Logo ng YouVersion
Hanapin ang Icon

Na Sailm 20

20
Salm 20.
Exaudiat te Dominus.
1Go dtuga an Tiarna cluas duit i lá an bhuartha: go raibh Ainm Dé Iácóib do do chosaint;
2Go gcuire sé cabhair chugat as an Sanctóir: agus go neartaí sé leat as Síón;
3Go mba chuimhneach leis do thoirbhirtí uile: agus go nglaca sé le dʼíobairt loiscthe.
4Go dtuga sé mian do chroí duit: agus go gcomhlíona sé a bhfuil i dʼintinn.
5Cuirfidh do shlánú lúcháir orainn, agus beimid ag maíomh as Ainm ár dTiarna Dia: go gcomhlíona an Tiarna gach achainí dar chuir tú air.
6Tá a fhios agam anois, go gcuidíonn an Tiarna lena ungthach, agus go n‑éistfidh sé leis óna neamha naofa: le slán‑neart a láimhe deise.
7Cuireann drong a ndóchas i gcarbaid, agus drong eile a ndóchas in eachraí: cuimhneoimidne ar Ainm ár dTiarna Dia.
8Tugtar anuas iad agus titeann siad: ach ardaítear sinne, agus fanaimid inár seasamh.
9Saor, a Thiarna, agus éist linn a Rí neimhe: nuair a ghlaoimid ort.

Kasalukuyang Napili:

Na Sailm 20: OC1965

Haylayt

Kopyahin

Paghambingin

Ibahagi

None

Gusto mo bang ma-save ang iyong mga hinaylayt sa lahat ng iyong device? Mag-sign up o mag-sign in