Eoin 20
20
Caibidil XX
Éirigheann Críost ó na mairbh, agus taisbeánann sé é féin dá dheisciobail.
1Agus an chéad lá de’n tseachtmhain,#Mait. 28, 1; Marc. 16, 1; Lúc. 24, 1. tig Máire Magdailéin chun an tuamba ar maidin, nuair a bhí an dorchadas ann go fóill: agus chonnaic sí an chloch tógtha de’n tuamba.
2Rith sí ar an adhbhar sin, agus tig sí chuig Síomon Peadar, agus chuig an deisciobal eile, a b’ionmhuin le h-Íosa, agus deir sí leo: Thóg siad an Tighearna as an tuamba, agus ní fhuil a fhios againn cár chuir siad é.
3Ar an adhbhar sin, chuaidh Peadar, agus an deisciobal eile sin, amach, agus tháinic siad chun an tuamba.
4Agus rith siad a mbeirt i n-aoinfheacht, agus bhain an deisciobal eile sin bárr reatha de Pheadar, agus tháinic sé ar toiseach go dtí an tuamba.
5Agus nuair a chrom sé, chonnaic sé na línéadaighe ina luighe ann, acht ní dheachaidh sé isteach.
6Tig Síomon Peadar, dá bhrígh sin, ina dhiaidh, agus chuaidh sé isteach san tuamba, agus chonnaic sé na línéadaighe ina luighe ann,
7Agus an t-éadach a bhí ar a chionn, gan é leagtha i dteannta na línéadach, acht cuachta i n-aon áit amháin leis féin.
8Annsin chuaidh an deisciobal sin a tháinich a chéádhradh chun an tuamba isceach fosta: agus chonnaic sé, agus chreid sé:
9Óir níorbh fhios dóibh go fóill an Scrioptúir, gurbh éighean dó éirghe arís ó mharbhaibh.
10Ar an adhbhar sin, d’imthigh na deisciobail abhaile arís.
11Agus bhí Máire ina seasamh amuigh cois an tuamba,#Mait. 28, 1; Marc. 16, 5; Lúc. 24, 4. agh caoineadh: le linn dí a bheith ag gol, dá bhrígh sin, chrom sí í féin, agus d’amharc sí isteach san tuamba:
12Agus chonnaic sí dhá aingeal i n-éadaighe geala ina suidhe, aingeal acu i n-áit an chinn, agus aingeal acu i n-áit na geos, mar a raibh corp Íosa curtha.
13Deir siad léi: A bhean, cad churge a bhfuil tú ag caoineadh? Deir sí leo: De bhrígh gur thóg siad leo mo Thighearna: agus ní fhuil a fhios agam cár chuir siad é.
14Nuair a bhí sin ráidhte aice, thionntuigh sí thart, agus chonnaic sí Íosa ina sheasamh ann: agus ní raibh a fhios aice gurbh é Íosa é.
15Deir Íosa léi: A bhean, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh? Cé tá tú a chuartughadh? Mar gur shíl sí gurbh é an garrdhadóir é, deir sí leis: A dhuine chóir, má’s tusa a thug ar shiubhal é, innis damh cár chuir tú é, agus bhéarfaidh mise liom é.
16Deir Íosa léi: A Mháire. Thionntuigh sise, agus deir leis: Rabboni (is é sin le rádh, a Mháighistir).
17Deir Íosa léi: Ná bain liom, óir ní dheachardh mé suas chuig m’Athair go fóill: acht gabh chuig mo bhráithre, agus abair leo: Tá mé ag dul suas chuig m’Athair-se, agus bur n-Athair-se, mo Dhia-sa agus bhur nDia-sa.
18Tháinic Máire Magdailéin agus d’innis do na deisciobail: Chonnaic mé an Tighearna, agus dubhairt sé na neithe seo liom.
19Dá bhrígh sin, nuair a bhí sé mall an lá úd, an chéad lá de’n tseachtmhain, agus na doirse druidthe#20, 19 Agus na doirse druidthe. An chumhacht chéadna a thug corp Chríost go h-iomlán, ina mhéid go h-iomlán, fríd ha doirse, is féidir dí gan aon amhras an corp céadna sin a chur i Láthair go fíor san tSacramaint ina iomláine: bhíodh nach bhfuil sé ar ár gcumas aon cheann de’n dá mhíorbhail a thuigbheáil., mar a raibh na deisciobail, cruinnighthe le chéile ar eagla roimh na h-Iúdaigh; tháinic Íosa, agus sheasuigh sé ina measc,#Marc. 16, 14; Lúc. 24, 36; 1 Cor. 15, 5. agus dubhairt leo: Síothcháin go raibh agaibh.
20Agus nuair a dubhairt sé seo, thaisbeán sé a lámha agus a thaobh dóibh. Bhí lúthgháir ar na deisciobail, dá bhrígh sin, ar fheiceáil an Tighearna dóibh.
21Mar sin, dubhairt sé leo arís: Síothcháin go raibh agaibh. Mar a chuir an t-Athair mise uaidh, cuirim-se sibh-se uaim mar an gcéadna.
22Nuair a dubhairt sé sin, shéid sé a anál ortha: agus dubhairt sé leo: Gabhaigidh chugaibh an Spiorad Naomh:
23Cibé iad dá maithfidh sibh#20, 23 Cibé iad dá maithfidh sibh, &c. Sin é an t-ughdarás, agus séala fairsing ó neamh air, le n-a dtabhrann na tréadaidhthe i n-Eaglais Chríost maitheamhnas do na peacaigh a thionntuigheas au a leas, agus aithreachas ortha au son a bpeacaidhe. a bpeacaidhe,#Mait. 18, 18. tá siad ar a maitheamh acu: agus cibé iad dá gcongbhóchardh sibh a bpeacaidhe, tá siad congbhuigthe.
24Acht ní raibh Tomás, duine de’n dáréag, dá ngoirtear Didimus, ina gcuideachta nuair a tháinic Íosa.
25Dá bhrígh sin, dubhairt na deisciobail eile leis: Chonnacamar an Tighearna. Acht dubhairt seisean leo: Muna bhfeicidh mé lorg na dtáirngí ina lámha, agus mo mhéar a chur isteach i n-áit na dtáirngí, agus mo lámh a chur isteach ina thaoibh, ní chreidfidh mé.
26Agus i gcionn ocht lá, bhí na deisciobail istigh arís: agus Tomás ina gcuideachta. Tháinic Íosa, agus na doirse druidthe, agus sheasuigh sé ina measc, agus dubhairt: Síothcháin go raibh agaibh.
27Annsin deir sé le Tomás: Cuir do mhéar isteach annseo, agus breathnuigh mo lámha, agus sín anall do lámh annseo, agus cuir isteach i mo thaoibh í: agus ná bí míchreidmheach, acht creidmheach.
28D’fhreagair Tomás, agus dubhairt leis: Mo Thighearna, agus mo Dhia.
29Dubhairt Íosa leis: De bhrígh go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú: is beannuighthe iad sin nach bhfaca, agus a chreid.
30Is iomdha míorbhail eile leoga a rinne Íosa i bhfiadhnaisé a dheisciobal, nach bhfuil scríobhtha san leabhar seo.
31Acht tá na neithe seo scríobhtha, chun go gcreididh sibh gurab é Íosa an Críost, Mac Dé: agus tré chreidbheáil, go raibh beatha agaibh ina ainm.
Selectat acum:
Eoin 20: ASN1943
Evidențiere
Partajează
Copiază
Dorești să ai evidențierile salvate pe toate dispozitivele? Înscrie-te sau conectează-te
rights held by the Bible Society in Northern Ireland