Mufananidzo weYouVersion
Mucherechedzo Wekutsvaka

Psalm 8

8
VIII Psalm.
1Iehobha Dhé, cia mórdha h’ainm,
Air feadh gach uile thír!
Do ghlóir do shocruigh tu os cionn
Na bhflaithis a’s na spéir.
2As beul na náoidh ’sna cciochrán máoth,
’Bhrigh d’eascar dorduigh’s neart,
An namhuid uile coisgidh tú,
San dioghaltoir micheart.
3Do spéuruidhe trath thug me fa ndear,
Obair do mheura féin;
An ghealach a’s na réulta glan,
D’orduigh tu iad le chéil.
4Creud an duine fa ccuimhnighior air,
No ’mhach go fiosrach leat,
5An inbhe, a’s beag nach rinn tu,
Mar aingle ard a neart!
Do chuir tu coróin áluinn air,
Le maise ’s glóir thar chach,
6Air oibribh fós do lámh air fad
Thug uachdara’cht go brách.
Gach dúil do chuir fa chosuibh dho,
Do chruthuigh tusa ’riamh:
7Cáorrigh a’s daimh, ’sgach ainmhidhe fós,
’Ta ’g imtheachd air an tsliabh.
8Na heanluith ta san aedhear shuas,
An tiasg ata ’sa ccuan,
’Sgach nidh shiúbhlas air thonnuibh fós,
Sin, thug tu dhó go buan.
9A Dhia ar dTighearna ’s ar dTria
T’ainmse nach uasal é?
Air feadh gach talamh a’s gach tír.
Is mórdha súd a Dhé.

Zvasarudzwa nguva ino

Psalm 8: PSA1836

Sarudza vhesi

Pakurirana nevamwe

Sarudza zvinyorwa izvi

None

Unoda kuti zviratidziro zvako zvichengetedzwe pamidziyo yako yose? Nyoresa kana kuti pinda