Biểu trưng YouVersion
Biểu tượng Tìm kiếm

Na Sailm 10

10
Salm 10.
Ut quid. Domine?
1Cad ċuige a seasann tú i ḃfad uainn, a Ṫiarna: cad ċuige a gceileann tú do ġnúis in am an riaċtanais agus an ḃuarṫa?
2Cuireann luċt an oilc géarleanúint ar na boċta mar is mian leo: ceaptar iad sa ḃfeallḃeart a ċumadar.
3Óir ċuaiġ an droċḋuine ag maíoṁ as mian a ċroí: agus molann sé an duine santaċ, a mbíonn fuaṫ ag Dia air.
4Bíonn an droċḋuine ċoṁ huaiḃreaċ sin, naċ mbíonn aird aige ar Ḋia: níl aon smaoineaṁ ar Ḋia ina ċeann.
5Is niṁneaċ de ṡíor a ṡlite: bíonn do ḃreiṫiúnas i ḃfad as aṁarc os a ċionn, agus dá ḃrí sin cuireann sé dúṡlán a naiṁde.
6Óir dúirt sé ina intinn féin, Is cuma liom, ní ċuirfear de mo ċosa mé ċoíċe: ní ḃeiḋ caill ar biṫ orm.
7Bíonn a ḃéal lán de ṁallaċtaí, de ḃréaga agus de ṁealltóireaċt: bíonn an éagráifeaċt agus an díoṁaointeas faoina ṫeanga.
8Suíonn sé i ḃfolaċ mar ġadaí i gcúil na sráideanna: agus dúnṁaraíonn an neaṁċiontaċ os íseal ina ċró ḟolaiṫe; bíonn sé ag faire na faille ar an mboċtán.
9Óir fanann sé i luíoċán, fanann sé faoi ċeilt mar leon ina uaiṁ: go gcreaċa sé an duine boċt.
10Cuireann sé an ċreaċ ar an duine boċt: nuair a ġaḃann sé ina líon é.
11Caiṫeann sé é féin síos, agus uṁlaíonn sé é féin: go dtite slua na mboċt i láṁa a ċeannurraí.
12Dúirt sé ina intinn féin, Is cuma, rinne Dia dearmad air: tá sé ag folaċ a ġnúise, agus ní ḟeicfiḋ sé ċoíċe é.
13Éiriġ, a Ṫiarna Dia, tóg do láṁ: nárḃ iad do ḋearmad iad na boċta.
14Cad ċuige a gcuirfeaḋ an droċḋuine masla ar Ḋia: agus é á rá ina intinn féin, Is cuma liom, is cuma leat a Ḋia ina ṫaoḃ.
15Naċ cinnte go ḃfaca tú é: de ḃrí go n‑aṁarcann tú ar an éagóir agus ar an diansmaċt;
16Ionas go nglacfá an ċúis idir láṁa: cuireann an boċtán é féin ar do ċoimirce; ós tú cúntóir an té atá gan ċara.
17Bris cuṁaċt luċt an oilc agus an droċ‑ċroí: bíoḋ a n‑urċóid á scrúdú agat, go naċ raiḃ fuílleaċ ann.
18Is é an Tiarna is Rí go saol na saol: agus dʼéag na págánaiġ as an tír.
19A Ṫiarna, ċuala tú aċainíoċa na mboċt: tógann tú a gcroí, agus tugann tú cluas dóiḃ.
20Lena gceart a ṫaḃairt don dílleaċta agus don dearóil: ionas naċ n‑éireoḋ an duine talṁaí ina n‑éadan.

Tô màu

Chia sẻ

Sao chép

None

Bạn muốn lưu những tô màu trên tất cả các thiết bị của mình? Đăng ký hoặc đăng nhập