íosa, chuaidh sé amach le n-a dheisciobail thar sruthán na Cedróine, mar a raibh garrdhadh,#2 Rígh. 15, 23; Mait. 26, 36; Marc. 14, 32; Lúc. 22, 39. ina ndeachaidh sé féin agus a dheisciobail isteach.
2Agus bhí fios na h-áite seo ag Iúdas, a bhraith é, fosta: óir thigeadh Íosa ann go minic mar aon le n-a dheisciobail.
3Ar an adhbhar sin, nuair a fuair Iúdas buidhean agus oificigh ó na h-árdshagairt agus ó na Fairisínigh, tig sé annsin le lóchrainn, agus tóirsí, agus airm.#Mait. 26, 47; Marc. 14, 43; Lúc. 22, 47.
4Ó bhí a fhios ag Íosa, dá bhrígh sin, gach nídh dá raibh le theacht air, chuaidh sé ar aghaidh, agus dubhairt leo: Cé tá sibh a chuartughadh?
5D’fhreagair siad é: Íosa as Nasair. Deir Íosa leo: Is mise é. Agus bhí Iúdas, a bhraith é, ina sheasamh ina bhfochair fosta.
6Nuair a dubhairt sé leo, dá bhrígh sin: Is mise é: chuaidh siad ar gcúl, agus thuit siad ar an talamh.
7Ar an adhbhar sin, d’fhiafruigh sé díobh arís: Cé tá sibh a chuartughadh? Agus dubhairt siad-san: Íosa as Nasair.
8D’fhreagair Íosa: Dubhairt mé libh, gur mise é: ar an adhbhar sin, má’s mise atá sibh a chuartughadh, leigigidh dóbhtha seo imtheacht.
9Chun go gcóimhlíontaí an chainnt a dubhairt sé: Níor chaill mé aon duine acu sin a thug tú damh.
10Ar an adhbhar sin, Síomon Peadar, a raibh claidheamh aige, tharraing sé amach é: agus bhuail sé seirbhíseach an árdshagairt: agus ghearr sé an chluas dheas de. Agus Malchus a b’ainm do’n tseirbhíseach.
11Dubhairt Íosa, ar an adhbhar sin, le Peadar: Cuir do chlaidheamh san truaill. An é nach n-ólfaidh mé an chailís a thug m’Athair damh?
12Ar an adhbhar sin, rug an bhuidhean, agus an ceann feadhain, agus oificigh na n-Iúdach ar Íosa, agus cheangail siad é:
13Agus thug siad leo ar dtús chuig Annas é, óir b’eisean athair céile Chaiphais,#Lúc. 3, 2. arbh é árdshagart na bliadhna sin é.
14Agus b’é Caiphas an té a thug an chómhairle do na h-Iúdaigh: go bhfóirfeadh sé duine amháin bás d’fhagháil ar son na ndaoine?
15Agus lean Síomon Peadar agus deisciobal eile Íosa. Agus bhí aithne ag an árdshagárt ar an deisciobal sin, agus chuaidh sé isteach le h-Íosa go cúirt an árdshagairt.
16Acht sheasuigh Peadar ag an doras thaobh amuigh. Dá bhrígh sin, chuaidh an deisciobal eile, a raibh aithne ag an árdshagart air, amach, agus labhair sé leis an bhandoirseoir: agus thug sé isteach Peadar.#Mait. 26, 58; Marc. 14, 54; Lúc. 22, 55.
17Deir cailín an dorais, ar an adhbhar sin, le Peadar: Nach duine de dheisciobail an fhir úd thusa fosta? Deir seisean: Ní h-eadh.
18Agus bhí na seirbhísigh agus na h-oificigh ina seasamh fá aibhleogaí teineadh, mar go raibh sé fuar, agus iad ag déanamh a ngortha: agus bhí Peadar ina sheasamh ina dteannta, agus é ag déanamh a ghortha.
19Ar an adhbhar sin, cheistigh an t-árdshagart Íosa fá n-a dheisciobail, agus fá n-a teagasc.
20D’fhreagair Íosa é: Labhair mise go puiblidhe leis an tsaoghal: thug mé teagasc i gcómhnaidhe san tsineagóig, agus san teampall, mar a dtig na h-Iúdaigh go léir i gcionn a chéile: agus níor labhair mé aon nídh fá cheilt.
21Cad chuige a gceistigheann tú mise? Fiafruigh díobhtha seo a chuala cad é dubhairt mhé leo: féach, tá a fhios acu seo na neithe a dubhairt mé.
