Na Sailm 2

2
Salm 2.
Quare fremuerunt gentes?
1Cad ċuige a ḃfuil an fraoċ niṁe seo ar na náisiúin i gcuideaċta a ċéile: cad ċuige a ḃfuil na ciníoċa ag beartú baoise?
2Éiríonn ríṫe an talaiṁ, agus cuireann na taoisiġ a gcoṁairle le ċéile: in aġaiḋ an Tiarna agus in aġaiḋ a ungṫaiġ, agus iad á rá,
3Brisimis a ngeiṁle ó ċéile: agus caiṫimis a gcuiḃreaċa uainn.
4Déanfaiḋ an té a ṡuíos ar neaṁ gáire magúil fúṫu: beiḋ an Tiarna ag fonóid fúṫu.
5Laḃróiḋ sé leo ansin agus fíoċ air: buairfiḋ sé iad agus é faoi ṁórḟearg.
6Oirníoḋ rí liom féin: ar mo ṡliaḃ naofa, ar ṡliaḃ Síóin.
7Fógróiḋ mé an Aiṫne: is é dúirt an Tiarna liom, is Tú mo ṁac, inniu a ġin mé tú.
8Iarr orm, agus taḃarfaiḋ mé na náisiúin mar oiḋreaċt duit: agus críoċa ciana an talaiṁ duit mar ṡeilḃ.
9Brúfaiḋ tú iad le slat iarainn: brisfiḋ tú i mbloġanna iad mar ṡoiṫeaċ cré.
10Bíoḋ ciall agaiḃ mar sin, a ríṫe: bíoḋ coṁairle oraiḃ, a ḃfuil in ḃur mbreiṫiúna ar an talaṁ.
11Déanaigí seirḃís don Tiarna le heagla: bíoḋ lúċáir oraiḃ le hurraim roiṁe.
12Pógaigí an mac, ar eagla go mbeaḋ fearg air, agus go raċaḋ siḃ ón slí ċeart agus ċun scriosa, má lastar a ḟearg dá laġad: is beannaiṫe an dream a ċuireas a ndóċas ann.

Выбрано:

Na Sailm 2: OC1965G

Выделить

Поделиться

Копировать

None

Хотите, чтобы то, что вы выделили, сохранялось на всех ваших устройствах? Зарегистрируйтесь или авторизуйтесь

YouVersion использует файлы cookie, чтобы персонализировать ваше использование приложения. Используя наш веб-сайт, вы принимаете использование нами файлов cookie, как описано в нашей Политике конфиденциальности