Na Sailm 1

1
Salm 1.
Beatus vir, qui non abiit.
1Is beannaithe an fear nár shiúil ar chomhairle lucht an oilc, agus nár sheas i slí na bpeacach: nár shuigh i gcathaoir na dtarcaisneoirí.
2Ach is é dlí an Tiarna a aoibhneas: agus beidh sé ag meabhrú ar a dhlí lá agus oíche.
3Agus beidh sé mar chrann atá curtha ar bhruach an uisce: a thabharfaidh a thoradh go tráthúil.
4Ní chríonfaidh a dhuilleog: agus féach, níl ní dá ndéanfaidh sé nach mbeidh rath air.
5Ach i dtaobh lucht an oilc, ní hamhlaidh dóibh: bíonn siadsan mar an gcáith, a bhíonn á scaipeadh ag an ngaoth de dhroim an talaimh.
6Dá bhrí sin ní fhéadfaidh lucht an oilc seasamh sa bhreithiúnas: ná na peacaigh i gcomhthionól na bhfíréan.
7Ach is aithnid don Tiarna slí na bhfíréan: agus rachaidh a slí amú ar lucht an oilc.

தற்சமயம் தேர்ந்தெடுக்கப்பட்டது:

Na Sailm 1: OC1965

சிறப்புக்கூறு

பகிர்

நகல்

None

உங்கள் எல்லா சாதனங்களிலும் உங்கள் சிறப்பம்சங்கள் சேமிக்கப்பட வேண்டுமா? பதிவு செய்யவும் அல்லது உள்நுழையவும்