22Nuair a dubhairt sé seo, bhuail duine de na seirbhísigh, a bhí ina sheasamh ann, buille boise ar Íosa, ag rádh: An mar sin a bheir tú freagair ar an árdshagart?
23D’fhreagair Íosa é: Má labhair mé go h-olc, thabhair fiadhnaise ar an olc: acht má’s go maith, cad chuige a mbuaileann tú mé?
24Agus chuir Annas chuig Caiphas,#Mait. 26, 57; Marc. 14, 53; Lúc. 22, 54. an t-árdshagart, é, agus é ceangailte.
25Agus bhí Síomon Peadar ina sheasamh, agus é ag déanamh a ghortha. Ar an adhbhar sin, dubhairt siad leis: Nach duine dá dheisciobail thusa fosta?#Mait. 26, 69; Marc. 14, 67; Lúc. 22, 56. Shéan seisean, agus dubhairt: Ní h-eadh.
26Deir duine de sheirbhísigh an árdshagairt, gaol do’n té ar ghearr Peadar an chluas de: An é nach bhfaca mé ina chuideachta san gharrdhadh thú?
27Ar an adhbhar sin, shéan Peadar arís: agus ar an bhomaite scairt an coileach.
28Annsin bheir siad Íosa leo ó Chaiphas go cúirt an uachtaráin.#Mait. 27, 2; Marc. 15, 1; Lúc. 23, 1. Agus bhí an mhaidin ann: agus ní dheachaidh siad féin isteach san chúirt, chun nach dtruailligtí iad,#Gníomh. 10, 28, agus 11, 3. acht go n-itheadh siad an Cháisc.
29Dá bhrígh sin, chuaidh Pioláit amach chuca, agus dubhairt: Cad é an choir atá sibh a chur i leith an duine seo?
30Agus dubhairt siad leis, ghá fhreagairt: Munarbh é gur chuirptheach é seo, ní thabharfamaois suas duit é.
31Dubhairt Pioláit leo, dá bhrígh sin: Beirigidh féin libh é, agus tabhairigidh breith air do réir bhur ndlighe. Ar an adhbhar sin, dubhairt na h-Iúdaigh leis: Ní ceadmhach dúinne aoinneach a chur chun báis.
32Ionnas go gcóimhlíontaí briathar Íosa, a dubhairt sé, ghá chur i n-iúl cad é an cinéal báis a gheobhadh sé.#Mait. 20, 19.
33Ar an adhbhar sin, chuaidh Pioláit isteach san chúirt arís, agus ghoir sé Íosa chuige, agus dubhairt leis: An tusa rí na n-Iúdach?#Mait. 27, 11; Marc. 15, 2; Lúc. 23, 3.
34D’fhreagair Íosa: An uait féin a deir tú seo, nó ar innis daoine eile duit é fá dtaoibh díom?
35D’fhreagair Pioláit: An Iúdach mise? Is iad do chmeadh féin agus na h-árdshagairt a thug suas damh-sa thú: cad é tá déanta agat?
36D’fhreagair Íosa: Ní de’n tsaoghal seo mó ríoghacht-sa; dá mba de’n tsaoghal seo mo ríoghacht, is cinnte go ndéanfadh mo sheirbhísigh iarracht chun nach dtabharthaí suas do na h-Iúdaigh mé: acht anois ní as seo mo ríoghacht-sa.
37Dubhairt Pioláit leis, dá bhrígh sin: An rí thú mar sin? D’fhreagair Íosa: Deir tú gur rí mé. Is fá n-a choinne seo a rugadh mé, agus is fá n-a choinne seo a tháinic mé chun an tsaoghail, go dtabharainn fiadhnaise ar son na fírinne: gach aoinneach dá bhfuil ar thaoibh na fírinne, éisteann sé le mo ghuth.
38Deir Pioláit leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair a dubhairt sé sin, chuaidh sé amach arís chuig na h-Iúdaigh, agus deir leo: Ní fhaghaim-se coir ar bith ann.
39Acht tá gnás agaibh go leigfinn duine saor díbh ag an Cháisc: an mian libh, mar sin, go leigfinn saor díbh rí na n-Iúdach?#Mait. 27, 15; Marc. 15, 6; Lúc. 23, 17.
40Ar an adhbhar sin, scairt siad uilig amach arís, ag rádh: Ní h-é seo, acht Barabbas. Agus ba sladaire Barabbas.
Selectat acum:
Eoin 18: ASN1943
Evidențiere
Partajează
Copiază
Dorești să ai evidențierile salvate pe toate dispozitivele? Înscrie-te sau conectează-te
rights held by the Bible Society in Northern Ireland